Tomás Mac Curtáin
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 20 Márta 1884 Baile an Chnocáin |
Bás | 20 Márta 1920 36 bliana d'aois Corcaigh |
Siocair bháis | Dúnbhású (Arm tine) |
Áit adhlactha | Reilig Fhionnbhairr |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, Ard-Mhéara Chorcaí |
Polaiteoir Éireannach de chuid Shinn Féin agus Ard-Mhéara Chorcaí ab ea Tomás Mac Curtáin (20 Márta 1884 - 20 Márta 1920),[1] a bhí maraithe ag baill de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann le linn an gCogadh Angla-Éireannach.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ag tús na 20ú haoise, bhí an leasainm "Loyal Cork" ar Chorcaigh de bharr dea-chaidrimh idir an Chontae agus an Bhreatain. Ach ní raibh gach éinne sásta. Tar éis Éirí Amach 1916, tháinig athrú mór ar an scéal. agus faoi thús 1920, bhí ollbhua ag Sinn Féin sa toghchán áitiúil, agus iad anois i gceannas ar Bhardas Chorcaí.
Den chéad air, bhí brat na Poblachta in airde ar Halla na Cathrach, agus toghadh an Poblachtánach, Tomás Mac Curtáin mar Ardmhéara. Thosaigh foréigean idir Óglaigh na hÉireann agus na Dúchrónaigh (ceaptha mar phóilíní, ní raibh meas madra acu ar na hÉireannaigh).
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir an eachtra míchlúiteach seo uafás ar mhuintir na tíre, agus ag an ionchoisne fritheadh David Lloyd George agus an Cigire Ceantair Swanzy ciontach as dúnmharú toiliúil.
Lámhach an tIRA Swanzy ní ba dhéanaí ar an 22 Lúnasa, 1920 i Lios na gCearrbhach, Contae Aontroma.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “MAC CURTÁIN, Tomás (1884–1920) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |