Tindersticks
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Baill | |
---|---|
Stuart A. Staples (Nottingham, 14 Samhain 1965 - ). Cumadóir | |
Sonraí | |
Cineál | banna ceoil |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1991, Nottingham |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse oibre | 1992 – |
Lipéad ceoil | Constellation |
Seánra | Rac indie |
Suíomh gréasáin | http://www.tindersticks.co.uk |
Is banna rac-cheoil as Nottingham i Sasana é Tindersticks. Is é sainmharcanna an bhanna ná an fuaim atá acu a bhainneann úsáid as an ceolfhoireann, an snagcheol agus ceol soul, chomh maith le guth domhain Stuart A. Staples.
Baineann Tindersticks úsáid as an ngiotár leictreach, cosúil le han-chuid grúpaí eile, ach chomh maith le sin, baineann siad úsáid as a lán uirlisí eile cosúil leis an bpianó Rhodes, an glockenspiel, an vibreafón, an veidhlín, an trumpa, an trombón, an cláiréad, an basún agus an t-orgán Hammond. Tá cáil bainte amach ag an mbanna sa Ríocht Aontaithe agus sa Mhór-Roinn, ach ní raibh tionchar láidir acu riamh ar an gcuilithe.
Baill
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Stuart Ashton Staples (14 Samhain 1965) – príomhamhránaí, giotár, melodica
- Neil Timothy Fraser (22 Samhain 1962) – príomhghiotár, vibraphone
- David Leonard Boulter (27 Feabhra 1965) - méarchláir
Iar-bhaill
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Dickon James Hinchliffe (9 Iúil 1967) – veidhlín, giotár, amhránaí, piano, socruithe téada agus práis (D’éirigh as 2006)
- Alasdair Robert De Villeneuve Macaulay (2 Lúnasa 1965) – drumaí, trumpa (D’éirigh as 2006)
- Mark Andrew Colwill, (12 Bealtaine 1960) - dordghiotár (D’éirigh as 2006)
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh an banna i 1991 tar éis Staples, Boulter, Fraser, Macauley agus Hinchliffe bheith i ngrúpa cheoil eile – na Asphalt Ribbons. D’aistrigh siad an t-ainm go Tindersticks nuair a d’fhionn Stuart A. Staples bosca lasáin Gearmánach ar trá Gréagach. Thosaigh siad ag taifeadadh demo i 1992, agus fuaireadar conradh le Tippy Toe Records a chuir amach an céad singil, "Patchwork", sa bhliain chéanna.
Le albaim uimhreacha a haon agus a dó, bhunaigh an banna fuaim ann féin a mholadh go ginearálta ag na criticeoirí. Go háirithe, fuaireadar fáiltiú go leith agus iad ag seinnt beo le téada breise agus, ó am go ham, le ceolfhoireann iomlán (Mar shampla, an albam beo "Bloomsbury Theatre 12.3.95").
Dhein Staples ceol aonair i 2005 agus ceapadh go raibh deireadh le Tindersticks ach, i 2006, sheinn siad ceolchoirm amháin sa Barbican Centre i Londain. An uair sin, sheinn siad an dara halbam ina h-iomláine.
An bhliain ina dhiaidh sin, tháinig Staples, Boulter agus Fraser le chéile agus chaith siad tréimhse ag scríobh ceol i stiúideo i Limousin san Fhrainc. Tháinig albam eile as an seisiún sin – “The Hungry Saw” – le dáta scaoilte i Aibreán 2008 ag Beggars Banquet.
Fuaimriain
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chomh maith le seacht albaim stiúideo, tá dhá fuaimriain léirithe ag Tindersticks do scannáin dírithe ag an stiúrthóir Francach, Claire Denis – “Nenette et Boni” (1996) agus “Trouble Every Day” (2001 le Vincent Gallo agus Béatrice Dalle).
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceirníní singile
[cuir in eagar | athraigh foinse]- "Patchwork" (Tippy Toe, 1992)
- "Marbles" (Tippy Toe/Che, 1993)
- "A Marriage Made in Heaven" (Rough Trade Singles Club, 1993)
- "Unwired E.P." (Domino, 1993)
- "City Sickness" (This Way Up, 1993)
- "Marbles" (No.6 Records, 1993)
- "We Have All the Time in the World" (Clawfist Singles Club, 1993)
- "Live in Berlin" (Tippy Toe/This Way Up, 1993)
- "Kathleen" (This Way Up, 1994)
- "No More Affairs" (This Way Up, 1995)
- "Plus De Liaisons" (This Way Up, 1995)
- "The Smooth Sounds of Tindersticks" (Sub Pop, 1995)
- "Travelling Light" (This Way Up, 1995)
- "Bathtime" (This Way Up, 1997)
- "Rented Rooms" (This Way Up, 1997)
- "Can We Start Again" (Island 1999)
- "What is a Man" (Beggar's Banquet, 2000)
- "Trouble Every Day (Promo)" (Beggar's Banquet, 2001)
- "Don't Even Go There E.P." (Beggar's Banquet, 2003)
- "Trojan Horse" (Tippy Toe, 2003)
- "Sometimes it Hurts" (Beggar's Banquet, 2003)
- "My Oblivion" (Beggar's Banquet, 2003)
Albaim Stiúideo
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Tindersticks (“an chéad albam”) (This Way Up, 1993)
- Tindersticks (“an dara halbam”) (This Way Up, 1995)
- Curtains (This Way Up, 1997)
- Simple Pleasure (Island, 1999)
- Can Our Love... (Beggar's Banquet, 2001)
- Waiting for the Moon (Beggar's Banquet, 2003)
- The Hungry Saw (Beggar's Banquet, 2008)
Albaim eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Amsterdam February 94 (This Way Up, 1994)
- The Bloomsbury Theatre 12.3.95 (This Way Up, 1995)
- Marks Moods (Polygram, 1997)
- Donkeys 92-97 (This Way Up/Island, 1998)
- Live at the Botanique – 9th-12th May, 2001 (Tippy Toe, 2001)
- Coliseu dos Recreios de Lisboa – October 30th, 2001 (Tippy Toe, 2003)
- Working for the Man (Island, 2004)
- BBC Sessions (Island, 2007)
- Live at Glasgow City Halls 5th October 2008 (Lucky Dog, tour only release, 2008)
Fuaimriain
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Nénette et Boni (This Way Up/Island, 1996)
- Trouble Every Day (Beggar's Banquet, 2001)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Eolas tógtha ón leagan Béarla den Vicipéid.