Oidhreacht Luimnigh Thar Lear

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Eisimircigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í Luimneach an ceathrú cathair is mó in Éirinn agus an tríú ceann is mó sa Poblacht. I dteannta le gach áit eile sa tír, is mór é lion na ndaoine a d’fhág í i rith na h-aoise chun chur fúthu i dtíortha eile an domhain. Go minic, ní eisimirc toilteanach a bhí ann, go mór mór i ndiaidh ghorta nó chogaidh.

Cathain ar Imíodar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dealbh cuimhneacháin Pádraig Sairséal i bPlás na hAirdeaglaise, Luimneach

I mbeagnach gach bliain ó dheireadh na 17ú aoise go dti deireadh na 20ú aoise, d’fhág níos mó daoine an chathair ná mar a tháinig isteach. Ach bhí tréimhsí ar leith ann ina raibh an eisimirc thar an ngnáth.

  • I nidiaidh Léigear Luimnigh ón mbliain 1691 go tús na 18ú aoise. Ba as na sean-chlainne uaisle Caitliceacha (idir Gaelach agus Normannach) formhór na nGéanna Fiáine mar a ghlaodh orthu.
  • I lár na 18ú aoise, d’imigh an-chuid Protastúnaigh go Meiriceá, ina measc siúd baill na hEaglaise Módhaigh (Methodists) agus Cumann na gCairde (Quakers) ar thóir saoise creidimh san cóilíni nua.
  • I ndiaidh an Ghorta Mhóir ón mbliain 1845 agus tríd an agóid talún a lean é suas go dti deireadh na 19ú aoise. Ba dhaoine gan talún nó gan seilbh a bhformhór.
  • I mblianta na 1950idí, go mór mór daoine neamh-scilte ná raibh in ann aon obair a fháil le linn an chúlú eacnamaíochta.
  • I mblianta na 1980idí. D’imigh daoine as gach aicme sóisialta le linn cúlú eacnamaíochta eile.

Cár Imíodar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh muintir Luimnigh go dti na h-aiteanna céanna agus ar imigh eisimircí eile as Éirinn. Chuir na Géanna Fiáine futhu san Fhrainc agus i dtíortha Caitliceacha Mór-Roinn na hEorpa ach, ó lár na 18ú aoise, ba iad Sasana, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, An Astráil agus An Nua-Shéalainn ceann scríbe formhór na ndeoraithe. I mblianta na 1980í d’imigh roinnt mhaith díobh ar thóir oibre sa Ghearmáin, san Fhrainc agus san Ísiltír.

I measc na dtíortha ina bhfuil pobail Éireannacha iontu ach fíor-bheagán o shíol Luimnigh tá Alba agus An Airgintín. Ar an dtaobh eile den scéal, tá líon na nÉirinnigh thar lear le sloinni Luimníoch thar an ngnáth i gcathracha Meán-Iarthar Mehiriceá ar nós Chicago, Omaha agus Denver agus i gcríocha tuaithe Victoria agus na Breataine Theas Nua na hAstráile. Ceaptar gur imigh muintir Luimnigh go dti na háiteanna sin mar go raibh éileamh ar bhúistéiri iontu ag an am agus d’fhoghlaim an-chuid des na h-eisimircigh an ceard sin i monarchain bágúin na cathrach.

Oidhreacht na nDeoraithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain na Géanna Fiáine an-chuid cáil amach mar saighdiúirí agus mar ceannairí míleata. Ina measch siúd a raibh baint díreach leis an gcathair bhí Pádraig Sairséal (1660-1693), Peadar de Lása (1678-1751) agus Seoirse de Brún (1698-1792) agus ba as síol muintir Luimnigh iad ceannaire Arm na hOstaire Proinnsias de Lása (1725-1801) agus ceannaire na Fraince agus Uachtarán na Fraince ina dhiaidh an Marascal Pádraig Mac Mathúna (Patrice de Mac-Mahon as Fraincis) (1808-1893).

Cé gur oibrigh formhór eisimircigh Luimnigh ar ha h-iarnróid, na canálach agus na h-ionaid tógála agus ins na mianaí agus na monarchain feola tar éis landáil dóibh i Meiriceá, i Sasana agus san Astráil, d’éirigh le an-chuid dá sliocht tríd an gcóras oideachais postanna a fháil in earnáile airgeadais, riarachán, polataíochta, tionscoile agus tráchtála na dtíortha sin.

