Aasmund Olavsson Vinje

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aasmund Olavsson Vinje
Portrett av forfatter Aasmund Olavsson Vinje.jpg
Saol
Eolas breitheVinje, 6 Aibreán 1818
NáisiúntachtAn Iorua
BásGran, 30 Iúil 1870
Cúis bháisbás nádúrtha (ailse ghoile)
Oideachas
TeangachaIoruais
Nynorsk
Gairm
Gairmiriseoir, file, scríbhneoir, saineolaí dlí agus polaiteoir
Discogs ID857025

Scríbhneoir, file agus gníomhaí teanga Ioruach ab ea Aasmund Olavsson Vinje a rugadh i Vinje (cúige Telemark) ar an 5ú lá de Mhí Aibreáin sa bhliain 1818 agus a fuair bás in Gran (cúige Oppland) ar an 30ú lá de Mhí Iúil sa bhliain 1870.

Is é an cineál Ioruaise a chleachtadh sé ina chuid scríbhinní ná an Nynorsk (nó Landsmål mar a thugtaí ar an leagan sin den teanga san am). Le fírinne bhí sé ar an gcéad scríbhneoir a thosaigh ag scríobh Nynorsk i ndiaidh Ivar Aasen féin.

Is é an dán is clúití a tháinig óna pheann ná Våren - "An tEarrach", agus chuala an saol mór an dán áirithe seo á chanadh sa bhunteanga, ó chuir an ceolchumadóir Edvard Grieg fonn leis go gairid roimh bhás an fhile.

Áirítear Vinje ar fhilí na tréimhse idir eatarthu i ndiaidh bhás Henrik Wergeland (1845) agus teacht an nua-aoiseachais ("briseadh mór na nua-aoise" mar a deir muintir Chríoch Lochlann, det moderna genombrottet as Sualainnis agus det moderne gjennombrotet as Ioruais). Sa bhreis ar a chuid filíochta bhí sé ina iriseoir thábhachtach freisin agus é ina chomhfhreagraí ag an nuachtán Drammens Tidende agus ag a nuachtán féin i Christiania, mar a thugtaí ar Oslo san am sin.

Deirtear go raibh sé in ann dhá thaobh na seithe a fheiceáil ar gach ceist mhór dá raibh faoi chaibidil sa tsochaí agus gurbh é an "radharc dúbailte" (tvisyn ina theanga féin) seo a rinne iriseoir maith de.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]