Leabhar Mholing

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharLeabhar Mholing

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineállámhscríbhinn dhathmhaisithe agus Leabhar Soiscéal Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh8 haois

Leabhar Soiscéalach póca Éireannach den 8ú haois is ea Leabhar Mholing (Baile Átha Cliath, Leabharlann Choláiste na Tríonóide MS 60 (A. I. 15)). Tá ann san áireamh sa téacs na ceithre Soiscéil, seirbhís liotúirgeach le Cré na nAspal, agus sa cholafan, plean mar dhea de mhainistir Mholing laistigh de dhá chiorcal chomhlárnacha.

Ainmníodh an lámhscríbhinn as an gcreideamh gurbh é an scríobhaí ná Naomh Mo Ling (bás 697), bunaitheoir Tigh Moling, Contae Cheatharlach. Feictear a leanas ag bun soiscéal Eoin: [N]omen scriptoris Mulling dicitur. Is níos óige í an lámhscríbhinn, áfach, agus is féidir trí scríobhaí a fheiceáil ann: duine amháin dosna réamhráite, duine eile dosna soiscéalta sionoptacha (Matha, Marcas agus Lúcás) agus triúr duine do Shoiscéal Eoin.[1] D'fhéadfadh é fós g go ndearnadh an leabhar as cóip de lámhscríbhinn Mholing.

Scríobhadh an leabhar le mionscript chaol. Is í seo ar cheann desna lámhscríbhinní deireanacha ina feictear ardstíl lámhscríbhinn dhathmhaisithe, ina measc túslitreacha agus trí phortráid soiscéalaithe: Maths, Marcas agus Eoin. Caomhnaítear a cumhdach seodmhar i dteannta léi i gColáiste na Tríonóide.

Tionscadal Early Irish Manuscripts[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar chuid den tionscadal Early Irish Manuscripts, táthar ar bun i gColáiste na Tríonóide a gcuid lámhscríbhinní a chaomhnú agus a digitiú, san áireamh Codex Usserianus Primus, Leabhar Mholing, Leabhar Dhioma agus Ceithre Leabhar Bhinn Éadair. Baineadh san obair leas as ainilís ábhar datha neamhscriosach.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Doyle, Peter. "The Text of Saint Luke's Gospel in the Book of Mulling." Proceedings of the Royal Irish Academy 73 C 6 (1973). 177–200.
  • Henry, Franciose. Irish Art in the Early Christian Period. Londain: Methuen & Co. Ltd., 1940.
  • Henry, Francoise and Genevieve Marsh-Micheli, Studies in Early Christian and Medieval Irish Art, Iml. II. Manuscript Illumination. Londain: The Pindar Press, 1984.
  • Lawlor, Hugh Jackson. Chapters on the Book of Mulling. Dún Éadain, 1897. Le fáil iaInternet Archive
  • Nees, Lawrence. "The Colophon Drawing in the Book of Mulling. A Supposed Irish Monastery Plan and the Tradition of Terminal Illustration in Early Medieval Manuscripts." Cambridge Medieval Celtic Studies 5 (1983). 67–91.
  • Sterick, Robert D. "The plan of the evangelist portrait pages in the 'Book of Mulling'." Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 121 (1991): 27–44.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. William O'Sullivan, "Manuscripts and Palaeography." In A New History of Ireland, vol 1. Prehistoric and Early Ireland, eag. Dáibhí Ó Cróinín. Oxford, 2005. 535
  2. "Early Irish Manuscripts".