Jump to content

An Mháltais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Máltais)
Infotaula de llenguaAn Mháltais
Malti
EapainmMálta
Cineálteanga nádúrtha agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais570,000 (2012)
Dúchasach doMáltaigh agus Málta
StáitMálta, Ceanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Astráil agus an Ríocht Aontaithe
Comhordanáidí35° 53′ N, 14° 27′ E / 35.89°N,14.45°E / 35.89; 14.45
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Afra-Áiseacha
teangacha Seimíteacha
an Araibis
Araibis na Magraibe
Sicilian Arabic (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach agus Maltese Braille (en) Aistrigh
Institiúid caighdeánaitheNational Council for the Maltese Language (en) Aistrigh
Staidéar agMaltese studies (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1mt
ISO 639-2mlt
ISO 639-3mlt
Glottologmalt1254
Linguasphere12-AAC-c
Ethnologuemlt
ASCL2501
IETFmt

Is í an Mháltais an teanga a labhraíonn muintir dhúchasach Mhálta. Go bunúsach, canúint Araibise a bhí ann ó thús, agus í cosúil le canúintí Araibise Iarthuaisceart na hAfraice, ach ó tharla gur chaill an t-oileán an ceangal cultúrtha agus reiligiúnda leis an saol Arabach, chuaigh an chanúint áitiúil a bealach féin. Tháinig na mílte focal iasachta isteach ón tSicilis, ón Iodáilis agus ón mBéarla, agus chuir siad athrú cosúlachta ar an teanga go hiomlán. Inniu, tá an Mháltais chomh breac le focail iasachta is gur féidir leis an Iodálach cuid mhaith céille a bhaint aisti, siúd is nach dtuigeann sé an chuid is bunúsaí den teanga.

Is í an Mháltais an t-aon teanga dhúchasach Afráiseach amháin a labhraítear san Eoraip, agus is í an t-aon teanga Shéimíteach amháin a bhaineann úsáid as an aibítir Laidineach. Ní raibh ann, thar na céadta bliain, ach canúint labhartha, nó ba rogha leis na daoine a gcuid scríbhneoireachta a dhéanamh as Araibis, as Iodáilis nó as Béarla. Níor caighdeánaíodh í ach i dtús na fíchiú haoise. Rinneadh teanga oifigiúil di, in áit na hIodáilise, sa bhliain 1936, nuair a bhí muintir an oileáin ag éirí buartha faoi Fhaisisteachas na hIodáile. Bhí an deachtóir Benito Mussolini den bharúil gur Iodálaigh ab ea muintir Mhálta, agus theastaigh uathusan a thaispeáint nárbh ea in aon chor.

Tá cuid mhór de ghramadach na Máltaise bunaithe ar chóras na dtamhan tríchonsanach i gcónaí, cosúil leis an Araibis. Féach an dóigh a réimnítear an briathar úd qatel, "mharaigh sé", cuir i gcás:

qtilt = mharaigh mé

qtilt = mharaigh tú

qatel = mharaigh sé

qatlet = mharaigh sí

qtilna = mharaigh muid

qtiltu = mharaigh sibh

qatlu = mharaigh siad

Is iad an trí chonsan QTL a fhanann gan athrú, agus an phearsa á cur in iúl trí ghutaí éagsúla a shá isteach idir na consain. Tá córas cosúil leis an gceann seo ag oibriú sna teangacha Seimíteacha ar fad, ach, ar ndóigh, cuirtear réimíreanna agus iarmhíreanna difriúla leis an tamhan tríchonsanach freisin.

Ní féidir an córas seo a chuir i bhfeidhm ar na briathartha iasachta, áfach; agus mar sin, ní chuirtear ach iarmhíreanna agus réimíreanna leo. Mar sin, is féidir foirmeacha cosúil le nimmonopolizzaw = "tá muid ag monaplú" nó jiddawnlowdja = "tá sé ag íoslódáil" a fheiceáil i dtéacsaí Máltaise, ina bhfuil iarmhír agus réimír Shéimíteach curtha timpeall ar fhocal de bhunús na hIodáilise nó an Bhéarla. Bíonn iasachtaí Béarla an-choitianta inniu, cosúil le grawnd ta'l-isports = páirc lúthchleas (ó sports ground an Bhéarla).

Feictear na litreacha neamhghnácha Ċ, Ħ, agus Ż sa Mháltais. Fuaimnítear an chéad cheann acu cosúil le CH an Bhéarla, agus is ionann an dara ceann acu agus CH leathan na Gaeilge. An délitir GĦ, áfach, ní bhíonn ann ach comhartha stairiúil nach bhfuaimnítear ar aon nós, siúd is go gcuireann sí le fad an ghuta atá ag teacht roimpi. Ní fhuaimnítear an litir H ach an oiread. Is ionann Ż na Máltaise agus Z an Bhéarla, nó is mar Z na hIodáilise (= [ts] nó [dz]) a fhuaimnítear an litir Z gan phonc sa Mháltais. Is ionann, arís, X na Máltaise agus SH an Bhéarla. Maidir leis an Q, is mar phléascach glotais a fhuaimnítear é, is é sin, cosúil leis an litir T i bhfuaimniú na canúna Cockney i bhfocail ar nós "bottle" (is é sin, "bo'l").

Fuair an Mháltais stádas oifigiúil san Aontas Eorpach, nuair a bhain Málta amach ballraíocht san Aontas.

Cé gur teanga réasúnta beag í an Mháltais, tá cuid mhaith canúintí ann. An cineál Máltaise a labhraítear in Oileán Għawdex, ach go háirithe, tá sí an-difriúil leis an leagan oifigiúil den teanga, agus bíonn sí dothuigthe ag muintir Vaileite go minic. In Oileán Mhálta féin, áfach, bíonn difríochtaí suntasacha idir na canúintí, agus blas ar leith ar an gcineál Máltaise, abair, a labhraítear in Il-Kottonera. Sa teanga chaighdeánach féin, tá sé ceadaithe cloí le do chanúint i miontréithe áirithe: mar shampla, i bhfocail mar laqgħu "d'fháiltigh siad", is féidir an -għu a fhuaimniú mar [eu] nó mar [ou], de réir do chanúna féin.

An Máltais taobh amuigh do Málta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2001 ba í Máltais an mháthairtheanga do 41,393 duine san Astráil. Is í an hochtú teanga déag is comónta san Astráil.

I 2011 bhí Máltais an mháthairtheanga do 6,220 duine síos ó 6,405 i 2006 i gCeanada.

Léigh freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Joseph AQUILINA: Teach Yourself Maltese. Hodder & Stoughton 1994
  • Albert M. CASSOLA: Maltese in Easy Stages. Progress Press, Valletta 1996 (an naoú heagrán)
  • Lydia SCIRIHA: Beginning Maltese. Malta University Publishers 2004