Lafcadio Hearn
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Patrick Lafcadio Hearn 27 Meitheamh 1850 Lefkada, Gréig ![]() |
Bás | 26 Meán Fómhair 1904 54 bliana d'aois Ōkubo ![]() |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach agus aingíne chléibh) |
Áit adhlactha | Zōshigaya Cemetery (en) ![]() ![]() |
Comhairleoir rialtas eachtrach sa tSeapáin le linn thréimhse na Meiji | |
1890 – ![]() | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Búdachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Ushaw (1863–1867) ![]() |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Iriseoireacht, horror literature (en) ![]() |
Gairm | scríbhneoir, múinteoir ollscoile ![]() |
Tréimhse oibre | 1884 – |
Fostóir | Ollscoil Waseda (1904–1904) Tokyo Imperial University (en) ![]() Imperial University of Japan (en) ![]() Fifth High School (en) ![]() ![]() |
Faoi thionchar | |
Ainm cleite | Koizumi Yakumo (1896–) ![]() |
Teangacha | Béarla, An tSeapáinis agus an Fhraincis |
Teaghlach | |
Céile | Althea Foley (1875–1877), colscaradh Setsu Koizumi (1891–) ![]() |
Páiste | Kiyoshi Koizumi ( ![]() Iwao Inagaki ( ![]() ![]() |
Athair | Charles Bush Hearn agus Rosa Antonia Cassimati |
Siblín | James Daniel Hearn |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Scríbhneoir ab ea Patrick Lafcadio Hearn (/hɜːrn/; Gréigis: Πατρίκιος Λευκάδιος Χερν; 27 Meitheamh 1850 – 26 Meán Fómhair 1904), a raibh aithne air freisin faoina ainm Seapánach Koizumi Yakumo (小泉 八雲). Aithnítear é sa chuid is mó as a chuid leabhar faoin Seapáin, go mór mhór as a dhíolaimí miotas agus scéalta taibhsí i mBéarla a leithéid Kwaidan: Stories and Studies of Strange Things. Tá cáil freisin ar a chuid scríbhinní faoi New Orleans, Louisiana, iad bunaithe ar na deich mbliana a chaith sé ina chónaí sa chathair úd. Sa tSeapáin, áfach, a mhothaigh sé ar a shuaimhneas ba mó. Phós sé bean Sheapánach, rugadh ceathrar páistí dóibh agus ghlac sé le saoránacht na Seapáine.
A óige[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bí cúlra casta teaghlaigh aige, agus eisean faoi chúram a athar, a mháthar agus aintín leis ag amanna difriúla. B'as Éirinn a athair, agus Gréagach ab ea a mháthair. Rugadh Lafcadio ar cheann de na hOileáin Iónacha sa Ghréig, mar atá Lafcada (as a dtagann an dara ainm leis) agus tógadh é i mBaile Átha Cliath, Contae Phort Láirge agus i mBangor sa Bhreatain Bheag. Oileadh i Sasana agus sa Fhrainc é. D'aistrigh sé scéalta Guy de Maupassant ón bhFraincís go dtí an Béarla.
A ghairmré[cuir in eagar | athraigh foinse]
Thug sé aghaidh ar Mheiriceá agus é 19 bliana d'aois. Rinne sé a bhealach chuig Cincinnati, Ohio mar a raibh daoine gaolta leis ina gcónaí ann. Agus é 23 bliain d'aois phós sé bean óg ghorm darbh ainm Alethea ("Mattie") Foley, rud a bhí in aghaidh an dlí in Ohio san am.

Shíothlaigh Hearn i dTóiceo de bharr taom croí. I ndiaidh a bháis, ghlac Natsume Sōseki cathaoir litríocht an Bhéarla in Ollscoil Thóiceo, post a bhí ag Hearn go dtí sin.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |