An difríocht idir athruithe ar: "An Grianchóras"
m r2.7.1) (róbat ag mionathrú: war:Adlawnon nga Sistema |
m r2.7.3) (róbat ag mionathrú: fa:منظومه شمسی |
||
Líne 93: | Líne 93: | ||
[[eu:Eguzki-sistema]] |
[[eu:Eguzki-sistema]] |
||
[[ext:Sistema Solal]] |
[[ext:Sistema Solal]] |
||
[[fa: |
[[fa:منظومه شمسی]] |
||
[[ff:Njuɓɓudi naangeyankoori]] |
[[ff:Njuɓɓudi naangeyankoori]] |
||
[[fi:Aurinkokunta]] |
[[fi:Aurinkokunta]] |
Leagan ó 16:26, 29 Bealtaine 2012
Is é is grianchóras ann ná an Ghrian agus na réadanna réalteolaíocha atá faoi thionchar a himtharraingthe, idir phláinéid, a gcuid gealach, abhacphláinéid, agus réadanna eile, ar nós scuabréaltaí, astaróidigh, dreigeoidigh, agus an deannach idirphláinéadach.
Ní thugtar grianchóras ach ar an gcóras timpeall na Gréine. Nuair atáthar ag trácht ar chórais den chineál chéanna atá ag timpeallú na réaltaí eile, is é an córas pláinéadach an téarma ceart.
Is í an Ghrian croílár an ghrianchórais. Ansin atá 99.86 % de mhais an chórais, agus, ní nach ionadh, tá an chuid eile den chóras á stiúradh ag imtharraingt na Gréine. Réalta de chuid an phríomhsheichimh atá ann, agus í ag baint leis an aicme speictreach G2 - is é sin, cineál abhacréalta bhuí atá ann. Faoi bhrú na maise móire, tá dlús an damhna i gcroílár na Gréine chomh mór is go gcoinníonn sé an chomhleá núicléach ag imeacht. An fuinneamh a fhuasclaítear san imoibriú núicléach seo, imíonn an chuid is mó de leis an radaíocht leictreamhaighnéadach, an solas infheicthe san áireamh. An chuid de mhais an Ghrianchórais nach bhfuil comhchruinnithe sa Ghrian féin, tá níos mó ná 90 % de sa dá phláinéad is mó sa chóras, mar atá, Iúpatar, agus Satarn. Creideann a lán saineolaithe inniu go bhfuil scamall sféarúil d'astaróidigh ag timpeallú na Gréine i bhfad amach ó na pláinéid, is é sin, Scamall Oort, agus caithfidh sé go bhfuil céatadán ard de mhais an Ghrianchórais ansin freisin, más ann don scamall sin ar aon nós.
Reanna sa ghrianchóras
Is féidir na reanna sa ghrianchóras a chatagóiriú, ach níl na catagóirí seo ró-shimplí. Úsáidtear na catagóirí seo a leanas sa chiclipéid seo:
- An Ghrian (☉): réalt den aicme speictreach G2, ina bhfuil 99.86% de mais an chórais.
- Na pláinéid:
- Na habhacphláinéid
- Réadanna tras-Neiptiúnacha
...
athraigh An Grianchóras |
---|
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris |
Pláinéid · Abhacphlainéid · Gealacha (Domhanda · Marsacha · Ióbhacha · Satarnacha · Úránasacha · Neiptiúnacha · Plútónacha · Haomaeacha · Eiriosacha)
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR