Pobal seachas Brabús
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | PBP | ||||
Cineál | páirtí polaitíochta | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | an sóisialachas Trotscaíochas | ||||
Ailíniú polaitíochta | eite chlé | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | Deireadh Fómhair 2005 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Eile | |||||
Dath | |||||
Suíomh gréasáin | https://www.pbp.ie | ||||
Is páirtí polaitiúil Éireannach é Pobal seachas Brabús (PsB) nó an Comhaontas Pobal seachas Brabús uaireanta.[1][2] Tá sé comhdhéanta de bhaill de chuid na heite clé i bPoblacht na hÉireann agus Tuaisceart na hÉireann, a cuireadh ar bun i nDeireadh Fómhair na bliana 2005.
Polasaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Comhghuaillíocht i bhfad amach ar an eite chlé é an Comhaontas, atá i gcoinne an nua-liobrálachais agus na cogaíochta. I bhforógra an pháirtí a seoladh don Olltoghchán 2024,[3]
- Deirtear go bhfaighfear réidh ar fad leis an Muirear Sóisialta Uilíoch dóibh siúd atá ag saothrú níos lú ná €100,000 sa mbliain agus go dtabharfaí rátaí cánach nua isteach a dhíreodh ar lucht ardioncaim.
- Bhí sé mar pholasaí ag PsB an €14 billiún d’airgead cánach atá le fáil ó Apple a úsáid chun Comhlacht Tógála Stáit a bhunú chun tithe sóisialta agus inacmhainne a chur ar fáil.
- Bhunófaí seirbhís náisiúnta phoiblí chun cúram leanaí saor in aisce a chur ar fáil.
- An Ghaeilge. Deir PsB go gcuirfear deis freastail ar choláiste samhraidh ar fáil do pháiste scoile ar feadh trí bliana. Deirtear freisin go gcinnteofar go mbeidh deis ag gach páiste oideachas lán-Ghaeilge a fháil, bíodh sin ag leibhéal na réamhscoile, na bunscoile nó na meánscoile.[3]
Conspóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tharla aighneas sa Dáil i mí na Bealtaine 2024 le linn na díospóireachta ar rún a bhí curtha os comhair na Dála ag Pobal seachas Brabús maidir le neodracht na hÉireann agus 'na trí ghlas'.[4] Chocáil Seán Fleming, Fianna Fáil, a mhéar le Teachtaí Dála Phobal seachas Brabús agus dúirt trí huaire gur maidríní lathaí ag Vladimir Putin a bhí iontu.[5]
Daoine
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar na baill tá Richard Boyd Barrett.
Bhí Bríd Smith an t-aon Ghaeilgeoir ag PsB / Comhghuaillíocht Frith-Dhéine sa Dáil le linn 2020-2024. Níor sheas sí in Olltoghchán 2024.
Torthaí toghcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Poblacht na hÉireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dáil Éireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghchán | Dáil | Vótaí céadrogha | Vótaí % | Suíocháin | Rialtas |
---|---|---|---|---|---|
2007 | 30ú | 9,333 | 0.5% | 0 / 166 |
Freasúra |
2011 | 31ú | 21,551 | 1.0% | 2 / 166 |
Freasúra |
2016 | 32ú | 42,174 | 1.96% | 3 / 158 |
Freasúra |
2020 | 33ú | 40,220 | 1.84% | 4 / 160 |
Freasúra |
2024 | 34ú | 49,344 | 2.24% | 2 / 174 |
TBD |
Toghcháin áitiúla
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghchán | Vótaí céadrogha | Vótaí % | Suíocháin |
---|---|---|---|
2009 | 15,879 | 0.8% | 5 / 883 |
2014 | 29,051 | 1.7% | 14 / 949 |
2019 | 21,972 | 1.29% | 7 / 949 |
Pharlaimint na hEorpa
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghchán | Ceannaire | Vótaí céadrogha | % | Suíocháin | +/− | Grúpa Parlaimint na hEorpa |
---|---|---|---|---|---|---|
2019[lower-alpha 1] | Comhcheannaireacht | 38,771 | 2.31 (#7) | 0 / 13 |
Nua | − |
2024[lower-alpha 1] | 31,802 | 1.82 (#11) | 0 / 14 |
0 |
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Pobal seachas Brabús/Dlúthpháirtíocht agus Dlúthpháirtíocht (Comhghuaillíocht Frith-Dhéine)
- Trotscaíochas
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ tearma.ie. ""An Comhaontas Pobal seachas Brabús"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2024-06-05.
- ↑ Uaireanta tugtar Pobal roimh Bhrabús nó fiú Daoine roimh Bhrabús ar an bpáirtí. Béarla: People Before Profit nó People Before Profit Alliance uaireanta. Is é "People Before Profit " atá curtha in iúl ar an suíomh pbp.ie
- ↑ 3.0 3.1 Pádraic Ó Ciardha (15 Samhain 2024). "Cúrsaí saor in aisce sna coláistí samhraidh agus €26 milliún breise do TG4 á mholadh ag Pobal seachas Brabús" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-15.
- ↑ De réir 'phrótacail na dtrí ghlas', caithfidh Rialtas na hÉireann, Dáil Éireann agus na Náisiúin Aontaithe, caithfidh siad ar fad a mbeannacht a thabhairt sula gcuirtear Óglaigh na hÉireann ar fiannas thar lear. Ar an 30 Aibreán 2024 dhearbhaigh an Taoiseach Simon Harris sa Dáil go raibh an Rialtas meáite ar phrótacail na dtrí ghlas a athrú.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-05-29). "'Pobal Roimh Bhrabús ina maidríní lathaí ag Putin' – Aire Stáit" (as ga-IE).
Earráid leis an lua: <ref>
tags exist for a group named "lower-alpha", but no corresponding <references group="lower-alpha"/>
tag was found