Liam Ó Floinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba ar an 7 Bealtaine 1945 i gCill, Co Chill Dara, Éire, a rugadh an t-oirfideach cáiliúil Liam Ó Floinn. Tá ardmheas air i saol an cheoil, ní hamháin ina thír dhúchais féin ach ar fud dhomhan an cheoil.[fíoras?] Is iomaí ceolchoirm agus taifeadadh atá déanta ag an mháistirphíobaire uilleann seo le popréaltaí agus le rac-réaltaí (ar nós Mark Knopfler, Kate Bush, Enya, Sinéad O’Connor, Mary Black, Afro Celt Sound System, Van Morrison, The Everly Brothers, John Cage, Nigel Kennedy srl), le ceolfhoirne (saothair Shaun Davey ach go háirithe ach go leor eile chomh maith ar nós Proms na BBC) agus fiú amháin leis an bhfile Éireannach Seamus Heaney, buaiteoir Dhuais Nobel don Litríocht sa bhliain 1995. Ach in ainneoin na ngaiscí seo uilig is mar cheoltóir an-ábalta traidisiúnta is mó atá meas ag an phobal ar Liam Óg Ó Floinn agus sa bhliain 2007, an deichiú bliain den scéim gradam náisiúnta áitithe seo, bronnadh Gradam Ceoil TG4 air.

A chúlra ceoil[athraigh | edit source]

Agus é fós sa chliabhán bhí an Floinneach ar maos sa cheol traidisiúnta. Amhránaí agus múinteoir pianó í a mháthair ó Chontae an Chláir a raibh féith an cheoil inti ó dhúchas. Máistir scoile agus fidléir é a athair. Ba mhinic seisiúin cheoil sa teach acu agus é óg, agus leithéidí Junior Crehan agus cara a athar, an Sáirsint Tom Armstrong, píobaire, ag tarraingt orthu. Tháinig Liam faoi dhraíocht na bpíob láithreach. Dálta go leor eile, thosaigh sé amach ar an fheadóg stáin agus chaith sé seal chomh maith ag streachailt leis an fhidil sular aimsigh sé a ghairm ar an phíb uilleann. Gan ach bliain déag slánaithe aige bhí an Floinneach óg ag freastal ar mháistir-ranganna leis an phíobaire cáiliúil ó Áth Cliath, Leo Rowsome. Níorbh fhada gur chuir sé aithne ar bheirt eile de laochra móra na bpíob uillinn, mar a bhí Séamus Ennis agus Willie Clancy. Triúr iad seo a chinntigh gur tháinig an uirlis chasta éachtach seo slán ón bhás a síleadh a bheith i ndán di i lár an chéid seo caite. Mar theist ar an mheas a bhí aige ar an phíobaire nua tréitheach a bhí tagtha ina measc, sula bhfuair Ennis bás i 1982 bhronn sé a uirlis féin ar Liam Óg a bhí mar dhlúthchara aige fán am sin. Ní nach ionadh a tugtar “Rí na bPíobairí” air inniu.

Bunú Planxty[athraigh | edit source]

Agus é ina dhéagóir ba ghnách le Liam bualadh isteach go seisiúin cheoil ag teach leanna mhuintir Dowling sa Chorrchoill (Prosperous), sráidbhaile beag ciúin i gContae Chill Dara, áit ar casadh Donal Lunny, Andy Irvine agus Christy Moore air. (Thart fán am céanna seo, na seascaidí, a bhuaigh sé duaiseanna suntasacha as a thallann ceoil ag Oireachtas na Gaeilge agus ag Fleadh Cheoil na hÉireann.) Ba leis an triúr seo a bhunaigh sé an t-ollghrúpa Planxty ag tús na seachtóidí. Grúpa é seo a chuir borradh nua-aoiseach agus cor úr i scéal cheol traidisiúnta na hÉireann agus a thóg go hardáin eile thar sáile é. Maireann a thionchar inniu féin agus níl port Planxty seinnte go fóill.

Ag seinm ar fud an domhain[athraigh | edit source]

Ó shin i leith tá an domhan uilig siúlta ag an Fhloinneach, agus is aoibhinn leis a uirlis shainiúil féin a thabhairt os comhair phobail cheithre hairde na cruinne. Tá seinnte aige ar na hardáin mhóra go léir – An Barbican Centre agus an Royal Albert Hall i Londain Shasana, an Lincoln Centre i Nua Eabhrac Mheiriceá, Stade de France i bPáras na Fraince (i gcomhpháirt le Féile Idircheilteach Lorient) gan ach cuid acu a lua.

Chomh maith leis sin is breá leis a uirlis a chur ag treabhadh in iomairí nua ceoil, rud atá cruthaithe go héifeachtach aige le ceoltóirí ó chúlraí éagsúla ceoil le dhá scór bliain anuas. I Meitheamh na bliana 2003 tugadh cuireadh dó píosa a chum Shaun Davey mar rosc-amhrán na gCluichí Speisialta Oilimpeacha a sheinm os comhair an domhain mhóir ag Oscailt Oifigiúil na gCluichí i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath, Éire. Ba é sin an ócáid spóirt ba mhó ar domhan an bhliain sin.

Ina theannta sin, tá iarrtha air go minic ceol nua a chumadh d’ócaidí móra i scéal mhuintir na hÉireann agus i Samhain na bliana 1997 sheinn sé píosa acu seo, “An Droichead”, ag insealbhú Mháire Mhic Ghiolla Íosa mar ochtú Uachtarán na hÉireann. Léiríonn an saothar seo an bua atá ann cumadóireacht úrnua a dhéanamh taobh istigh de mhúnlaí an cheoil thraidisiúnta.

Arís, i nDeireadh Fómhair na bliana 2002, chuir sé a chéad ollphíosa ceoil do phíobaire aonair, “Endurance”, os comhair an phobail den chéad uair. Ba é Ionad Oidhreachta Átha Í i gContae Chill Dara, Éire, a choimisiúnaigh an saothar seo air in ómós Ernest Shackleton, taiscéalaí cáiliúil molach agus Cill Darach eile. In ainneoin go bhfuil éileamh ag lucht déanta scannán ar a chuid ceoil (“Cal”, “The Field”, “Roses From Dublin”, “A River Runs Through It”, “Kidnapped” srl) agus ag cumadóirí clúiteacha eile ar nós John Williams, Mike Oldfield nó Shaun Davey, níor thréig sé na foinsí riamh as ar bhlais sé an ceol an chéad lá. Is fíor freisin gur duine séimh, cúthail neamhphostúil atá ann i gcónaí.

Taifeadtaí[athraigh | edit source]

Tá os cionn leathchéad taifeadadh déanta ag Liam Óg Ó Floinn agus téann sé ar camchuairt go rialta fós. Tá a bhanna féin aige, The Piper’s Call Band (leis an ghiotáraí clúiteach Arty McGlynn agus an seinnteoir cnaguirlisí Liam Bradley – agus is minic aíonna speisialta ag seinm leo chomh maith). Tagann siad seo le chéile ó am go ham le taispeántas fíorshnasta a chur i láthair agus déanann sé corrchoirm cheoil le Planxty fós. Agus is méanar don té a fhaigheann an deis a bheith i láthair agus Liam Óg Ó Floinn ag seinm leis na grúpaí seo, le ceolfhoirne an domhain nó ina aonar fiú. Mar, le binneas, le glaineacht agus le draíocht a chuid seanma mheallfadh sé an eala ón chuain is an chaora óna huain.