Ceithre Leabhar Bhinn Éadair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharCeithre Leabhar Bhinn Éadair
Cineállámhscríbhinn Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Laidin Cuir in eagar ar Wikidata

Leabhar Soiscéalach as Laidin de chuid na 8ú go 10ú haoiseanna is ea Ceithre Leabhar Bhinn Éadair, aitheanta fosta mar Codex Usserianus Secundus. I gcóras Beuron, ainmnítear é r228. Scríobhadh é i mainister Inis Mhic Neasáin, Baile Átha Cliath, agus choinnítí é san eaglais pharóiste i mBinn Éadair ina aice láimhe. Caomhnaítear anois é i gColáiste na Tríonóide faoin uimhir catalóige MS 56 (A. IV. 6).[1]

Tá ann sa lámhscríbhinn phárpháipéir seo téacs na gceithre Soiscéil, ach ann ámh lacunae;[1] mar shampla, níl ann ach 5:12-10:3 de Shoiscéal Eoin.[2] Níl ar marthain inniu ach 86 fóilió. Feictear ann script "diminuendo" ina túslitreacha, saintréith desna lámhscríbhinní scríofa le Cló na nOileán, amhail is Cathach Cholm Cille. Meastar go bhfuil obair go leor scríobhaithe le feiceáil ann, duine ar bith acu áfach den chéad aicme.

Ó thaobh na teangan de, faightear ann meascán de Vetus Latina i soiscéal Mhatha, agus teanga an-ghar den Vulgáid i Marcas, Lúcás agus Eoin.[1][3]

Rinne T. K. Abbott comhthiomsú den saothar, agus d'eagraíodh é agLawlor, Hoskier agus Jülicher.[1]

Garland of Howth [cuir in eagar | athraigh foinse]

As Béarla, tugtar don leabhar an teideal Garland of Howth. Truailliú atá ann san fhocal garland ar an nGaeilge "Ceithre Leabhair".

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Literature in Ireland, by James Carney, in A New History of Ireland, iml. 2, ll. 527, 531.
  • T. K. Abbott, Evangeliorum Versio antehieronymiana ex codice Usseriano, iml. II (Baile Átha Cliath, 1884), ll. 819–963.
  • A. Jülicher, Itala. Das Neue Testament in Altlateinischer Überlieferung, Walter de Gruyter, Berlin, Nua-Eabhrac, 1976.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Bruce M. Metzger, The Early Versions of the New Testament, Oxford University Press, 1977, lch. 300.
  2. No 28[nasc briste go buan] sa tábla]
  3. Scrivener, Frederick (1894). "A Plain Introduction to the Criticism of the New Testament, iml. 2". Londain: George Bell & Sons.