Neodracht na hÉireann

Is tír "neodrach" í Éire, a mhaítear go minic. Ach tá ceist na neodrachta i gcónaí ina cnámh spairne in Éirinn, go háirithe cá seasann an tír ó thaobh ECAT agus fórsaí armtha an Aontais Eorpaigh. N
íl Éire ina ball den Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) i láthair na huaire. Ach ní raibh Éire "neamhailínithe" riamh agus bhí comhoibriú ann i gcónaí le ECAT le linn na mblianta.[2] In 1999, chuaigh Éire isteach san Euro-Atlantic Partnership Council (EAPC)[3] agus Comhpháirtíocht na Síochána[4][5] de chuid ECAT. Sa bhliain 2024, ghlac Éire ballraíocht san Individually Tailored Partnership Programme (ITPP) de chuid ECAT,[6][7] (mar aon leis an Rúis).
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is oileán beag í Éire ar imeall na hEorpa. Níl arm láidir go leor ag Éire le í féin a chosaint ar ionsaí ó naimhde ar bith; is beag éifeacht a bheadh ag an cabhlach ná ag an t-aerfhórsa ach oiread dá mba rud é gur ionsaíodh an tír.
Ag an am céanna, tá seasamh Eorpach agus domhanda ag Éire, go háirithe sna Náisiúin Aontaithe. Tá ról fiúntach á chomhlíonadh ag Éire le fada i gcothú na síochána ar fud an domhain. Ach ó 2022 d’éirigh le Putin cogadh hibrideach a fhearadh agus tá Éire - na cáblaí fomhuirí, na hidirnascairí, na píblínte gáis agus na dálaí maireachtála sa tír - faoi bhagairt. Tá an caiteachas ar chórais chosanta in Éirinn ar thar a bheith íseál; tugtar na tíortha ECAT "saorthairbhiú" ar pholasaithe na hEireann.
Faoi réir bhunreacht na hÉireann, is féidir páirt a ghlacadh san ECAT gan cead na ndaoine a fháil i reifreann? Tá díospóireacht ann faoin cheist seo.[8] [9][10][11]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1937, dhearbhaigh Bunreacht na hÉireann (Alt 29), go mbíonn Eire ag iarraidh bealaí síochánta a aimsiú le coimhlintí a réiteach:[12]
Alt 29-1. "Dearbhaíonn Éire gur mian léi síocháin agus comhar, de réir an chothroim idirnáisiúnta agus na moráltachta idirnáisiúnta, a bheith ar bun idir náisiúin an domhain." srl Alt 29-4.4° Dearbhaíonn Éire a tiomantas i leith an Aontais Eorpaigh ar laistigh de a oibríonn ballstáit an Aontais sin le chéile chun an tsíocháin, comhluachanna agus leas a bpobal a chur chun cinn. srl
Níl an focal nó an fiú an chiall "neodracht" le fáil sa Bhunreacht.
Sna 1930idí, d'fhógair Éamon de Valera go bhfanfadh an tír amach ón gcogadh, agus an tír ag cloí le polasaí dian na neodrachta. Chuir Winston Churchill agus rialtas na Breataine an-bhrú air dul chun cogaidh i gcoinne na nGearmánach. Meastar go raibh de Valera ag iarraidh a thaispeáint don tsaol mhór gur tír neamhspleách í Éire. Ach is féidir a rá nárbh fhíor-neodracht í in aon chor, ach "neodracht i bhfabhar leis na Comhghuallaithe".
- [13] Cé gur dúradh go poiblí go raibh seasamh neodrach ag Éirinn sa dara Cogadh Domhanda, tá fianaise láidir ann gur tugadh tacaíocht do na comhghuaillí a sheas an fód i gcoinne na Gearmáine sa chogadh sin.
Ar an 21 Meán Fómhair 2021, thug Rialtas na hÉireann cead d’fhórsaí Mheiriceá aerfort na Sionainne a úsáid agus na S-A i mbun troda "i gcoinne na sceimhlitheoireachta" san Afganastáin srl.
An glas triarach agus 'prótacal na dtrí ghlas'
Fógraíodh an "Glas Triarach" timpeall 2001-2003, agus Conradh Nice. Meicníocht atá ann a chinntíonn go bhfaightear faomhadh ón Rialtas, ón Dáil agus ó na Náisiúin Aontaithe sula gcuirtear níos mó ná dháréag saighdiúirí thar lear ar dualgas síochánaíochta. De réir 'phrótacail na dtrí ghlas', caithfidh Rialtas na hÉireann, Dáil Éireann agus na Náisiúin Aontaithe, caithfidh siad ar fad a mbeannacht a thabhairt sula gcuirtear Óglaigh na hÉireann ar fiannas thar lear.
Bac roimh rannpháirtíocht na hÉireann in oibríochtaí thar lear é an Glas Triarach. Ar an 30 Aibreán 2024 dhearbhaigh an Taoiseach Simon Harris sa Dáil go raibh an Rialtas meáite ar phrótacail na dtrí ghlas a athrú.[14][15]
ECAT
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toisc go bhfuil Éire ina ballstát den Aontas Eorpach agus mar chuid de chóras polaitíochta an Iarthair, d’fhéadfaí glacadh leis go mbeidh Éire ina targaid i gcónaí, cé go mbeidh an baol sin níos lú ná tíortha eile.
Tharla cibirionsaí coiriúil ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) in 2021.
Mar gheall ar na bagairtí sna 2020idí (mar shampla, maidir le cibirionsaithe, cogaíocht hibrideach agus cosaint cáblaí sonraí ar ghrinneall na farraige timpeall na hÉireann), bíonn Rialtas na hÉireann ag comhoibriú le ECAT. Tá Éire i bpriacal ó ‘ghéarbhagairt ar muir’ ón Rúis agus ag an am céanna, tá Éire ag diúgaireacht ar ECAT maidir le cúrsaí cosanta.[16] Tá Éire mar chuid de thionscadal ina bhfaighinn sí comhairle ó ECAT. Ag an am céanna, tá beartais i bhfeidhm san AE chun comhoibriú idir an AE agus ECAT a neartú i réimsí slándála agus cosanta.[17]
2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dúirt an Tánaiste Mícheál Ó Máirtín in 2024 go gcaithfidh Éire glacadh leis go bhfuil cogaíocht hibrideach ag tarlú ar fud fad na hEorpa, agus go bhféadfadh na cáblaí sonraí ar ghrinneall na farraige amach ó chósta na hÉireann a bheith mar thargaidí luachmhara.[18][19]
Siar sa bhliain 2021, d’fhógair an Rialtas go raibh siad chun níos mó infheistíochta a chur ar fáil don Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála. Mar chuid d’iarrachtaí sin ghlac an Lárionad agus Óglaigh na hÉireann páirt i gcleachtaí a d’eagraigh lárionad cibearchosanta NATO sa bhliain 2024. Anuas air seo, tá Éire mar chuid de chomhaontú le NATO chun níos mó tacaíochta a fháil chun cáblaí sonraí a chosaint agus chun cibearchosaintí a neartú.[20]
2025
[cuir in eagar | athraigh foinse]Agus an Rúis ag gríosú chun cogaíochta, bhí ceist na neodrachta ina hábhar teasaí ar urlár na Dála. Bhí an Rialtas den tuairim go raibh sé thar am ag Éirinn cur lenár gcumas míleata, i bhfianaise an chogaidh san Úcráin, na cogaíochta hibridí agus leochaileacht na hÉireann .
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Éire Neodrach, clár teilifíse faoi neodracht na hÉireann sa Dara Cogadh Domhanda
- Cogaíocht hibrideach
- Cibirionsaí coiriúil ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, 2021
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ logainm.ie. "Glengad Head". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ "Ireland–NATO relations" (as en) (2025-04-11). Wikipedia.
- ↑ "Euro-Atlantic Partnership Council" (as en) (2025-05-04). Wikipedia.
- ↑ i mBéarla, Partnership for Peace (PfP)
- ↑ "Partnership for Peace" (as en) (2025-04-27). Wikipedia.
- ↑ nó an Individual Partnership Action Plan
- ↑ "Individual Partnership Action Plan" (as en) (2024-12-23). Wikipedia.
- ↑ Eoin Daly, "Neutrality and the Irish Constitution" (Verfassungsblog, April 2022)
- ↑ Crotty v. An Taoiseach [1987] IR 713
- ↑ "Referendum would have to be held before Ireland joined NATO, Taoiseach says" (The Irish Times, June 2022)
- ↑ David Kenny, "Explainer: Would Ireland be required to have a referendum before joining NATO?" (The Journal, June 2022)
- ↑ electronic Irish Statute Book (eISB). "electronic Irish Statute Book (eISB)" (en). www.irishstatutebook.ie. Dáta rochtana: 2025-05-05.
- ↑ Beo - EAGRÁN 6 (DEIREADH FÓMHAIR 2001). "Cá seasann neodracht na hÉireann?" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2025-05-05.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-05-29). "'Pobal Roimh Bhrabús ina maidríní lathaí ag Putin' – Aire Stáit" (as ga-IE).
- ↑ "Taoiseach insists neutrality ‘not at risk’ with removal of triple lock for UN peacekeeping missions" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-06-05.
- ↑ Eoin Ó Murchú (12 Feabhra 2024). "Neodracht faoi bhagairt agus cáineadh breise sna meáin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-15.
- ↑ Máirtín Ó Duibhir (13 Márta 2024). "Ceisteanna cosanta agus cumhachta ag éirí níos casta san AE" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-15.
- ↑ Houses of the Oireachtas (2024-05-09). "Ukraine War – Thursday, 9 May 2024 – Parliamentary Questions (33rd Dáil) – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2024-10-25.
- ↑ John Mooney (2024-09-21). "Micheál Martin: We must keep a laser focus on threats to Ireland" (en). www.thetimes.com. Dáta rochtana: 2024-10-25.
- ↑ Máirtín Ó Duibhir (21 Deireadh Fómhair 2024). "Níl Éire ar bharr an liosta ach glac leis go mbeidh sí ina targaid i ré na cogaíochta hibridí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-26.