Jump to content

An Longfort–An Iarmhí (Dáilcheantar)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Longfort-an hIarmhí)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Longfort–An Iarmhí

Suíomh
Map
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae an Longfoirt Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú2007

Is Dáilcheantar 5 suíochán é An Longfort–An Iarmhí, dá chontae lár tíre ar bhruach na Sionainne atá ceangailte le chéile go polaitiúil. Is Dáilcheantar 5 suíochán é seo ó 2024. Bhíodh ceithre shuíochán ann roimh 2024 ach cuireadh an chuid den Iarmhí a bhíodh i Mí Thiar ar ais sa dáilcheantar agus suíochán breise le líonadh dá bharr.

Sa dáilcheantar tá dá chontae iomlán. San Iarmhí atá os cionn 60% de na vótaí. Ar an gcaoi sin tá trí shuíochán ar a laghad ag dul d’iarrthóirí ón Iarmhí agus péire ar a mhéid ag dul go dtí an Longfort.[1] Tá Fine Gael níos láidre ná Fianna Fáil i gcontae Longfoirt: mar shampla, bhí 43% de na vótaí ag iarrthóirí Fhine Gael i Longfort sna toghcháin áitiúla 2024.

Sorca Clarke, SF, 2022
Peter Burke (FG), 2016

Toghadh Willie Penrose (LO), James Bannon (FG), Robert Troy (FF) agus Nicky McFadden, a d'éag sa bhliain 2014 agus toghadh Gabrielle McFadden ina áit i bhfothoghchán.

San Olltoghchán 2016, toghadh Peter Burke (FG), Robert Troy (FF)., Kevin ‘Boxer’ Moran agus Willie Penrose (Lucht Oibre). Sheas an Gaeilgeoir Manchán Magan don Chomhaontas Glas.

2020

San Olltoghchán 2020, toghadh Peter Burke (FG); Sorca Clarke (SF); Joe Flaherty (FF) agus Robert Troy (FF). Bhí Kevin ‘Boxer’ Moran (neamhspleách) 791 vóta gann agus é ag iarraidh a shuíochán a choinneáil.[1] Theip leis an Seanadóir Michael Carrigy (FG) suíochán a fháil ; fuair sé 6,334 vóta in 2020. Cuireadh Michael Carrigy (FG) as an rása sa 10ú comhaireamh agus nuair a aistríodh a vótaí, fuair Joe Flaherty (FF ) ó Longfort  níos mó vótaí uaidh ná mar a aistríodh trasna na teorann chuig a chomhghleacaí i bhFine Gael, Peter Burke (FG) as an Iarmhí. Bhíodh suíochán sa Dáilcheantar seo ar feadh na mblianta ag Willie Penrose (Lucht Oibre), ach chaill sé é sa bhliain 2020.[1]

2024

Scór iarrthóirí a bhí ag seasamh in 2024, ina measc an ceathrar a toghadh in 2020: Peter Burke (FG); Sorca Clarke (SF); Joe Flaherty (FF) agus Robert Troy (FF). Ní raibh an Móránach ag luí ar na maidí idier 2020-2024. Toghadh é ar Chomhairle Chontae na hIarmhí i mí an Mheithimh le 3,782 vóta, agus 40% dá vóta i gceantar Bhaile Átha Luain.

Triúr iarrthóirí a bhí ag Fine Gael, ina measc an tAire Stáit Peter Burke (FG) a tharraing trioblóid ar a pháirtí nuair a chuir Michael O’Leary olc ar mhúinteoirí na tíre, ag ócáid seolta a fheachtais.[1]

Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 atoghadh Peter Burke (FG); Sorca Clarke (SF) agus Robert Troy (FF), agus toghadh Kevin ‘Boxer’ Moran (neamhspleách) agus Micheál Carrigy (FG).

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Donncha Ó hÉallaithe (18 Samhain 2024). "Stanley faoi bhrú i Laois, muintir Cowen imithe in Uíbh Fhailí agus Boxer ar ais san Iarmhí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-18.