Saoirse?

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí ScannáinSaoirse?
Buneolas
StiúrthóirGeorge Morrison Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhcharachtair
ScriptSeán Mac Réamoinn Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: tt1311086 Cuir in eagar ar Wikidata

Scannán faisnéise é Saoirse? a thugann cur síos ar imeachtaí staire na hÉireann sna blianta 1919-1922, idir fhorbairt an náisiúnachais in Éirinn agus mórthubaiste an Chogaidh Chathartha. Tá sé suntasach mar sin go bhfuil comhartha ceiste leis an teideal.[1]

Rinne George Morrison an stiúrthóireacht, agus chum Seán Ó Riada an ceol don scannán. B'iad Pádraig Ó Raghallaigh agus Liam Budhlaeir na tráchtairí. B'é Seán Mac Réamoinn a scríobh téacs na tráchtaireachta. B'é Gael-Linn a léirigh an scannán.

Léiriú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eisíodh an scannán sa bhliain 1961. Bhí glacadh an-mhaith leis ag an am agus chuaigh ceol Sheáin Uí Riada i bhfeidhm go mór ar dhaoine.

Chuaigh Morrison ar lorg ábhar pictiúirí de na daoine a bhí sáite sna himeachtaí seo ina lán cartlanna. D'éirigh leis, mar shampla, an beagán de na pictiúirí beo a bhí tógtha de Thomás Mac Curtáin riamh a shuí sa scannán.

Dáilreadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seán Ó Riada, cumadóir

Rinne Gael Linn athmháistriú ar an scannán féin i gcomhair an DVD sa bhliain 2007. Cuireadh fotheidil Bhéarla leis. Tá an fuaimrian le Seán Ó Riada le fáil ann, in aon bhosca leis an scannán.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Antoine Ó Coileáin (2007). "Saoirse? (DVD/CD SET)" (ga). Gael Linn. Dáta rochtana: 2020-09-30.
  2. "An scannán cáiliúil Saoirse? ar fáil ar DVD anois" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-09-30.