Nynorsk

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Ivar Aasen (1813-1896)

Is í an teanga Nynorsk an cineál Ioruaise a chaighdeánaigh Ivar Aasen an chéad uair sa bhliain 1848, nuair a d'fhoilsigh sé an chéad ghramadach don teanga. Tá an Nynorsk bunaithe ar chanúintí labhartha na hIorua, go háirithe ar chanúintí an Iarthair, toisc go raibh Aasen barúlach gurbh iad siúd na canúintí ba lú a ndeachaigh an Danmhairgis i bhfeidhm orthu.

Is é an t-ainm a bhaist Aasen ar an teanga a chaighdeánaigh sé ná landsmål (teanga na tíre). Sa bhliain 1885 cuireadh an teanga seo ar aon stádas leis an Riksmål (inniu: an Bokmål), arb é an leagan is coitianta den dá chaighdeán san Iorua. Sa bhliain 1929 baisteadh an t-ainm nua úd Nynorsk (an "Nua-Ioruais") ar an teanga.

An Cúlra Stairiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig an-athrú ar an Ioruais sna blianta ón bPlá Mhór sa cheathrú haois déag go dtí an Reifirméisean sa séú haois déag. Thar aon rud eile, ghlac an teanga leis na mílte focail iasachta ó na trádálaithe Hainseatacha (is é sin, na trádálaithe ó Thuaisceart na Gearmáine). Chuaigh na tuisil in éag chomh maith, ionas nár coinníodh ach iarsmaí den chóras ceithre thuisil atá beo breabhsánta san Íoslainnis i gcónaí. Thairis sin, nuair a chuaigh an Iorua agus an Danmhairg le chéile faoi aon rí amháin, ba iad na Danmhargaigh a chuir a dteanga féin i bhfeidhm ar na hIoruaigh, agus is é an dearcadh coitianta a bhí ag muintir an dá thír ar an Ioruais nach raibh inti ach grúpa canúintí.

I dtús na naoú haoise déag, áfach, chaill an Danmhairg an Iorua de thoradh Chomhdháil Vín, an chomhdháil mhór a tháinig le chéile chun cuma cheart a chur ar an Eoraip arís i ndiaidh chogaí Napoleon. Bhí an Fhionlainn caillte ag an tSualainn, nuair a shealbhaigh an Rúis í, agus is í an éiric a fuair an tSualainn san Fhionlainn ná an Iorua.

Nuair nach raibh an Iorua á rialú ag rí na Danmhairge a thuilleadh, thosaigh na hIoruaigh ag tuairimiú nach raibh gá acu le teanga na Danmhairge ach an oiread. Cuid acu bhí siad inbharúla go gcaithfidís a gcuma féin a chur ar an Danmhairgis.

Ba í an teanga Riksmål (inniu, an Bokmål) a tháinig ar an bhfód mar sin. Ba é an dara rogha ná teanga nua scríofa agus liteartha a bhunú ar chaint na ndaoine.

Ba é Ivar Aasen a chrom ar an teanga seo a oibriú amach. Chuaigh sé ag bailiú ábhair sna cúigí, agus sa bhliain 1848 d'fhoilsigh sé Det norske Folkesprogs Grammatik, an chéad ghramadach do chaint na ndaoine san Iorua. Ina dhiaidh sin tháinig saothair eile i gcló, mar atá, Ordbog over det norske Folkesprog - an chéad fhoclóir - sa bhliain 1850. Ba é an chéad iarracht a rinne sé leis an teanga a chaighdeánú ná Prøver af Landsmaalet i Norge, is é sin, "Eiseamail de chaint na ndaoine san Iorua". Chuir sé dlaoi mhullaigh ar an gcaighdeán le Norsk Grammatik ("Gramadach na hIoruaise") sa bhliain 1864.

