Golda Meir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Golda Meir
גולדה מאיר
Golda Meir 03265u.jpg

Príomh-aire
In oifig
17 Márta 1969 - 11 Aibreán 1974
Réamhtheachtaí: Yigal Allon
Comharba: Yitzhak Rabin

Dáta breithe 3 Bealtaine 1898
Áit bhreithe Cív, An Úcráin, Impireacht na Rúise
Dáta báis 8 Nollaig 1978
  Iarúsailéim, Iosrael
Síniú
Golda Meir Signature.svg

Polaiteoir agus taidhleoir Iosraelach ab ea Golda Meir (Meyerson), a rugadh leis an ainm Golda Mabovitch (3 Bealtaine 18988 Nollaig 1978). I gCív na hÚcráine faoi Impireacht na Rúise a rugadh í, ach d'fhás sí aníos in Milwaukee. Wisconsin, sna Stáit Aontaithe. Bhí saolghairm fhada pholaitiúil aici in Iosrael. Bhain sí amach an post mar 4ú príomh-aire na tíre, an chéad bhean i gceannas ar Iosrael agus an tríú bean ar domhan mar phríomh-aire ar thír ar bith. Thuill an stíl dhiongbháilte aici "an Bhean Iarainn" mar leasainm di.

A saol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí a bua ceannasaíochta le feiceáil go hóg: Ina girseach bhunscoile in Milwaukee di, d'eagraigh sí imeacht bailithe airgid chun cuidiú le páistí a gcuid téacsleabhair scoile a cheannach. I ndiaidh céim a bhaint ó Milwaukee State Normal School (Ollscoil Wisconsin–Milwaukee anois), d'oibrigh sí mar mhúinteoir sna scoileanna poiblí in Milwaukee. Fuair sí post sa Folks Schule Giúdaise in Milwaukee freisin, agus tháinig sí faoi anáil na gluaiseachta Siónaí. Phós sí Morris Meyerson (Myerson), sóisialaí. Sa bhliain 1921, thug an bheirt acu aghaidh ar an bPailistín mar ar chuir siad fúthu ar kibbutz.

Mar aitheantas ar a cumas eagraithe roghnaíodh Golda mar ionadaí an kibbutz chuig an Histadrut, an cumann lucht oibre mór in Iosrael. Cumann eile a d'éirigh sí ina ball de d'iarr sé uirthi dhá bhliain a chaitheamh ag obair dóibh i Meiriceá, agus chuaigh sí ann leis an mbeirt pháistí a bhí acu. D'fhan Morris in Iarúsailéim, áfach, agus d'fhás siad amach ó chéile cé nach bhfuair siad colscaradh oifigiúil riamh. Fuair seisean bás sa bhliain 1951.

A saol sa pholaitíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa bhliain 1934 agus í ar ais ó na Stáit Aontaithe, ceapadh í mar bhall de choiste feidhmiúcháin an Histadrut agus de réir a chéile rinne sí a bealach suas trí na ranganna go raibh sí i gceannas ar Roinn na Polaitíochta, post tábhachtach di mar ullmhúchán don cheannasaíocht Iosraelach.[1]

I Meitheamh na bliana 1946 rinne na Briotanaigh tréan-iarracht na Siónaigh sa Phalaistín a chur faoi chois agus chuir siad Moshe Sharett, a bhí i gceannas ar Roinn na Polaitíochta sa Ghníomhaíocht Ghiúdach sa limistéir úd, i bpríosún. Cuireadh Golda Meir an post sin, rud a d'fhág gurbh ise príomh-idirbheartaí na nGiúdach i leith údaráis Shainordú na Breataine sa Phalaistín. Nuair a scaoileadh Sharett saor, chuaigh sé go Cathair Nua-Eabhrac i gcomhair na gcomhráití ag na Náisiúin Aontaithe faoi chríochdheighilt na Palaistíne. D'fhan Meir ina post ag an nGníomhaíocht Ghiúdach go dtí 1948 agus neamhspleáchas Iosrael bainte amach acu. [1]

Ar an gcéad lá de Rosh Hashannah sa bhliain 1948 thug Golda Meir cuairt ar shionagóg i Moscó. Chuir timpeall is 50,000 duine fáilte roimpi ag tabhairt aghaidhe go dána ar chumhacht Iósaf Stailín.

Bhí sí ina príomh-aire ar Iosrael ó 17 Márta 1969 go 11 Aibreán 1974.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. 1.0 1.1 "Golda Meir", Encyclopaedia Judaica, Keter, 1972, Jerusalem, vol. 11, pp. 1242–45