Enya
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Enya | |
|---|---|
| Bunús | {{{bunús}}} |
| Tír | Éire |
| Gníomhach | 1986 – anois |
| Seánra(í) | Ceol Nua Aoise Ceol Cheilteach |
| Lipéad/lipéid | Warner Music |
| Baill | {{{baill_reatha}}} |
| Iar-bhaill | {{{iar-bhaill}}} |
| Suíomh Gréasáin/ suímh Ghréasáin |
Suíomh oifigiúil |
Is ceoltóir as Gaoth Dobhair, Tír Chonaill í Eithne Pádraigín Ní Bhraonáin nó Enya (rugadh 17 Bealtaine 1961). Ba as Gaoth Dobhair agus Contae Shligigh dá muintir. Bhí clú agus cáil ar bhaill eile den teaghlach agus iad sa ghrúpa Clannad. Chaith Enya seal gearr ina ball den ghrúpa, agus bhí an-chion ag an lucht éisteachta uirthi i gcoirmeacha ceoil, agus chuaigh sí leo ar chúpla camchuairt san Eoraip. D'éirigh sí Clannad chun gairm a dhéanamh di féin san amhránaíocht chlasaiceach.
Bhí sí líofa sa Ghaeilge mar gur tógadh i nGaeltacht Dhún na nGall í. D'aistrigh sí go Baile Átha Cliath de bharr easpa áiseanna ina ceantar dúchais. Tá sí ina cónaí faoi láthair i gcaisleán i gCill Iníon Léinín ar an dtaobh ó dheas den chathair. Tá ceithre dhuais Grammy bainte ag Enya, níos mó ná ceoltóir aonar ar bith eile as Éirinn.
Ar an drochuair, chaill Enya an mhórchuid dá gcuid Gaeilge agus í ina cónaí ar shiúil ó bhaile. Bíonn sí ag obair le Nicky Ryan agus an scríbhneoir amhrán Roma Ryan. Bhí Nicky ina bhainisteoir ar Chlannad sular chaill sé a phost i ndiaidh troid a thoiseacht, mar adúirt sé féin ar Good Morning America, seans mhór faoi thaisme.
I 2005 tháinig albam úr de chuid Enya amach, Amarantine. Albam den chéad scoth a bhí ann, agus díoladh 7 milliún cóip de. Tá sí anois ag obair ar chéirnín úr Nollag a bheidh sna siopaí níos moille i mbliana.
[athraigh] Dioscaliosta
[athraigh] Albaim
- The Frog Prince (1985) - an chéad diosca ag Eithne ina haonar.
- Enya (1987) - ceol ón tsraith faisnéise The Celts ón BBC.
- Watermark (1988) - An chéad rath domhanda le hamhráin cáiliúla ar nós Cursum perficio agus Storms in Africa.
- Shepherd Moons (1991)
- The Celts (1992, atheagrán Enya)
- The Memory of Trees (1995)
- Paint The Sky With Stars: The Best Of Enya (1997) - bailiúchán le dhá amhrán nua.
- A Day Without Rain (2000)
- Lord of the Rings (2001) - ceol ón scannán leis an ainm céanna.
- Amarantine (2005) an t-albam is déanaí uaithi. Tá trí amhrán ar na diosca seo i dteanga a chum an liriceoir Roma Ryan, an loxian. Níl aon amhrán as Laidin ná as Gaeilge, ach ceann amháin as Seapáinis, Sumiregusa.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.

