Donal Lunny

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDonal Lunny

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith10 Márta 1947
77 bliana d'aois
Tulach Mhór, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste an Droichid Nua
An Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcumadóir, giotáraí, léiritheoir ceirníní, feidhmiúchán ceoil, ceoltóir, amhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1966 –
Ball de
SeánraCeol traidisiúnta na hÉireann
TeangachaBéarla
UirlisGiotár
Teaghlach
PáirtíSinéad O'Connor Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteShane O'Connor Lunny Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0526779 Youtube: UCJ_hMvnqQfYX0Tzfbmh8mfQ Spotify: 0woo27tBjj7xCWTRTKOPCh Musicbrainz: 9296618d-e67c-4cff-bcc9-82d3503a8e1b Songkick: 428075 Discogs: 255429 Allmusic: mn0000183699 Cuir in eagar ar Wikidata

Ceoltóir Éireannach é Donal Lunny, a saolaíodh ar an 10 Márta, 1947 agus a tógadh sa Droichead Nua i gCill Dara. Tá go leor ceoltóirí faoi chomaoin mhór aige de bharr a ndearna sé chun a gcuid ceoil a chur os comhair an tsaoil mhóir.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Lunny spéis sa cheol ó bhí sé an-óg, agus bhunaigh sé The Rakes of Kildare lena chara Christy Moore agus Frank Moore, deartháir Christy. Sheinn Donal an giotár, bhí Christy ag canadh agus sheinn Frank an fheadóg stáin. Tamall ina dhiaidh sin chuaigh Lunny leis an ngrúpa Emmett Spiceland. Thug Andy Irvine bouzouki1970 agus spreagadh é chun triail a bhaint as bealaí úra chun ceol Gaelach a sheinm.

Chruthaigh sé a stíl cheoil féin. Ó shin i leith bhí baint aige le cuid mhór de na grúpaí agus na ceoltóirí is cáiliúla in Éirinn.

Sheinn Lunny le Christy Moore ar Prosperous, 1971.

Tamall ina dhiaidh sin, cuireadh an grúpa Planxty le chéile, le Donal Lunny, Christy Moore, agus Liam Óg Ó Floinn. Bhí an-cháil ar an ngrúpa ar feadh na mblianta agus mheall siad na sluaite chun an cheoil in Éirinn agus thar lear. Ach níor aontaigh baill an ghrúpa le chéile agus d'fhág Lunny, cé go raibh baint aige le léiriú a gcuid ceirníní go fóill.

Donal Lunny, Andy Irvine, Liam O'Flynn, agus Paddy Glackin, Celtic Connections, Glaschú, 31 Eanáir 2012

Tháinig grúpa ceoltóirí le chéile i 1975 chun comóradh 21 bliain a dhéanamh ar Cheirníní Ghael Linn, seachtar de na ceoltóirí is fearr sa tír ag an am. Tugadh an Bothy Band orthu agus chuaigh a gcáil ar fud an domhain. Bhunaigh Lunny lipéad ar leith chun ceirníní an ghrúpa seo a eisiúint, Mulligan, agus bhí bouzouki Lunny le cloisteáil go binn orthu.

Ansin thosaigh Lunny ag seinm le Kevin Burke i Midnight Well. Ó 1977 i leith, bhí sé páirteach le go leor grúpaí agus ceoltóirí aonair eile. Bhí a thionchar le aithint ar na ceirníní iomadúla a léirigh sé ar feadh na mblianta.

Tháinig deireadh leis an Bothy Band sa bhliain 1979. Ach ansin tháinig Planxty le chéile arís agus rinneadh trí cheirnín eile (ina measc, ceirnín speisialta chun cabhair a thabhairt do na stailceoirí ocrais i 1980/1981).

Dónal Lunny, 2012 Bristol Folk Festival

Scar Christy agus Donal le chéile arís agus bhunaigh Lunny Moving Hearts (1981-1985), grúpa eile a raibh an-cháil air agus an-tionchar aige ar fhorbairt an cheoil in Éirinn. Bhain níos mó polaitíochta le hamhráin an ghrúpa seo, agus bhí tionchar láidir ag an gceol comhaimseartha rac ar a chuid ceoil.

Ó 1985 i leith, dhírigh Lunny ar a chuid oibre mar léiritheoir. Bhí Christy Moore féin, Clannad, Planxty, Altan agus mórán ealaíontóirí traidisiúnta eile faoi chomaoin mhór aige de bharr a ndearna sé chun a gcuid ceoil a chur os comhair an tsaoil mhóir.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Clár ó TG4

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]