Luimneach Thar Lear[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luimneach sa bhliain 1982 roimh ath-fhorbairt an Bhaile Gallda. Radharc thar Abhann na Mainistreach ar Séipéal Mhuire.

Lean ainm Luimnigh eisimircigh ón gcathair go dti Meiriceá Thuaidh agus an Astráil.

Stáit Aontaithe Mheiriceá[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ar a laghad naoi mbaile agus ceantar cathrach amháin i Stáit Aontaithe Mheiriceá leis an ainm Limerick.

  • Limerick GA (Georgia), 33°50'U, 81°23'I. 38km siar ó dheas ó Savannah. Ritheann an iarnród idir Savannah agus Jacksonville trithi. Tá sráid dárbh ainm dó Limerick Road i Midway GA.
  • Limerick IL (Illinois), 41°29'U, 89°28'I. 156km siar siar ó dheas ó Chicago, 12km ó thuaidh ó Princeton.
  • Limerick ME (Maine), 43°41'U, 70°47'I. 42km siar ó Portland. Daonra 2,200. Bunaithe sa bhlian 1773 ag an dlíodóir Séamus Ó Súilleabháin (James Sullivan as Béarla) agus daoine eile agus ainmnithe i gcuimhne áit dúchais athair an tSúilleabháinigh. Tá an ionad Limerick Mills sa bhaile chomh maith.
  • New Limerick ME (Maine), 46°06'U, 67°57'I. 190km ó thuaidh ó Bar Harbour agus 100km siar ó Fredericton i mBrunswick Nua i gCeanada. Daonra 523. Bhunaigh daoine ó Limerick ME an New Limerick Plantation sa bhliain 1775 agus aithníodh mar bhaile í sa bhlian 1837.
  • Limerick MI (Mississippi), 32°45'U, 90°33'I. Ar abhann Yazoo, 19km siar ó dheas ó Yazoo City, 67km siar ó thuaidh ó Jackson.
  • Limerick NY (Nua-Eabhrac), 44°01'U, 76°02'I. 110km ó thuaidh ó Syracuse, 12km siar ó thuaidh ó Watertown.
  • Limerick OH (Ohio), 39°07'U, 82°44'I. 92km ó dheas ó Columbus, 8km siar ó thuaidh ó Jackson.
  • Limerick PA (Pennsylvania), 40°13'U, 75°31'I. 35km siar ó thuaidh ó lár chathair Philadelphia. Daonra 13,500. Bunaithe sa bhliain 1720 ag William Evans, Luimníoch a chuir faoi san áit sa bhliain 1698. Tá ionad trádála Limerick Centre inti chomh maith le stáisiún cumhachta núicléach.
    Limerick Academy, Limerick, ME
  • Limerick SC (Carolina Theas), 33°08'U, 79°49'I. 40km ó thuaidh ó Charleston, 6km soir ó Cordesville. Tá sean-eastáit Limerick san áit.
  • Limerick, Louisville KY (Kentucky), 38°14'U, 85°46'I. Ceantar 1.5km ó dheas ó lár cathair Louisville a bhunaíodh i mblianta na 1860í mar áit cónaithe d'oibrithe an Louisville and Nashville Railway.

Ceanada[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ar a laghad dhá bhaile i gCeanada leis an ainm Limerick.

  • Limerick ON (Ontario), 44°58'U, 77°50'I. 185 km soir ó thuaidh ó Torontó, 10 km ó dheas ó Bancroft, ar bhruach Limerick Lake. Bunaithe sa bhliain 1888. Daonra 300 i rith na bliana ach suas le 1,000 sa tsamhradh.
  • Limerick SK (Saskatchewan), 49°38'U, 106°16'I. 143km siar ó dheas ó Regina, 96km siar ó dheas ó Moose Jaw. Daonra 150.

An Astráil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá baile amháin san Astráil leis an ainm Limerick.

Tá cnoc dárbh ainm dó Limerick Hill, 23°20'E, 117°50'O, i Sléibhte Hammersley in Iarthar na hAstráile. 960km ó thuaidh ó Perth, 460km soir ó Carnarvon agus 300km ó dheas ó Roebourne. Tá sé congarach don sliabh Mount Tom Price ina bhfuil ceann des na mianaí iarainn is mó ar domhain.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]