Moltke Moe
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 19 Meitheamh 1859 Krødsherad, An Iorua |
Bás | 15 Nollaig 1913 54 bliana d'aois Christiania, An Iorua |
Áit adhlactha | Vestre Aker kirkegård |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ollamh, scríbhneoir |
Fostóir | Ollscoil Osló |
Teangacha | An Ioruais |
Teaghlach | |
Athair | Jørgen Moe |
Siblín | Ole Falk Moe agus Védastine Aubert |
Scoláire béaloidis agus gníomhaí teanga ón Iorua a bhí in Ingebret Moltke Moe, a tháinig chun saoil i Krødsherad, cúige Viken, ar an 19 Meitheamh 1859 agus a fuair bás in Kristiania (inniu Oslo) ar an 15 Nollaig 1913.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ministir Protastúnach agus bailitheoir mór béaloidis a bhí ina athair féin, agus ní raibh i Moltke Moe óg ach stócach ocht mbliana déag d'aois nuair a thosaigh sé ag tionlacan a athar ag bailiú seanscéalta i gceantar Telemark.
Bhí Moe ina Ollamh le Béaloideas roimh aon duine eile i gCríoch Lochlann. Bhain sé amach an gradam seo sula raibh tríocha bliain d'aois nó céim ollscoile aige.
Cúrsaí teanga
[cuir in eagar | athraigh foinse]I gcúrsaí teanga, bhí Moe barúlach gur chóir dhá chaighdeán scríofa na hIoruaise, an Bokmål agus an Nynorsk, a thabhairt in araicis a chéile. Ghlac sé páirt i ndréachtáil cheartlitriú na bliana 1907. Leis an gceartlitriú seo cuireadh caighdeán "Ioruach" in aghaidh an chaighdeáin "Dhanmhargaigh" don Bokmål: le fírinne d'athraigh ainm na teanga sin ó Riksmål go Bokmål san am.
Béaloideas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Béaloideasaí ab ea é.[1]
Tionchar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig an teangeolaí agus Reidar Th. Christiansen, mac léinn Moe, go hÉirínn sa bhliain 1920.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Saothair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Eventyrlige sagn i den ældre historie (1906)
- Folkeminne frå Bøherad (1925)
- Samlede Skrifte (1926)[3]
- Folke-eventyr frå Flatdal (1929)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ó Cathain, Séamas (1999). "Oíche Fhéile Bríde agus Lá Lúnasa / THE FESTIVAL OF BRIGIT THE HOLY WOMAN in Celtica". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-03-21. Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Folsom, Christina Marie / nuigalway.ie. "The Irish Folklore Commission Questionnaire System, 1936-1945". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Moltke Moe (1926). "Moltke Moes Samlede skrifter" (as da). H. Aschehoug & Company.