Eilís II na Ríochta Aontaithe
Ba í Eilís II, (Elizabeth Alexandra Mary; 21 Aibreán 1926 - 8 Meán Fómhair 2022) banríon cheannasach agus ceann stáit Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus ar 15 tír eile i gComhlathas na Náisiún. Ba cheannaire an Chomhlathais agus Gobharnóir Uachtarach Eaglais Shasana í.
Tháinig Eilís II i gcoróin ar an 6 Feabhra 1952. Bhí sí i réim níos faide ná aon cheann stáit eile sa 20ú / 21ú haois. Bhí cion ag mórán de mhuintir na Breataine ar Eilís II, a monarc is faide réim riamh (d’éirigh sí ar an mbanríon is faide i réim i Sasana ar an 9 Meán Fómhair 2015).[1]
Tús a saoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Eilís i Londain ar 21 Aibreán 1926, an iníon is sine ag an bPrionsa Albert, diúc York agus mac George V (anRí Seoirse VI níos déanaí), agus a bhean Elizabeth Bowes-Lyon.
Baisteadh sa Seomra Ceoil i bPálás Buckingham í. Sul má tháinig sí i gcoróin, bhí an teideal Bandiúc Dhúin Éideann aici.
Ba í Elizabeth an léiroidhre don choróin ón uair a thug a huncail Edward VIII suas an choróin. Nuair a d’éirigh Edward as i 1936, rinneadh rí dá hathair, George VI.
Chaith sí tréimhse in Óglaigh na Breataine i rith an Chogaidh. Phós sí prionsa as an nGréig agus leifteanant sa chabhlach, Philip Mountbatten, i 1947. Ceathrar páistí a bhí acu, an Prionsa Charles, an Banphrionsa Anne, an Prionsa Andrew agus an Prionsa Edward.
Réimeas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh tús lena ré sa bhliain 1952.[2] Corónaíodh Eilís ar na 2 Meitheamh 1953 in Westminster Abbey. Ba é an chéad searmanas corónaithe a craoladh ar an teilifís.
Léargas ar fhad a réime é go raibh Josef Stalin, Mao Zedong, Harry Truman agus Winston Churchill ina gceannairí ar a dtíortha nuair a tháinig sí i gcoróin.[3]
Ba mhinic í ag taisteal mar Bhanríon. Chuaigh sí ar chamchuairt ar an Eoraip agus thug sí cuairt ar Cheanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá i 1957. I 1961, ba í an chéad mhonarc de chuid Shasana le caoga bliain chun cuairt a thabhairt ar fho-ilchríoch na hIndia. I 1968, ba í an chéad mhonarc le cuairt a thabhairt ar Mheiriceá Theas agus i 1979 ba í an chéad mhonarc le cuairt a thabhairt ar thíortha Mhurascaill na Peirse.[3]
Saol an teaghlaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thuig Éilis go raibh gá le nuachóiriú a dhéanamh ar an monarcacht agus thug sí cead isteach go dtí an teaghlach do na ceamaraí teilifís le linn na 1970idí. I 1978 thug sí a beannacht do chur ar ceal phósadh a deirféar.
Sna 1990idí is mó a tugadh a dúshlán mar Bhanríon. Thug sí annus horribilis ar an mbliain 1992. An bhliain sin scar an Prionsa Charles agus a bhean Diana Spencer, Banphrionsa na Breataine Bige óna chéile agus scar an Prionsa Andrew óna bhean, Sarah, bandiúc York. Fuair an Banphrionsa Anne colscaradh agus dódh Caisleán Windsor an bhliain chéanna.[3]
Bhí géarchéim eacnamaíochta ann chomh maith a d’fhág go raibh saibhreas an teaghlaigh ríoga ina údar cainte mór i measc an phobail. D’fhógair an Bhanríon go n-íocfadh sí cáin feasta ar a teacht isteach príobháideach.
Chuaigh rudaí in olcas i 1997 nuair a fuair Banphrionsa na Breataine Bige Diana bás. Bhí an ghoimh ar dhaoine nuair a dhiúltaigh an Bhanríon an bhratach a chrochadh ar leathcheann os cionn Phálás Buckingham mar chomhartha ómóis do Diana.[3]
D’éirigh leis an mBanríon teacht aniar a dhéanamh ina dhiaidh sin ach bhí conspóidí eile ann, amhail cinneadh an Phrionsa Harry agus a bhean Meghan Markle éirí as a gcúraimí ríoga.[3]
Cuairt ar Éirinn sa bhliain 2011
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug Eilís II cuairt stairiúil ar Phoblacht na hÉireann sa bhliain 2011. Cé go raibh sí go minic sa Tuaisceart ba í an chuairt an bhliain sin an chéad uair gur sheas monarc as Sasana sa deisceart ó bhí a seanathair, An Rí George V, ar thuras timpeall na hÉireann i 1911, tráth a raibh an tír go léir faoi smacht na Breataine.