Bhí Aasen barúlach go bhféadfaí an bunstruchtúr neamhthruaillithe a aithint thar éagsúlachtaí na gcanúintí labhartha. Ba é a thuiscint gurbh é an fhoirm den fhocal a choinnigh an chuid ba mhó d'fhuaimeanna na sean-Iorruaise an fhoirm ab fhearr, an bhunfhoirm. Ba é an tátal a bhain sé as an iomlán gurbh iad na canúintí in iarthar na tíre na cinn ba chóngaraí don bhunstruchtúr agus don "bhunchanúint" (grunndialekten) a bhí sé ag iarraidh a chaighdeánú. Is féidir cúig phrionsabal a aithint a raibh sé ag cloí leo ina chuid oibre:

  • comhchóras na gcanúintí go léir a oibriú amach, is é sin, an comhréiteach ab fhearr a d'fheilfeadh do na canúintí go léir
  • gaolmhaireacht na bhfocal a dhéanamh inaitheanta sa teanga scríofa. Mar shampla, litrigh sé an focal hugsa ("cuimhneamh, cuimhne a choinneáil") le g, cé go raibh an fuaimniú ní ba chosúla le huksa, ach theastaigh uaidh a thaispeáint go raibh an focal gaolmhar le hug ("intinn, smaointí")
  • an córas scríofa a dhéanamh inléite ag lucht labhartha na Sualainnise agus na Danmhairgise chomh maith. Mar shampla, litrigh Aasen gjera ("déanamh"), toisc go raibh an litir sin g le feiceáil sa tSualainnis agus sa Danmhairgis araon, cé nach raibh an fhuaim féin le cloisteáil.
  • ceartstairiúlacht na bhfoirmeacha liteartha. Is é sin, roghnaíodh sé litriú a bhí cosúil le litriú an fhocail sa tsean-Lochlainnis, ar acht is nach sárófaí an chéad trí phrionsabal.
  • neamh-dhébhríocht na bhfoirmeacha gramadaí.
ag caomhnú Nynorsk

Theastaigh ó Aasen an caighdeán scríofa a dhéanamh chomh haontaithe agus ab fhéidir. Theorannaigh sé an caighdeánú seo don scríbhneoireacht, áfach. Níor chuir sé caighdeán fuaimnithe - lárchanúint - os a gcomhair siúd a bhí leis an Landsmål a chleachtadh.

Caighdeánú na teanga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a thosaigh daoine eile ag baint úsáide as an Landsmål, tháinig easaontas ar an bhfód ina measc chomh maith. Is léir go raibh siad claonta chun an-urraim a thabhairt do bharúil Aasen, ach san am chéanna bhí a mbarúlacha féin acu: an file Aasmund Olavsson Vinje, an prós-scríbhneoir Arne Garborg agus an t-iriseoir Olaus Fjørtoft ach go háirithe. Ba é Fjørtoft an duine ba radacaí acu, i gcúrsaí teanga agus i gcúrsaí polaitíochta araon, nó bhí sé ar duine de na chéad Sóisialaithe san Iorua. Bhí sé inbharúla go gcaithfí tús áite a thabhairt don chanúint bheo, agus dá réir sin chleachtaíodh sé teanga scríofa a bhí an-chosúil le canúint cheantar a dhúchais. Maidir le Garborg (a thug cur síos liteartha ar Fjørtoft san úrscéal úd Bondestudentar, "Mic Léinn ón Tuath"), dhréachtaigh seisean a chaighdeán féin don Landsmål, Midlandsnormalen nó Caighdeán Lár na Tíre. Bhí Midlandsnormalen bunaithe ar theanga Iarthar Telemark thar aon chanúint eile, agus ba nós "teanga na n-amhrán tíre", folkevisemålet, a thabhairt ar an gcineál seo Ioruaise. D'úsáideadh sé féin an caighdeán seo ina chuid scríbhinní, agus is é an leagan seo den teanga atá le feiceáil san aistriúchán a rinne Steinar Schjøtt ar scríbhinní miotaseolaíochta na Sean-Lochlannach. File eile a scríobhadh i Midlandsnormalen ab ea Olav Aukrust.

Cé go raibh leaganacha éagsúla den teanga scríofa ag teacht ar an bhfód mar sin, bhí chéad chaighdeán oifigiúil an Nynorsk bunaithe ar shaothar Aasen don chuid ba mhó. Níor athraigh sin ach nuair a thosaigh ligeadóirí agus casadóirí an chaighdeáin ag iarraidh an dá theanga scríofa a thabhairt in araicis a chéile, agus an cuspóir acu go gcumascfaí an dá theanga scríofa in aon cheann amháin, an Samnorsk mar a thugtaí uirthi. Ba é an scoláire béaloidis Moltke Moe ba mhó a bhí ag cur chun cinn an pholasaí seo. Thar aon rud eile theastaigh uaidh an Bokmål a dhéanamh ní ba chosúla leis an Ioruais labhartha agus an chuid ba mhó den "Danmhargachas" a bhaint den teanga sin, ach san am chéanna bhítí ag iarraidh an Nynorsk a shimpliú agus a dhéanamh ní ba shofhoghlamtha acu siúd a bhí ag cleachtadh an Bokmål.

