Plé úsáideora:Marcas.oduinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Fáilte[athraigh foinse]

Dia dhuit, a Mharcas.oduinn! Tá fáilte romhat chuig an Vicipéid! GRMA as do chuid iarrachtaí anseo ar Vicipéid agus tá súil againn go mbeidh níos mó uait le teacht! Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh agus spórt as do chuid ama anseo! Tá sé éasca ailt nua a chruthú,agus tá bosca gainimh ag barr an leathanaigh seo le cuidiú leat é sin a dhéanamh. Thig leat dul go dtí an Halla Baile chun caint leis na Vicipéideoirí eile (más mian leat é sin a dhéanamh), nó dul go dtí an Lárionad Comhphobail chun breathnú ar na heachtraí Vicipéide is déanaí. Tá breis eolais fóintigh in ár reamhrá, freisin.

Más é do thoil é, sínigh do chuid theachtaireachtaí ar leathanaigh phlé le ceithre thilde a chlóscríobh; ciallaíonn sé sin go hionsáfar d'ainm úsáideora agus an dáta go huathoibríoch. Má tá cabhair ag teastail uait, féach ar Vicipéid:Cabhair, nó cuir ceist ormsa nó ar na heagarthóirí eile ar ár leathanaigh phlé. Beir bua! SeoMac (plé) 17:23, 6 Meán Fómhair 2018 (UTC)

Naoise[athraigh foinse]

Beidh orm d'alt faoi Naoi a scriosadh, ar an drochuair. Tá alt ann cheana faoin ábhar: Naoi (fáidh). Go raibh maith agat as do chuid oibre, áfach. Chuir mé an t-eolas nua a bhí agat ar leathanach phlé an ailt ionas nach mbeidh sé caillte. SeoMac (plé) 17:23, 6 Meán Fómhair 2018 (UTC)

+Ach ní hionann Naoi (fáidh) an tSean-Tiomna (Noah) agus Naoise na Rúraíochta, an ea, cinnte, dáiríre píre? Marcas.oduinn (plé) 20:03, 6 Meán Fómhair 2018 (UTC)

Aha! Tá an ceart agat! Bhí a laghad sin san alt nár thuig mé é sin! GRMA as sin a dhéanamh soiléir. Cuir leis an alt agus fáilte. SeoMac (plé) 21:44, 6 Meán Fómhair 2018 (UTC)
...agus fáilte romhat, leis. Táim ag súil go mór le halt nó dhó a chuir isteach. Tá a lán déanta agam anseo is ansiúd, ach bíonn sé an-chiúin thall. Cé mhéad duine atá gníomhach anseo? Marcas.oduinn (plé) 07:13, 7 Meán Fómhair 2018 (UTC)
Tá sé ciúin anseo ar na mallaibh. An Sathairn seo caite ní raibh ach 6 athrú curtha i gcrích ar an Vicipéid! De ghnáth, bíonn athruithe nó "iarrachtaí" déanta anseo ag 60 go 70 úsáideoir sa mhí, ach ní hionann sin agus 60-70 duine dearfacha difriúla a bhfuil Gaeilge réasúnta maith acu. Má dhéanaim dearmad logáil isteach, ceapann an córas seo ag Wikimedia go ndearna beirt athruithe ar ailt. Tagann beirt nó triúr loitiméirí chugainn, go mór mhór sa bhliain scoile. Déanann úsáideoirí gan Ghaeilge chugainn. Cuidíonn siad an chuid is mó den am - Tá cuid díobh sách tábhachtach (daoine ón Small Wikis Team, mar shampla). Tá b'fhéidir seisear atá ag obair anseo go rialta faoi láthair: Mise, Dmd3music, Dowlinme, Chaco, Eiriugena, Eomurchadh srl. Cupla scríbhneoir maithe a thagann isteach go rialta gach mí nó dhó ná Panu Höglund agus Colin Ryan. Deir Jimmy Wales go mbíonn cúigear eagarthóirí rialta ag teastáil chun Vicipéid a choinneáil beo i dteanga. Tá sé sin againn uaireanta, ach cinnte go bhfuil a lán cúnaimh ag teastáil uainn go fóill. Go raibh maith agat as an obair a dhéanann tú féin. SeoMac (plé) 05:01, 13 Meán Fómhair 2018 (UTC)
1) Go han-mhaith... Ní fheicim Eiriugena, EomurchadhPanu (Gaeilgeoir den scoth é siúd... agus é Fionlannach!). 2) Ní thuigim "Má dhéanaim dearmad logáil isteach, ceapann an córas seo ag Wikimedia go ndearna beirt athruithe ar ailt". 3) ag tnúth le bheith ag scríobh anseo, agus béim agam ar An Rúraíocht.

