Oonah Keogh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaOonah Keogh
Beathaisnéis
Breith2 Bealtaine 1903
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Iúil 1989
86 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstocbhróicéir Cuir in eagar ar Wikidata

Bean Éireannach ab ea Oonah Keogh (2 Bealtaine 190318 Iúil 1989), an chéad bhean sa domhan a rinneadh ina stocbhróicéir nuair a chuaigh sí isteach i Stocmhalartán Bhaile Átha Cliath i 1925.

Saol óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Oonah Mary Irene Keogh i mBaile Átha Cliath i 1903, an iníon sa lár ochtar páiste[1]; a máthair, Annie Kathleen Doyne, as An Muileann gCearr agus a athair, Joseph Chapman Keogh, as Cill Mhantáin. Rinneadh bainisteoir bainc ar Joseph sna 1880í agus é 24 bliain d'aois, an bainisteoir bainc is óige in Éirinn riamh. D'fhreastail Oonah Keogh ar scoileanna Caitliceach do chailíní, i bPrióireacht Naomh Muire, Warwickshire, agus i gColáiste Alexandra, Baile Átha Cliath. Chomh maith, staidéar Oonah i Scoil Metropolitan Ealaíon. Ó 1922, chaith Keogh dhá bhliain ag taisteal lena máistreás, thart ar an Afraic agus an Eoraip. Tar éis a d'fhill sí go Londainchun staidéar, tairgeadh a athair post di ina chomhlacht, Stocbhróicéir Joseph Keogh agus a Chomhlacht[2][3][4][5][6].

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba í Keogh an chéad bhean ag obair sa stocmhalartán, agus níor ghlacadh í go hiomlán. Áfach, i nua-bhunreacht na hÉireann bhí comhionannas cinnte, agus mar sin ní raibh aon fháth í á dhiúltú, seachas a hinscne. Le hoideachas agus saibhreas a bhí aici, bhí sí cáilithe leis an bpost. Bhí baill an stocmhalartán ag plé agus ag vótáil ar feadh trí seachtaine, agus ar an 4ú Bealtaine 1925 chuaigh sí isteach sa stocmhalartán[2][3]. D'oibrigh sí anseo le haghaidh 14 bhliain. Ba í an bhean amháin sa domhan sa stocmhalartán ar feadh 42 bhliain agus bhí deacrachtaí uirthi, i dtionscail ina raibh ceannas ag fir. In agallamh i 1971, dúirt sí:

Míbhuntáiste amháin sna laethanta sin, níor bhuail mná agus fir le chéile i dtolglann na teach tábhairne. Nuair a d'imigh na fir go Jury’s chun a scíth a ligean tar éis gnó a dhéanamh, ní raibh mé ábalta dul in éineacht leo. Agus fiú nuair a rachainn chuig na rásaí le m'athair, ba é an rud céanna. Rachadh sé chuig an bheár chun deoch a fháil, bíodh orm dul chuig an tae beag.

Ghlac Keogh ceann de na chéad ceadúnas stocbróicéir i nGaeilge i Saorstát na hÉireann[7]. Tar éis easaontais lena hathair, ghlac sí sos agus chuaigh sí ar cuairt chuig a dheirfiúracha Eta agus Genevieve i Hampshire i Sasana. Anseo, bhuail sí lena fear céile[4][6].

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pósadh Keogh an t-imirceach Rúiseach, Bayan Giltsof. Nuair a phósadh í, d'éirigh sí as comhlacht a athair ach d'fhan sí sa Stocmhalartán. Thug sí fógra dóibh faoina ainm agus a stádas nua. Áfach, ar dtús, bhog sí go Taunton, Somerset i Sasana lena fear céile. Bhun iad gnó tógála, ag forbairt tithe i stíl Thúdarach. Rugadh a hiníon Tatiana i 1935 agus rugadh beirt mhac, Rurik i 1937 agus Nicholi i 1939. Rugadh Bayan i 1946. Nuair a rinneadh féimheach de chomhlacht a athair, bhí cás cúirte a bhain le creidiúnaí amháin. Chuir Keogh scaireanna i dtaisce i mbanc éigin, agus ansin bhí an banc ag lorg íocaíochta i gcoinne fiacha an comhlacht. Bhí a ainm fós ar doiciméad an comhlacht agus thángthas go raibh Keogh freagrach an t-airgead a íoc, agus mar seo bíodh uirthi costais na cúirte a íoc chomh maith[4][6].

Dhíol an teaghlach an teach Sasanach agus d'fhill siad go hÉirinn. Cheannaigh siad talamh i gCill Chomhaid, Contae Cill Mhantáin agus cruthaigh siad roinnt tithe ar a dtugtar An Seanbhaile Rúiseach, ainm atá ann inniu[7][8][9]. Chuaigh Uachtarán na hÉireann, Cearbhall Ó Dálaigh, a chónaí ann nuair a d'éirigh sé as an bpost i 1976. Sa bhliain 1952 bog an teaghlach arís, go Ontario, ach d'fhill siad go Sasana i 1953. Tamaillín ina dhiaidh sin, scar an lánúin. D'fhill Giltsof go Cill Mhantáin, an áit ar chónaigh sé go dtí a bhás i 1977. Bhog Keogh le teaghlach a hiníon go Maidrid agus mhúin sí Béarla i mbunscoil idirnáisiúnta. I 1980 d'fhill sí go Baile Átha Cliath lena hiníon tar éis bás fhear céile a hiníon. I 1989, fuair Keogh agus a hiníon bás agus ní raibh ach ocht lá idir an bheirt[4][6]. Tá siad curtha in uaigh an teaghlaigh i Reilig Deansgrange, Baile Átha Cliath[10].

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Irish Genealogy". civilrecords.irishgenealogy.ie. Dáta rochtana: 2020-03-03.
  2. 2.0 2.1 "Women's Museum of Ireland | Articles | Oonah Keogh". womensmuseumofireland.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-09-06. Dáta rochtana: 2020-03-03.
  3. 3.0 3.1 "Oonah Keogh, the world's first female stockbroker". Think Business (2018-03-08). Dáta rochtana: 2020-03-03.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 "ISE honours Oonah Keogh - world’s first female member of a stock exchange - Irish Stock Exchange". www.ise.ie. Dáta rochtana: 2020-03-03.
  5. "National Archives: Census of Ireland 1911". www.census.nationalarchives.ie. Dáta rochtana: 2020-03-03.
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 "Commentary: What Oonagh Did" (en-US). Irish America (2015-10-01). Dáta rochtana: 2020-03-03.
  7. 7.0 7.1 Nathan Mannion. "The Irishwoman who was the world’s first female stockbroker" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-03-04.
  8. "Peek inside this €945k five-bedroom home with tennis court and stunning views" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-04.
  9. "Wicklow playhouse with a Russian twist for €2.285m" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-03-04.
  10. "Una Mary Irene Giltsoff (1903-1989)".