An tSicilis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn tSicilis
Sicilianu
EapainmAn tSicil
Cineálteanga, teanga nádúrtha agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais4,700,000 (2002)
Dúchasach doAn tSicil
Stáitan Iodáil
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Iodáilice
teangacha Rómánsacha
Italo-Romance (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Leibhéal leochaileachta2 leochaileach
Cóid
ISO 639-2scn
ISO 639-3scn
Glottologsici1248
Ethnologuescn
UNESCO1023
IETFscn

Teanga Rómánsach í an tSicilis a labhraítear sa tSicil. Tá an chanúint sin le cloisteáil ar fud na Sicile agus na n-oileán beag ina timpeall. Thairis sin, labhraítear canúintí gaolmhara i gcodanna de réigiúin Puglia agus Calabria ar an mórthír. Ar ndóigh, is féidir teacht trasna ar imirceánaigh ón tSicil i dtíortha móra an Bhéarla, na Stáit Aontaithe ach go háirithe, a bhfuil an teanga go líofa acu i gcónaí.

Fuair an tSicilis cuid mhaith focal ar iasacht ón nGréigis, ón Araibis, ón tSean-Fhraincis. Is deacair a rá, áfach, cathain a thosaigh sí á forbairt. Níl na teangeolaithe cinnte, ar mhair aon leagan den Laidin thruaillithe á labhairt nuair a bhí na hArabaigh i seilbh an oileáin, nó ar cuireadh an chéad síol leis an tSicilis i ndiaidh bhlianta an Arabachais. Tá sé sábháilte a rá nach bhfuil an tSicilis leath chomh sean leis an tSairdínis, ach mar sin féin, maireann cúpla focal sa teanga a bhfuil an-seanchuma orthu. Más fíor nár tháinig an Laidin thruaillithe, as ar fáisceadh an tSicilis, - más fíor nár tháinig sí go dtí an tSicil ach i ndiaidh imeacht na nArabach, b'as Cúige Campania ba mhó a tháinig sí, agus blas na gcríoch sin uirthi.

Ní úsáidtear mórán Sicilise i litríocht inniu, ach amháin ar mhaithe leis an gcanúnachas. Ina dhiaidh sin féin, tá traidisiún liteartha ag an gcanúint a théann siar a fhad leis an dara nó an tríú haois déag. Sna blianta sin, bhí scoil filíochta ag cumadh dánta agus laoithe Sicilise san oileán in aithris ar fhilíocht na dtrúbadóirí i nDeisceart na Fraince.

Bhí an-tionchar ag an tSicilis ar an Máltais. Araibis ab ea an Mháltais ar dtús, ach ghlac sí leis na mílte iasachtaí ón tSicilis, i gcruth is nach bhfuil ann inniu ach focail Sicilise agus iad fáiscthe isteach i bhfráma na gramadaí Araibise. Fiú na focail a fuair an Mháltais ón Iodáilis chaighdeánaithe, is dual don Mháltach iad a fhuaimniú mar a d'fhuaimneodh an Sicileach iad, agus a chuma sin ar an litriú Máltaise. Mar shampla, teatru is ea an focal Máltaise ar an "amharclann", agus ní teatro.

Níltear cinnte, an bhfuil mórán todhchaí i ndán don tSicilis, áfach. De réir mar atá an scoil ag cur na hIodáilise caighdeánaithe i mbéal na ndaoine óga, tá an tSicilis ag imeacht. Is dócha gurb é Mafia an chosaint is fearr atá ag an teanga, íorónta go leor. Nó is léir go bhfuil sé ag teacht isteach úsáideach ag na coirpeoirí teanga rúnda a bheith acu nach bhfuil intuigthe ag na péas.

Sna meáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá roinnt mhaith den chaint i gcuid a dó den tríológ The Godfather i Sicilianu. Chaith Robert De Niro agus roinnt de na haisteoirí eile roinnt míonna sa tSicil ag foghlaim na canúna sular cuireadh tús leis an scannánú.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Micheál Mac an Bheatha (15 Deireadh Fómhair 2013). "The Godfather 1972 - Francis Ford Coppola" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-07-04.