Ivan IV Vasilyevich
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Bhí Ivan IV Vasilyevich (Rúisis: Ива́н Васи́льевич) ina Shár ar an Rúis sa séú haois déag.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cailleadh athair Ivan, Vasiliy a Trí, sa bhliain 1533, agus ó ba rud é nach raibh ach trí bliana slánaithe ag a mhac óg, fágadh na móruaisle - na boigheáraigh - i seilbh na tíre.
Dream an-chumhachtach, an-neamhspleách a bhí sna boigheáraigh. B'iadsan an aicme ab airde i sochaí na sean-Rúise, agus nuair nach raibh an Sár os a gcionn, ba sciobtha a d'éirigh ina mhionchogaíocht idir na teaghlaigh éagsúla faoi cé acu ba mhó cumhachta. Agus é ag fás aníos, ghlac Ivan óg col le haicme na mboigheárach go léir, ag coinneáil súile dó ar an gcineál brilsce agus bruíonachais a bhí acu eatarthu, agus gach aon fhaicsean ag iarraidh na cinn eile a chloí le láimh láidir. Nuair a tháinig Íobhán i gcrann an oiread is a bhí sé in ann dul i gceannas ar a ríocht féin, rinne sé ródach mór ar na boigheáraigh chomh maith leis na Tataraigh dheireanacha.
Chloígh Ivan an dá Chánacht mhóra, Kazan agus an Astracáin, sna 1550idí, ach níor bhac sé leis an gCrimé, nó bhí an leithinis seo faoi choimirce Shabhdán na Tuirce, a bhí ina thiarna chomh cumhachtach dainséarach agus gurbh eagal le hIvan féin é.
Ba le linn Ivan a cuireadh tús le gabháltas na Sibéire. Bhronn Ivan tailte móra in oirthear na Rúise - arbh ionann é ag an am agus na Sléibhte Úralacha, teorainn na hEorpa is na hÁise - ar thráchtálaí shaibhir dar shloinne Stroganov.
Bhí súil ag Ivan go dtabharfadh Stroganov an áit chun míntíreachais agus go dtógfadh sé poill mhianaigh ansin le salann a bhaint as an talamh. D'fhruiligh Stroganov arm príobháideach lena chuid tailte a chosaint agus chuir sé cath ar na Tataraigh agus na bundúchasaigh eile a raibh a chuid tailte ag críochantacht lena gcríocha.
Ba thoradh é seo gur éirigh cogadh idir na Tataraigh áitiúla agus díormaí Stroganov. De réir a chéile d'éirigh le Yermak, taoiseach Cosacach a bhí ina cheann urra ar thrúpaí Stroganov, an oiread sin talamh a dhéanamh san Oirthear agus gur gabháltas ann féin a bhí ann. Is é an rud a tharraing an gabháltas seo ina dhiaidh ná caidreamh le pobail agus le dreamanna nua, ar nós treibheanna beaga d'fháiteallaithe a raibh craicinn fhionnaidh le ceannacht uathu. Mar sin, chuir lucht gnó na Rúise suim sna seansanna úra san Oirthear, agus iad ag tabhairt aghaidh ar an tSibéir de réir a chéile.
Ar ndóigh, ní i bhfaiteadh na súl a tháinig borradh ar an trádáil Shibéireach: forbairt fhadaraíonach a bhí i gceist le feachtas Yermak féin, gan aon trácht a dhéanamh ar an ngabháltas iomlán ar an tSibéir. Dáiríribh, bhí an imirce go dtí an tSibéir inchomparáide ar go leor bealtaí leis an dóigh ar ghabh na Meiriceánaigh an t-"Iarthar Fiáin" ó na hIndiaigh. - Thairis sin, ba thréimhse mhór bhorrtha í tréimhse Ivan i gcúrsaí trádála ar dhóigheanna eile fosta, agus naisc úra á gceangal leis an Eoraip féin chomh maith leis an Áis.
