George Morrison
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 3 Samhain 1922 Trá Mhór, Éire |
| Bás | 4 Lúnasa 2025 102 bliana d'aois |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil Leighis, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | stiúrthóir scannán |
| Tréimhse oibre | 1934 – |
| Ball de | |
| Teangacha | Béarla |
| Teaghlach | |
| Céile | Theodora FitzGibbon (1960–) |
Stiúrthóir agus léiritheoir scannáin Éireannach ba ea George Morrison (a rugadh ar an 3 Samhain 1922 i dTrá Mhór, Contae Phort Láirge agus a d'éag ar an 4 Lúnasa 2025).[1] Caomhnóir agus cláraitheoir ab ea Morrison, agus stiúrthóir na scannáin, Mise Éire [2] [3]

Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]I dTrá Mhór i gCo Phort Láirge i 1922 a rugadh George Morrison agus ní raibh sé ach scór bliain d'aois nuair a d'fhéach sé le leagan de Dracula a léiriú don scáileán.
Ní raibh sé in ann a chríochnú, ámh, mar go raibh ábhar scannánaíochta gann ag an am sin de bhíthin an chogaidh.
Níor mhairg ar bith aige an tuisliú beag sin agus chuir sé tús ceart lena ghairm i 1946 nuair a thosaigh sé ag obair do Mhicheál Mac Liammóir agus Hilton Edwards mar leas-stiúrthóir agus eagarthóir.
Mise Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é George Morrison a stiúraigh an scannán staire Mise Éire a chuir Gael Linn amach i 1959 agus ar chum Seán Ó Riada an fuaimrian ceoil lena aghaidh. Bhain Morrisson úsáid as nuachtríleanna agus ábhar cartlainne eile chun stair na tíre ó chasadh an 20ú céad go dtí aimsir Éirí Amach na Cásca a rianú. A bhuíochas dá chuid oibre tá fáil againn ar íomhánna a bheadh caillte murach é.[4] D'éirigh leis, mar shampla, an beagán de na pictiúir beo a bhí tógtha de Thomás Ó Cléirigh a shábháil.[4]
Bhí glacadh an-mhaith leis ag an am agus chuaigh ceol Sheáin Uí Riada i bhfeidhm go mór ar dhaoine. Chuaigh Morrison ar lorg ábhar pictiúir de na daoine a bhí sáite ina lán cartlanna. Ba é Mise Éire an chéad fhadscannán trí mheán na Gaeilge a eisíodh riamh. D'íoc Gael Linn £375 dó (suim shuntasach airgid ag an am) ach ní bhfuair Morrison dleachtanna as níos déanaí.
Ba é Saoirse? an dara scannán ag baint le stair na hÉireann sa 20ú haois (faoin tréimhse 1917-1923) a rinne Morrison do Gael Linn.[5] Is é Morrison a stiúraigh freisin an scannán Rebellion a tháinig sna sála ar Saoirse? sa bhliain 1963. Breathnaítear ar na trí scannán úd mar shaothair den chéad scoth.
Níos déanaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Moltar go hard freisin dhá scannán eile leis, mar atá, These Stones Remain / Lorg na gCloch (1971)[6] agus Two Thousand Miles of Peril (1972). Chuir Gael Linn amach Lorg na gCloch, scannán a stiúir Morrison faoi stair na healaíne a léirítear ar chlocha greanta na hÉireann.
Dublin Day (2007) an saothar deiridh uaidh, scannán faisnéise faoi Bhaile Átha Cliath le linn James Joyce agus sa mhílaois nua araon.
Toghadh George Morrison ina Shaoi Aosdána in 2017, tráth a bhronn Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins torc óir na heagraíochta sin air.
102 bliain d'aois a bhí Morrison nuair a d'éag sé i dteach altranais i mBaile Átha Cliath ar an 4 Lúnasa 2025.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Myles Dungan (2016-02-05). "On This Day – 5 February 1960 – the first commercial screening of Mise Eire" (en). Myles Dungan. Dáta rochtana: 2020-09-30.
- ↑ Antoine Ó Coileáin (2007). "An scannán cáiliúil Saoirse? ar fáil ar DVD" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-09-30.
- ↑ "‘Tá Éireannaigh ar fud an domhain faoi chomaoin mhór aige’ – Ómós léirithe don scannánóir George Morrison" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-08-05). Dáta rochtana: 2025-08-05.
- 1 2 3 Nuacht RTÉ (2025-08-04). "An scannánóir aitheanta George Morrison tar éis bháis" (as ga-IE).
- ↑ "Stair Gael Linn | Gael Linn" (ga). www.gael-linn.ie. Dáta rochtana: 2020-09-30.
- ↑ George Morrison; Padraig O'Raghallaigh. "Lorg na gCloch". George Morrison Productions.