Jump to content

An Muirear Sóisialta Uilíoch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is cáin ar ioncam i bPoblacht na hÉireann é an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU).[1][2] Bhí ráta caighdeánach an MSU (sa bhliain 2024) idir 0.5% - 12%. Mar shampla íocfaidh duine a bhfuil ioncam ó fhéinfhostaíocht €112,000 sa bhliain 2024, €5,822.86 in iomlán ar ráta de:

  • 0.5% ar an gcéad € 12,012 = €60.06
  • 2% ar an chéad €13,748 = €274.96
  • 4% ar an chéad eile €44,284 = €1,771.36
  • 8% ar an chéad €29,956 eile = €2,396.48
  • 11% ar an gcéad €12,000 = €1,320

Tá an MSU iníoctha ar ioncam comhlán, lena n-áirítear pá barúlach (is pá barúlach é an luach a bhaineann le sochar neamhairgid, mar shampla sochar comhchineáil, mar shampla, gluaisteán comhlachta i gcásanna áirithe). Cé go bhfuil an fhéidearthacht ann nach bhfuil dliteanas ar bith ar dhaoine i leith cháin ioncaim, d’fhéadfadh a bheith dliteanas orthu fós an MSU a íoc i gcásanna ar leith. Tá roinnt díolúintí ann chomh maith.

Mhaígh Pobal seachas Brabús in 2024 go bhfaighfear réidh ar fad leis an MSU dóibh siúd atá ag saothrú níos lú ná €100,000 sa mbliain.[3]

Féach freisin    

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. “Universal Social Charge” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-11-19.
  2. i mBéarla, an Universal Social Charge
  3. Pádraic Ó Ciardha (15 Samhain 2024). "Cúrsaí saor in aisce sna coláistí samhraidh agus €26 milliún breise do TG4 á mholadh ag Pobal seachas Brabús" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-15.