Cén litriú, Sean nó Nua? "Mac" nó "mac"?[athraigh foinse]

OarS (obair ar siúl): tuilleadh nótaí le teacht!

Is léir dom go bhfuil neamh-chomhsheasmhacht ann i litirú na n-ainmneacha sa Teimpléad:An Rúraíocht, m.s.

  • Sean- nó Nua-Chaeilge
    • Tá nualitriú ann do "Conchúr, Méabh, Lú, srl."
    • Tá seanlitriú ann do"Ferdiad, Lóegaire Búadach, Fergus mac Róich, srl.
    • Conchobar nó Conchúr; Medb nó Meadhbh nó Méabh; Emer nó Eimear nó Éimhear; srl.
  • mac (Sean?) nó Mac (Nua?)
  • Fergus mac Rch luaite sa Teimpléad (ói?)

Feicim ar en.wikipedia.org (m.s. Irish mythology (Ulster) template) go bhfuil gach ainm luaite sa tSeanGhaeilge.

Marcas.oduinn (plé) 08:59, 12 Meán Fómhair 2018 (UTC)

Sualdamh Mac Róich[athraigh foinse]

Chuir mé beagán leis an alt sin Sualdamh Mac Róich agus chuir mé nasc ann. Bhí sé ró-lom mar a bhí sé. GRMA as do chuid oibre! SeoMac (plé) 15:55, 18 Meán Fómhair 2018 (UTC)

GRMAsa, a SheoMac. Tá cúpla leathanach ann atá ró-lom, nach bhfuil an ach ainm, m.s. Deichtine. Tá an téacs ó en.wikipedia.org curtha ann agam ámh, "commented out", agus tá sé ar intinn agam iad a aistriú de réir a chéile, abairt nó dhó gach lá ar an Luas abhaile! Marcas (plé) 16:30, 18 Meán Fómhair 2018 (UTC)
An-mhaith ar fad! SeoMac (plé) 19:44, 18 Meán Fómhair 2018 (UTC)

Béarla[athraigh foinse]

Hi. Please don't create any more articles in English. If it is not your intention to "go back" and translate the ones you have already created, then I will delete them. If it is your intention to continue to create articles in English, with the expectation that someone else will translate them, then that is of zero value to the project. And, rather, is detrimental to it. GRMA. Guliolopez (plé) 01:51, 31 Márta 2019 (UTC)

Hi there, you have no need to worry. The answer is that I fully intend to translate the pages I have copied from en.wiki, and sometimes from de.wiki. If you look at my user page, you will see a record of my work over the past year. With reference for example to Teimpléad:An Rúraíocht (which it would seem was created from en.wiki by Úsáideoir:Antóin in 2010), I would say that it was about 90% red links when I started; now, I have only 12... no wait, 11... I'm working on Boand this very minute... to go on that one. My modus operandi is to create the page, do some basic initial translation and categorisation, and put the foreign language in italics. From past experience, I find that if I put things in a sand box for translation, then that's where they'll stay, unpublished. Under my Úsáideoir:Marcas.oduinn#Tionscadal, "céim 2, cuir le roinnt leathnach", I'm keeping track of the pages I'm working on at present. You'll see that the focus there is on the early settlers, Cessair, Partholón etc. I hope all this will allay any and all of your concerns. Marcas (plé) 07:19, 31 Márta 2019 (UTC)