An Phicnic Leictreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Electric Picnic)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn Phicnic Leictreach
Íomhá
Cineálféile Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht2004 - 
SuíomhAn Sráidbhaile, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinelectricpicnic.ie Cuir in eagar ar Wikidata


Is féile bhliantúil cheoil agus ealaín é An Phicnic Leictreach[1][2][3] (nó An Phicnic Aibhléise, An Phicnic Aibhléiseach, An Fhleadhóg Leictreach uaireanta; Béarla: Electric Picnic) a bhíonn á chur ar siúl i Halla an tSráidbhaile, An Sráidbhaile, Contae Laoise in Éirinn.

Eagraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn sé á reáchtáil ag Pod Concerts agus Festival Republic, a cheannaigh an scairsheilbh tromlaigh sa bhliain 2009. Roghnaíodh í mar 'Best Medium-Sized European Festival' sa bhliain 2010 ag European Festival awards é, agus vótáladh mar 'Best Big Festival' i ngach Irish Festival Awards ó tosaíodh ag bronnadh na ngradam sa bhliain 2007.

bhí Des Bishop ina fhear tí le roinnt blianta

Tá clú agus cáil dhomhanda ar an bhFleadhóg, dúradh gur leagan Éireannach de Glastonbury a bhí ann chomh maith le ionsparáid do Latitude. Chuir an irisleabhar Mheireacánach, Billboard, síos air mar seo a magnificent rock n roll circus, a textbook example of everything a festival should be agus mhaíomh Rolling Stone gurbh é ceann de na féilte ab fhearr a d'fhreastail siad air riamh. Bíonn rogha cheoil níos leithne ag An bhFleadhóg Leictreach agus is éagsúil an fhéile í ó chinn eile in Éirinn dá bharr. Cuirtear níos mó béime ar sheirbhísí agus áiseanna maithe (bia agus socraithe codalta) agus bíonn an t-atmaisféar, go ginearálta, níos séimhe agus dearfaí. Cuirtear béim ar leith ar ghníomhachtaí glasa, freisin.

Bíonn i bhfad níos mó ná ceol i gceist leis an bhFleadhóg; puball pictiúrlainne, láthair Corp agus Anam agus Puball Coméide Idirnáisiúnta (bhí Des Bishop ina fhear tí le roinnt blianta). Sa bhliain 2008, d'fhreastail Amnesty International ar an bhFleadhóg mar chuid den Chomóradh 60 Bliain ar Chearta Daonna.

Stair na féile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh An Fhleadhóg Leictreach mar féile lae sa bhliain 2004 agus an bhliain dár gcionn féile dheireadh seachtaine a bhí inti. Deirtear go bhfuil sé ag dul i bhfeabhas gach bliain agus is gar go mbeidh sé níos mó ná Oxegen - díoladh gach ticéad do fhéile na bliana 2008 níos tapúla ná riamh.

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí se beartaithe go mbeadh Conradh na Gaeilge ar ais sa Chollchoill sa bhliain 2020 leis an teanga a chuir ag Croí na Féile, ag cur leis an láithreacht atá ann cheanna, ag léirú trí Ghaeilge clár de cheol, chaint agus damhsa. Bíonn bothán Raidió Rí-Rá ann ag craoladh beo.

Féile na bliana 2012[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na gceoltóirí a bhí le seinm ag an bhféile ná The Cure, The Killers, Elbow, Sigur Rós, Christy Moore, Orbital, Hot Chip, The xx, Wild Beasts, Patti Smith, The Roots, Crystal Castles, Grandaddy, SBTRTK, Mmoths, Metronomy, Bat for Lashes, The Maccabees, The Horrors, Richard Hawley, Azealia Banks, Ed Sheeran, The Jezabels, Michael Kiwanuka, Gavin Friday, Van Dyke Parks, Roots Manuva, Bell X1, Dublin Gospel Choir, Glen Hansard, Grizzly Bear, Willis Earl Beal, Alabama Shakes, Tindersticks, Fatoumata Diawara, Land Lovers, Eagle and the Worm, Solar Bears, Staff Benda Bilili, Little Roy, Lanterns on the Lake, Jonathan Wilson, Baxter Dury, Cranes, Milagres, In Tua Nua, Mo Hat Mo Gheansaí, Conor Linnie agus tuilleadh nach iad.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "BBC Radio Ulster - Blas, 14/09/2010". BBC.co.uk.
  2. "Blas na féile i bPáirc an Chrócaigh an bhliain seo". Foinse.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-08-19. Dáta rochtana: 2012-08-21.
  3. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-01-31. Dáta rochtana: 2012-08-21.