Bhí cogadh ar na bacáin leis na Sualannaigh fosta. Bhí teorainn thoir na Sualainne - agus í suite fiarthrasna na Fionlainne - sainithe an chéad uair riamh sa chonradh síochána a shocraigh Novgorod agus an tSualainn sa bhliain 1323, ach de réir a chéile bhí an tSualainn éirithe as an teorainn seo a urramú, agus áitribh mhíntíreachais á mbunú ag feirmeoirí ón taobh Sualannach den teorainn ar an taobh eile. D'éirigh ina chogadh idir an dá thír seo sa bhliain 1555, ach tháinig deireadh leis i gceann dhá bhliain gan aon athrú ar na teorainneacha, ná aon bhuanfhuascailt ar na fadhbanna ba bhun leis an gcogadh. Bhí an Rúis agus an tSualainn le cogadh i ndiaidh cogaidh a chur ar a chéile sna haoiseanna a bhí le teacht, agus an Fhionlainn á satailt go minic ag na saighdiúirí.
Nuair a bhí an tsíocháin ar bun i ndiaidh an chogaidh áirithe seo, chúngaigh díormaí Ivan ar áit eile, mar atá, ar an dún úd Narva in oirthear na hEastóine. Ba leis na Ridirí Teotanacha an Eastóin san am seo, ach bhí na Ridirí féin in adharca a chéile, go háirithe nuair a d'éirigh eatarthu faoi chúrsaí an Reifirméisin agus iad ag teacht crosach ar a chéile faoin gcineál creidimh ab fhearr.
Ghabh an Rúis píosa maith d'Oirthear na hEastóine sa bhliain 1558, agus chuaigh an chuid eile de na tíortha Baltacha i dtuilleamaí na gcomharsan eile le cosaint agus díonadh a fháil ar an Rúis. Mar sin a fuair an tSualainn, an Danmhairg agus ríocht dhúbailte na Polainne is na Liotuáine an chéad fhód san Eastóin agus an Laitvia.
D'éirigh le hIvan tionchar éigin a fháil ar ghabháltaisí Baltacha na Danmhairge tríd an bprionsa áitiúil Dhanmhargach a bhladar chun géillsineachta le tuilleadh tailte a ghealladh dó mar fheod. Mhair an chogaíocht i gcónaí idir an tSualainn agus an Rúis sna tíortha Baltacha, áfach. Le teacht an rí Ungáraigh Stiofán Batory i seilbh choróin na Polainne sa bhliain 1575, chuir na Polannaigh a ladar sa chogadh seo freisin. Ansin, bhí an Rúis sáraithe ag a cuid namhad, go háirithe nuair a nocht fórsaí Tatáracha na Crimé ag geataí Mhoscó, i mbreis ar a raibh ar siúl ag na naimhde Iartharacha. Shocraigh na Rúisigh síocháin leis an bPolainn sa bhliain 1582, ach mhair an cogadh tamall eile leis na Sualannaigh in ainneoin iarrachtaí le sos cogaidh a chur ar bun: níor tháinig deireadh leis an gcogaíocht ar an gcathéadan áirithe sin ach le síocháin Täysinä sa bhliain 1595.
Níorbh iad a chuid cogaí leis na tíortha coimhthíocha a thabhaigh a leasainm d'Ivan Uafásach, ach an cogadh a chuir sé ar mhuintir a thíre féin taobh istigh de stát Mhoscó. B'iad na huaisle - na Boigheáraigh - ba mhó a bhí thíos le polasaithe Ivan, nó ní raibh aon mhuinín aige astu siúd. Chuir Ivan le chéile cineál rúnseirbhís phearsanta dá chuid féin, na hOprichniki, le cumhacht na mBoigheárach a chloí. B'ionann sin agus géarleanúint mhíthocaireach ina bhfuair na sluaite móra bás, agus ní Boigheáraigh amháin a bhí á marú. Theann lámh láidir Ivan chomh dian dána dásachtach ar na Boigheáraigh agus gur thogair cuid mhór acu a gcuid tailte a thréigean agus tearmann a lorg ar imeall na ríochta.
Fear mór foréigin agus fiántais a bhí in Ivan Uafásach ina shaol phríobháideach féin, chomh maith leis na polasaithe. Mar sin, ag druidim chun deiridh dá shaol, mharaigh sé an mac ba sine aige, a ríchomharba, le buille dá bhata nuair a d'éirigh geamhthroid eatarthu. (Dhathaigh an t-ealaíontóir Rúiseach Ilya Repin pictiúr clúiteach den mhóitíf seo: Ivan Uafásach i ndiaidh dó a mhac a mharú.) Bhí an oiread sin reiligiúndachta in Ivan agus gur nós leis breithiúnas aithrí a dhéanamh in éiric an eirligh a rinne sé ar a chuid namhad. Fuair sé bás sa bhliain 1584.