Bokmål

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is éard atá i gceist leis an mBokmål ("teanga na leabhar") ná an cineál Ioruaise atá bunaithe ar an Danmhairgis, seachas ar chanúintí na hIorua.

An Scaradh leis an Danmhairg[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1814, scar an Iorua leis an Danmhairg, nó i ndiaidh Chomhdháil Vín fuair an tSualainn an Iorua ón Danmhairg in éiric na Fionlainne, a bhí sealbhaithe ag an Rúis i gCogadh na Fionlainne 1808-1809. Roimhe sin, ba í an Danmhairgis teanga oifigiúil na hIorua, agus teanga na leabhar is na litríochta san Iorua. Le teacht an Aontais leis an tSualainn áfach ní raibh an Danmhairgis riachtanach mar theanga oifigiúil a thuilleadh, agus ó nach ndearna na Sualannaigh iarracht ar bith lena dteanga féin a chur i bhfeidhm ar an Iorua, bhí cead ag na hIoruaigh a dteanga a roghnú mar ab fhearr leo féin.

An Diospóireacht Teanga sna 1830idí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an chosmhuintir ag labhairt a gcuid canúintí féin, ach is í an chaint a bhí ag na daoine galánta ná den dannede daglegtale nó "an chaint laethúil ardoideachais/shibhialta". Is éard a bhí i gceist leis an dannede daglegtale ná Danmhairgis a bhí breac le tionchar ón Ioruais agus í á fuaimniú de réir fhoghareolaíocht na gcanúintí Ioruaise. Sna 1830idí thosaigh na hintleachtóirí Ioruacha ag díospóireacht faoin gcineál Ioruaise a bheadh ag teastáil feasta. Bhí dhá dhream ann go bunúsach: iad siúd a bhí barúlach go mba chóir an Danmhairgis a thabhairt chun Ioruachais de réir a chéile, agus iad siúd ar theastaigh teanga chaighdeánach nua uathu, agus í bunaithe ar na canúintí dúchasacha. Ba iad an scríbhneoir Henrik Wergeland agus an teangeolaí Knud Knudsen a bhí ag éileamh go dtabharfaí an Danmhairgis chun Ioruachais, agus is é an meas atá orthusan inniu gurbh iadsan a chuir tús leis an Riksmål (níos déanaí, Bokmål) mar theanga.

Bhí ina chogadh dearg idir Wergeland agus Johan Sebastian Welhaven agus Wergeland. Is é an bharúil a bhí ag Welhaven nach mba chóir an Danmhairgis ghlan a chur ó mhaith trí fhocail nó foirmeacha Ioruacha a mheascadh tríthi: theastaigh uaidh an caighdeán céanna a bheith in úsáid san Iorua agus sa Danmhairg go deo. Ón taobh eile de, ní raibh Wergeland ar aon fhocal le hIvar Aasen ach an oiread. Bhí Aasen barúlach go mba chóir teanga nua a chaighdeánú agus í bunaithe ar chaint na ndaoine san Iorua.

Is éard a bhí ag teastáil ó leithéidí Knudsen agus Wergeland ná an teanga chaighdeánach a chur in oiriúint don fhíorfhuaimniú ar a laghad - na focail a litriú mar a d'fhuaimnítí sa dannede daglegtale iad. Thar aon rud eile bhí siad inbharúla nach raibh sé ciallmhar b, d agus g a scríobh ar lorg an ghuta má ba é p, t, k an fíorfhuaimniú. Thairis sin ní raibh úsáid na litreach æ ag cloí le fuaimniú na Danmhairgise féin gan aon trácht a dhéanamh ar an Ioruais, agus b'fhearr le lucht leasaithe na teanga e a thabhairt isteach sa chuid ba mhó de na focail.

Na hAthruithe Teanga sa Dara Leath den Naoú hAois Déag[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iomaí craiceann a chuir an teanga di i rith na naoú haoise déag. Caitheadh foirmeacha iolra na mbriathar i dtraipisí: roimhe sin ba nós jeg er ("tá mé") agus vi ere ("tá muid") a scríobh, ach anois bhí sé ceart vi er a úsáid. Dhá nós eile a chuaigh in éag sa tréimhse seo ná na litreacha dubha Gearmánacha - ba iad na gnáthlitreacha Laidineacha a d'éirigh coitianta san am - agus cleachtadh eile a tháinig ón nGearmáinis, is é sin, an cás uachtair i dtús na ngnáth-ainmfhocal. Sa bhliain 1879 ceadaíodh do na daltaí a ngnáthchanúint a labhairt sna scoileanna: chaithfidís an caighdeán scríofa a fhoghlaim, ach ní chaithfidís a dteanga labhartha a mhúnlú air a thuilleadh. Mhothaigh na múinteoirí áfach go raibh an difríocht idir an teanga scríofa agus an chaint ag éirí rómhór, agus go mbeadh sé géar-riachtanach rud éigin a dhéanamh leis an difríocht seo a laghdú. Sa bhliain 1885 tháinig an dlí a d'fhoráil go mbeadh an landsmål (mar a thugtaí ar an Nynorsk san am) agus an ghnáth-theanga scríofa ar aon stádas le chéile mar theangacha oifigiúla caighdeánacha. Sa bhliain 1892 chinn an t-údarás scolaíochta agus oideachais, Skolestyrelsen, go raibh na daltaí scoile go léir le léamh an dá chineál Ioruaise a fhoghlaim, cé nach bhfaighidís an teagasc ach i gceann den dá theanga.

An Chéad Leath den Fhichiú hAois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1901 caitheadh na túslitreacha móra Gearmánacha agus foirmeacha iolra na mbriathar i dtraipisí go hoifigiúil. Thairis sin fuair na briathartha an iarmhír -a san aimsir chaite, seachas -ade.

Sa bhliain 1905 scoireadh Aontas na Sualainne agus na hIorua, agus bhain an Iorua amach neamhspleáchas iomlán. Ón mbliain 1899 bhí gluaiseacht láidir riksmål ag obair sa tír - bhí lucht leanúna an riksmål buartha go raibh an landsmål leis an Iorua go léir a shealbhú, ionas nach mbeadh a dhath fágtha den tseanteanga Dhanmhargach-Ioruach. Sa bhliain 1907 fuair an riksmål, an leagan leasaithe den Ioruais-Dhanmhairgis, stádas oifigiúil san Iorua. Rinneadh tap den fhocal tab, bok den fhocal bog agus mat den fhocal mad. Tugadh isteach foirmeacha malartacha deonacha, agus iad bunaithe ar an ngnáthchaint.