James Knox Polk
Bhí sé i bhfeidhmeannas ón 4 Márta 1845 go dtí an 4 Márta 1849. Ba é James Knox Polk (2 Samhain, 1795 – 15 Meitheamh, 1849) an 11ú uachtarán ar na Stáit Aontaithe, i bhfeidhmeannas ón 4 Márta 1845 go dtí an 4 Márta 1849 Roimhe sin bhí sé ar an 13ú Spéicéir de Theach na nIonadaithe (1835-1839) agus an naoú Gobharnóir Tennessee (1839–1841). Bhí sé ina dhalta coimirce d'Andrew Jackson, ina bhall den Pháirtí Daonlathach agus i bhfách le daonlathas jacksoniana. Tá cáil ar Polk go príomha mar gheall ar leathnú a dhéanamh ar chríoch na Stát Aontaithe tríd an gCogadh Mheicsiceo-Mheiriceánach; le linn a uachtaránachta, tháinig méadú suntasach ar na Stáit Aontaithe nuair a cuireadh Poblacht Texas, Críoch Oregon, agus Géilleadh Meicsiceach i bhfeidhm, tar éis bua Mheiriceá sa Chogadh Mheicsiceo-Mheiriceánach.
Tar éis dó cleachtadh dlí rathúil a thógáil i dTennessee, toghadh Polk chuig a reachtas stáit sa bhliain 1823 agus ansin chuig Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe i 1825, agus thug sé tacaíocht láidir d'Andrew Jackson. Tar éis dó bheith i bhfeidhmeannas mar chathaoirleach ar an gCoiste um Bealaí agus Modhanna, rinneadh Spéicéir an Tí de in 1835, an t-aon duine amháin a chaith seal mar Spéicéir agus mar Uachtarán SAM.
D'fhág Polk Comhdháil na Stát Aontaithe agus é ag dul san iomaíocht sa toghchána le haghaidh gobharnóir Tennessee, a bhuaigh sé i 1839, ach a chaill se i 1841 agus 1843. Ní raibh aon choinne leis go mbuafadh sé i dtoghchán uachtaránachta 1844 mar ainmní an Pháirtí Dhaonlathaigh; d'iontráil sé coinbhinsiún a pháirtí mar ainmní féideartha don leasuachtarán ach tháinig sé chun cinn mar phríomh-iarrthóir ar an dticéad nuair nach bhféadfadh aon iarrthóir uachtaránachta an tromlach dhá thrian is gá a fháil. San olltoghchán, bhuaigh Polk ar Henry Clay de chuid Pháirtí na bhFuigeanna.
Tar éis idirbheartaíochta lán le baol cogaidh, tháinig sé ar shocrú leis an mBreatain Mhór mar gheall ar Chríoch Oregon, a raibh easaontas ann faoi, agus a raibh roinnte feadh an 49ú líne leithid. Bhain Polk an bua amach sa Chogadh Meicsiceach-Mheiriceánach, a raibh de thoradh air gur scoir Meicsiceo as Iardheisceart Mheiriceá ar fad. Fuair sé laghdú suntasach ar rátaí taraife le 'Walker tariff', sa bhliain 1846.
An bhliain chéanna, bhain sé amach a sprioc mhór eile, athbhunú córas an Státchiste Neamhspleách. Mar is dual dá fheachtas toghchánaíochta, d'fhán Polk téarma amháin i bhfeidhmeannas agus d;fhill se ar ais chuig Tennessee, áit a bhfuair sé bás trí mhí tar éis dó an Teach Bán a fhágáil.