Ed Sheeran
Ed Sheeran | |
![]() | |
Halifax, Yorkshire Thiar, Sasana | |
Gairm | Ceoltóir |
Seánra(í) ceoil | Pop-cheol, rac-cheol, |
Gníomhach | 2004 – chur i láthair |
Lipéad/lipéid | Asylum, Atlantic, Elektra |
Suíomh gréasáin | www.edsheeran.com |
Is amhránaí agus giotáraí é Edward Christopher "Ed" Sheeran a rugadh ar 17 Feabhra 1991.
Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá oidhreacht Éireannach ag Sheeran agus é bródúil as sin[1]. Mar shamplaː
- Rugadh Sheeran i Sasana ach tá cúlra Éireannach aige ar thaobh a athar. Tá a mhamó fós ina cónaí in Eirinn.
- Tá corp Sheeran clúdaithe le tatúnna. Sa bhliain 2014, fuair sé tatú as Gaeilge ar a dheasóg a deir ‘Is tú mo réalt eolais’. Tá ceann eile air a deir ‘Galway’.
- Ar a albam DIVIDE (2017) tá amhrán aige darb ainm "Galway Girl".
- Sa bhliain 2016, chan Sheeran aistriúchán de Thinking Out Loud' (Ag Smaoineamh os Ard) ar dhlúthcheirníní Sheachtain na Gaeilge.
- Bhí Sheeran ag An Phicnic Leictreach sa bhliain 2012.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Taibheoir ab ea Sheeran ar The X Factor (sraith 11 an RA) sa bhliain 2014[2].
Thit Sheeran den rothar sa bhliain 2017 agus bhris sé a dheasóg. Ní raibh sé in ann an giotár a sheinm go ceann tamaillín. Nuair a sheineann Sheeran ar an ardán, ní bhíonn aon bhanna ceoil in éineacht leis. Mar sin, ní raibh sé in ann dul ar camchuairt go ceann cúpla mí[3].
I mí Eanáir 2018, d’fhógair Ed Sheeran go raibh sé geallta. Chuir sé aithne ar Cherry Seaborn agus iad ar scoil[4]. Thosaigh siad ag siúl amach le chéile sa bhliain 2015. Is duine an-spórtúil í Cherry. Imríonn sí haca ag leibhéal idirnáisiúnta le Sasana
Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]
Gradaim agus ainmniúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá 97 gradam buaite ag Sheeran. Tá 269 ainmniúchán faighte aige. Tá ceathair Grammy's buaite aige agus tá trí déag ainmniúchán faighte aige.[5]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ E-leathanach 256, 6 Márta 2017
- ↑ http://www.digitalspy.com/tv/the-x-factor/news/a604517/x-factor-week-3-is-movie-night-ed-sheeran-and-onerepublic-performing/#~oTaIJ2UixvTMrV Digital Spy
- ↑ Eleathanach 274, 21 Deireadh Fómhair 2017
- ↑ Eleathanach 282, 22 Eanáir 2018
- ↑ "Ed Sheeran" (en). GRAMMY.com (2019-02-15). Dáta rochtana: 2019-03-20.