Oriana Fallaci

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Oriana Fallaci
Oriana Fallaci self portrait Rolleiflex.jpg
Saol
Eolas breitheFlórans, 29 Meitheamh 1929
NáisiúntachtIodáil
Ríocht na hIodáile
Teanga dhúchaisAn Iodáilis
BásFlórans, 15 Meán Fómhair 2006
Áit adhlacthaFlorence (Gli Allori) Evangelical Cemetery (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (ailse scamhóg)
Muintir
Céile/Céilíluach ar iarraidh
Páirtí/PáirtitheAlexandros Panagoulis
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
Alma materOllscoil Flórans
Liceo classico statale Galileo (en) Aistrigh
TeangachaAn Iodáilis
Gairm
Gairmcomhfhreagraí cogaidh, polaiteoir, scríbhneoir, iriseoir, teoiriceoir comhcheilge agus páirtíneach
Duaiseanna
Cleamhnú
ReiligiúinAn tAindiachas
Páirtithe polaitíochtaAction Party (en) Aistrigh
IMDbnm0266324
oriana-fallaci.com

Iriseoir, scríbhneoir agus gníomhaí Iodálach ab ea Oriana Fallaci (29 Meitheamh 192915 Meán Fómhair 2006).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh agus d'éag sí i bhFlórans na hIodáile.

Páirtíneach a bhí in Fallaci agus í óg le linn an Dara Cogadh Domhanda. Gortaíodh go dona í le linn Sléacht Tlatelolco i Meicsiceo sa bhliain 1968.

Iriseoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh sí go minic faoi chogaíocht agus réabhlóidí, agus thuill an iliomad agallamh a chuir sí ar cheannairí as gach cearn den domhan clú faoi leith di.

Ar na hagallaimh fhada sa leabhar úd sin aici Interview with History tá agallaimh le hIndira Gandhi, Golda Meir, Yasser Arafat, Zulfikar Ali Bhutto, Willy Brandt, Mohammad Reza Pahlavi (seá na hIaráine), Henry Kissinger, an Uachtarán Nguyễn Văn Thiệu i Vítneam Theas agus an Ginearál Vítneamach Thuaidh Võ Nguyên Giáp.

Khomeini faoi agallamh ag Fallaci

In Playboy a foilsíodh an t-agallamh le Kissinger, a scríobh ní ba dhéanaí gurbh é an comhrá ba thubaistí a rinne sé riamh le duine den phreas. Chuir sí agallamh ar Deng Xiaoping, Lech Wałęsa, Muammar Gaddafi, Cayetana Fitz-James Stuart, 18ú Bantiarna Alban, agus ar dhaoine eile nach iad.

I ndiaidh éirí as an iriseoireacht di, tharraing sí an spotsolas uirthi féin arís le sraith alt agus leabhar conspóideacha faoin Ioslam, leabhair a cháin a lán daoine ach a fuair tacaíocht ó roinnt daoine eile.

Oriana Fallaci.jpg

Nascanna seachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]