Páirtí Aontachtach Daonlathach
Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | DUP ![]() |
Cineál | páirtí polaitíochta ![]() |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | aontachtas sa Ríocht Aontaithe coimeádachas sóisialta pobalachas ar an eite dheas coimeádachas náisiúnta náisiúnachas Briotanach Eoraisceipteach ![]() |
Ailíniú polaitíochta | eite dheis ar dheis ón lár ![]() |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 30 Meán Fómhair 1971 |
Bunaitheoir(í) | Ian Paisley ![]() |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Uachtaránacht | Maurice Morrow (en) ![]() ![]() |
Eile | |
Dath | ![]() |
Suíomh gréasáin | mydup.com ![]() |
Is páirtí polaitíochta dílseach agus aontachtach[1][2] i dTuaisceart Éireann é an Páirtí Aontachtach Daonlathach (Béarla: Democratic Unionist Party nó DUP). Bhunaigh Ian Paisley agus Desmond Boal an páirtí i 1971, le linn na Trioblóidí, agus bhí Paisley mar cheannaire an pháirtí ar feadh 37 mbliain ina dhiaidh sin. Is é Jeffrey Donaldson ceannaire an pháirtí faoi láthair. Is é an DUP ceann den dá páirtí is mó i dTionól Thuaisceart Éireann, agus an cúigiú páirtí is mó i dTeach na dTeachtaí na Ríochta Aontaithe. Deirtear go bhfuil an páirtí ar an Eite dheis[3] agus go bhfuil sé coimeádach ar chúrsaí sóisialta. [4]Tá sé in aghaidh an ghinmhillte agus an phósadh comhghnéis. Feiceann an DUP é féin ag cosaint an Briotanachas agus cultúr Protastúnach Uladh in aghaidh náisúnachas Éireannach. Tá an páirtí amhrasach faoin Aontas Eorpach agus thacaigh sé leis an mBreatimeacht.[5][6] Toghadh 8 ball den pháirtí chun Pharlaimint na Breataine sa toghchán is déanaí i 2019.
D'eascair an DUP ón bPáirtí Aontachtach Protastúnach. Tá nascanna stairiúla aige le hEaglais Shaor Phreispitéireach Uladh, an eaglais a bhunaigh Paisley. Le linn na Trioblóidí, bhí an DUP i gcoinne cumhacht a roinnt le náisiúnaithe Éireannacha mar bhealach an coimhlint a réiteach, agus bhí sé i gcoinne iarrachtaí baint a bheith ag Poblacht na hÉireann i gcúrsaí Thuaiscirt Éireann. Chuaigh sé i mbun feachtais i gcoinne Chomhaontú Sunningdale 1973, Comhaontú Angla-Éireannach 1985 agus Comhaontú Aoine an Chéasta 1998. Sna 1980í, bhí baint ag an DUP leis na gluaiseachtaí paraimíleata dílseacha Third Force[7][8] agus Ulster Resistance[9] a chur ar bun.
Le linn an chuid is mó de stair an DUP, ba é Páirtí Aontachtach Uladh an páirtí aontachtach is mó i dTuaisceart Éireann, ach faoi 2004, bhí níos mó suíocháin ag an DUP i dTionól Thuaisceart Éireann agus i dTeach na dTeachtaí na Ríochta Aontaithe. I 2006, chomhshínigh an DUP Comhaontú Chill Rímhinn agus an bhliain ina dhiaidh sin, d'aontaigh an páirtí le dul i mbun rialtas cineachta roinnte cumhachta le Sinn Féin,[10] a d'aontaigh an seirbhís póilíní, cúirteanna agus an smacht reachta a thacú. D'fhág Jim Allister (an t-aon bhall de Pharlaimint na hEorpa ag an bpáirtí)[11] agus seachtar gcomhairleoirí[12] an páirtí mar agóid, agus bhunaigh siad an páirtí Glór Traidisiúnta Aontachtach.[13] Tar éis Paisley, bhí Peter Robinson mar cheannaire ó 2008 go 2015, Arlene Foster ó 2015 go 2021, Edwin Poots ar feadh trí sheachtaine i 2021, agus Jeffrey Donaldson ó Meitheamh 2021 ar aghaidh.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Lee A. Smithey (2011-08-30). "Protestant Unionists and Loyalists". Unionists, Loyalists, and Conflict Transformation in Northern Ireland: 53–76. Oxford University Press.
- ↑ James W. McAuley (2016). "Very British Rebels?". Bloomsbury Academic.
- ↑ Stephen Ingle (2008-03-11). "The British Party System". doi: .
- ↑ Anthony Ridge-Newman (2016-10-02). "1959 General Election, Tories and TV 1958–63". The Tories and Television, 1951-1964: 111–129. London: Palgrave Macmillan UK.
- ↑ "The Campaign" (2017). Brexit, No Exit. I.B. Tauris.
- ↑ Emmanuel Ordóñez Angulo (2017-02-02). "What Do We See When We See Total Darkness?". European Journal of Philosophy 25 (4): 1039–1061. doi: . ISSN 0966-8373.
- ↑ "Ian Paisley death: Third Force 'were a motley crew of teens and farmers...'" (en-GB). belfasttelegraph. Dáta rochtana: 2021-08-01.
- ↑ "Campbell, John Dermot, (20 Jan. 1898–23 Jan. 1945), DL (Belfast); MP (U) Co. Antrim since 1943; Deputy Flax Controller for Northern Ireland since 1940" (2007-12-01). Who Was Who. Oxford University Press.
- ↑ "CAIN: Abstracts of Organisations - 'U'". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2021-08-01.
- ↑ "DUP 'would share power in May'" (en-GB) (2007-03-24). Dáta rochtana: 2021-08-01.
- ↑ "Allister quits power-sharing DUP" (en-GB) (2007-03-27). Dáta rochtana: 2021-08-01.
- ↑ "Seventh councillor leaves the DUP" (en-GB) (2007-04-05). Dáta rochtana: 2021-08-01.
- ↑ "New unionist group to be launched" (en-GB) (2007-12-07). Dáta rochtana: 2021-08-01.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |