Comhleá núicléach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Comhleá núicléach

Nuair a nascann dhá núicléas bheaga le chéile chun núicléas níos mó a dhéanamh,sin comhleá núicléach.[1]

Scaoiltear fuinneamh núicléach amach as núicléas nuair a chomhleáitear dhá núicléón nó dhá núicléas bheaga (mar shampla núicléas de dheoitéiriaim is núicléas de thritiam, dhá iseatóp hidrigine) le chéile chun núicléas níos mó a chruthú. Athrú maise chuig fuinneamh is bun leis an gcruthú fuinnimh seo.

Chun comhleá a chur chun cinn, ní mór na núicléis bheaga atá araon luchtaithe go dearfach a bhrú chomh gar sin dá chéile go sáraítear a gcomhéaradh. Imoibriú comhleáite is bun le teas na Gréine is na réaltaí eile, agus an radaíocht go léir a astaíonn siad.

Comhleá núicléach

Cruthaítear teocht ard go leor chun gur féidir an comhleá a dhéanamh i bpléascán núicléach eamhnaithe. Mar sin, sna H-bhuamaí, is amhlaidh a bhíonn pléasc bheag eamhnaithe a chruthaíonn an ardteocht chun pléasc comhleáite a mhadhmadh.

I dtíortha ar fud an domhain, táthar ag iarraidh an t-imoibriú seo a chur ar siúl ar bhonn leanúnach stiúrtha chun an fuinneamh a fháil uaidh agus cumhacht leictreach a ghiniúint uaidh sin.

Príomhalt: Fuinneamh comhleá

Ní théann an t-imoibriú ar aghaidh oiread ar fiú trácht air ach nuair a bhíonn teocht is brú fíorard i bhfeidhm. Níl sé éasca ná saor na coinníollacha seo a chomhlíonadh.

An todchaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dhá phríomh-mhodh atá á bhforbairt is á dtástáilː

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Regan, Dan. "Fisic don Ré Nua". Dáta rochtana: 2020.
  2. Hussey, Matt (2011). "Comhleá núicléach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 166.