Seoirse de Brún

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seoirse de Brún
Portrait of George Brown.jpg
Saol
Eolas breitheLuimneach, 15 Meitheamh 1698 (sa féilire Iúil)
NáisiúntachtRíoghacht Éireann
BásRíge, 18 Feabhra 1792, 18 Meán Fómhair 1792
Muintir
AthairGeorge Browne
MáthairHonora Lacy
Céile/CéilíEleonora Christina von Browne (en) Aistrigh
Helena von Browne
Páistí
Oideachas
Teangachaan Béarla
An Rúisis
An Ghearmáinis
Gairm
Gairmsaighdiúir
Duaiseanna
Seirbhís mhíleata
Brainse míleatacos-slua
Céimmarascal machaire

Ba shaighdiúir tuarastail é an tÉireannach Seoirse de Brún (George Browne, nó Georg Reichsgraf von Browne as Gearmáinis, Yuri Yurievich BrounЮрий Юрьевич Броун as Rúisis) a d’fhreastail faoin Impire Peadar III agus an Bhan-Impire Caitríona II.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh i gCathair Luimnigh é ar an 15 Meitheamh 1698 do chlann uasal Normannach. Ach ós gur Caitliceach é, b’éigean dó imeacht thar lear chun freastal mar shaighdiúir.

Shroich sé an Rúis, áit a raibh Peadar de Lása, Luimníoch eile, ina cheannaire ar an arm. Phós de Brún Eibhlín, iníon an Lásaigh.

Caisleán Lielstraup

Nuair a tharla ceannairc i gcoinne an Bhan-Impire Áine, chabhraigh de Brún chun í a choimeád i gcumhacht agus ardaíodh go rang an choirnéil é.

Bhain sé an-cháil amach le linn "Cogadh na Seacht mBliana". Ba ghinearál é nuair a ghortaíodh é ag Cath Zorndorf.

Ina dhiaidh sin, d’fhreastail sé tríocha bliana mar Ghobharnóir na hEastóine agus na Livóine. D’éag sé i Ríge in aois 94 bliain ar an 18 Meán Fómhair 1792.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]