Rinneadh athchóiriú ar litriú an Landsmål sa bhliain 1910 agus ar litriú an dá theanga sa bhliain 1917. Ní raibh athrú mór i gceist go fóill, agus fágadh faoi na scríbhneoirí féin an ghné ba radacaí den athchóiriú a úsáid nó droim láimhe a thabhairt di. Cruthaíodh an Nynorsk nua-aimseartha leis na hathchóirithe a chuaigh i bhfeidhm sa bhliain 1938 agus, ina dhiaidh sin, sa bhliain 1959. Is é an rud is suntasaí faoin gcaighdeán seo ná gur cuireadh deireadh leis an difríocht idir na hainmfhocail baininscneacha "laga" agus "láidire" san fhoirm dheimhneach. Sa sean-Landsmål ba iad soli agus visa na foirmeacha deimhneacha de na focail sol (ainmfhocal baininscneach láidir) "grian" agus vise "amhrán" (ainmfhocal baininscneach lag). I Nynorsk an lae inniu, áfach, is iad sola agus visa na foirmeacha deimhneacha.

Eaglais Kyrkjesokn i Nord-Trøndelag, a thosaigh ag baint úsáid as Nynorsk sna 1860idí

An Høgnorsk[cuir in eagar | athraigh foinse]

Inniu féin tá dornán daoine míshásta leis na hathruithe a rinneadh ar an Landsmål. Is é a dtuairim siúd gur teanga chlasaiceach í an teanga a chruthaigh Ivar Aasen, agus gur chóir an teanga sin a chleachtadh, cé nach bhfuil sí ag cloí le teanga labhartha an lae inniu.

Tugann siad Høgnorsk nó Ard-Ioruais ar an teanga seo agus iad ag iarraidh í a chur chun cinn. Is é an bharúil atá acu gur botún a bhí ann nuair a rinneadh iarracht an Landsmål a chur in oiriúint don teanga labhartha, nó b'fhearr dúshraith láidir a chur faoin Landsmål mar theanga scríofa chaighdeánaithe, an cineál dúshraith a bhí faoin Riksmål/Bokmål cheana féin.

Cé go raibh an Landsmål, nó an Nynorsk, ag dul ó neart go neart i dtús na fichiú haoise, chaill sí an móiminteam seo i rith na haoise toisc go ndearnadh an iomarca athruithe ar an norm scríofa, dar le lucht leanúna na hArd-Ioruaise.

Is minic a deir lucht leanúna an Nynorsk oifigiúil ná go bhfuil sé tábhachtach nach náirítear aon duine toisc go bhfuil canúint á labhairt aige, agus gurbh fhearr go mbeadh gach duine i dteideal teanga scríofa a chleachtada a bheadh sách cóngarach dá chuid cainte.

Ceann de na natháin is aithnidúla de chuid ghluaiseacht an Nynorsk is ea Snakk dialekt - skriv nynorsk - "bí ag labhairt canúna agus ag scríobh Nynorsk". Ní aontaíonn gluaiseacht na hArd-Ioruaise leis an ngairm chogaidh seo. Deir siad gur feillbheart atá sa chineál seo iolrachais agus nach ndeachaigh sé ach chun dochair don Nynorsk, ós rud é nach féidir leis na daoine bheith cinnte faoi cheart na teanga. Is í an éiginnteacht seo is cúis leis an meath a tháinig ar úsáid an Nynorsk sa dara leath den fhichiú haois, dar leo.

An teanga agus an pholaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go bunúsach tá an eite dheis go mór mór in aghaidh an Nynorsk. Tá na polaiteoirí eite deise ag iarraidh stádas an Nynorsk sa chóras scoile a laghdú agus, fiú, stádas na teanga sa bhunreacht a chur ar ceal. Ní cheadaíonn na páipéir mhóra choimeádacha nuachta úsáid an Nynorsk ar aon nós. Ón taobh eile de, foilsítear an chuid is mó den ábhar ar an nuachtán cléradacach úd Klassekampen i Nynorsk.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]