Thosaigh sí amach i mBaile Átha Cliath, áit ar thug sí cuairt ar Gháirdíní an Chuimhneacháin, Páirc an Chrócaigh, Áras an Uachtaráin chomh maith leis an gCuimhneachán Cogaidh i nDroichead na hInse.
Thug Eilís II óráid faoin gcaidreamh idir an dá thír a thuill ardmholadh. Tugadh suntas chomh maith don scéal gur i nGaeilge a chuir sí tús lena hóráid. “A Uachtaráin, agus a chairde…” a dúirt sí, ráiteas a thug ar Uachtarán na hÉireann, Mary McAleese ‘Wow’ a rá trí bhabhta.[3]
Chuaigh sí, ina dhiaidh sin, go Caiseal i dTiobraid Árainn, go dtí Graí Náisiúnta na hÉireann agus go dtí an Margadh Sasanach i gCorcaigh.
Thacaigh formhór mhuintir na hÉireann leis an turas ach eagraíodh roinnt agóidí beaga ina coinne. Cáineadh, ach go háirithe, an tslándáil toisc go raibh an chuid is mó de Bhaile Átha Cliath dúnta i rith an turais.
Idirghabháil pholaitiúil sna 2010idí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ag dul anonn in aois, rug an díocas náisiúnachais greim ar an mBanríon. Mar shampla, rinne sí idirghabháil díreach sa bhliain 2014 nuair a reáchtáladh reifreann neamhspleáchais na hAlban. Dúirt Éilis gur 'ba cheart do dhaoine a bheith smaoineamh go cúramach faoi',[4] Tuairiscíodh go forleathan an achainí.[5] I ndiaidh an reifrinn, dúirt an Príomh-Aire, David Cameron, go raibh cluaisíní croí ar an mBanríon ('purred like a cat') faoin toradh.[6]
Sa bhliain 2016, roimh vóta na Bhreatimeachta, tuairiscíodh sna nuachtáin i bhfad amach ar an eite dheis go raibh an Bhanríon ar thaobh na nEoraisceipteach. Tháinig an Sun amach le "Queen backs Brexit" ar 8 Márta 2016.[7] De réir an Sun, níor ghlac an Independent Press Standards Organisation go raibh an scéal míchruinn ar 17 Bealtaine.[8]
Ansin, lá amháin roimh an reifrinn,[9] ar 21-22 Meitheamh, rith an Daily Express, “Queen issues EU challenge”,[10] agus an Daily Telegraph, “Tell me why we should Remain, Queen asks dinner guests”,[11] agus an Sun, arís,[12] agus an Times,[13] "Queenː Give me 3 good reasons we should stay in Europe".[14] Níor eisigh an Pálás séanadh ar bith. Glacadh leis an mBreatimeacht le tromlach beag (52%-48̬%).
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhásaigh a fear céile, Philip Mountbatten sa bhliain 2021, agus é 99 bliain.
Rinneadh ceiliúradh ar 70 bliain theacht i gcoróin Eilís II ar an 6 Feabhra 2022, ach ní raibh sí in ann freastal ar an gceiliúradh.
Cheap Eilís II, ar 6 Meán Fómhair 2022, Liz Truss ina príomh-aire i mBaile Morail na hAlban (an 15ú príomh-aire ar an mBreatain ó corónaíodh í).
Cailleadh Eilís II dhá lá níos déanaí, ar 8 Meán Fómhair 2022, in aois 96 bliain di. Ba i gCaisleán Balmoral in Albain a bhí Banríon Shasana ag cur fúithi le tamall de bharr nach raibh a sláinte thar mholadh beirte..[2]
Ba í an Bhanríon Eilís an té ab fhaide i gcumhacht riamh mar cheannaire stáit sa Bhreatain, ó 1952 go dtí 2022. Bhí 14 uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá sa tréimhse chéanna. Sháraigh Eilís fad réim na Banríona Victoria, a sin-seanmháthair, (a bhí beagnach 64 bliain i gcoróin).[3]
Tháinig a mac Séarlas, Prionsa na Breataine Bige, nó Séarlas III, i gcomharbacht uirthi.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2015-09-09). "An bhanríon Eilís - an Bhanríon is faide i réim" (as ga).
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht TG4 (8 MF 2022). "Banríon Shasana tar éis bháis" (ga). TG4. Dáta rochtana: 2022-09-08.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 3.6 "Banríon Shasana, Eilís II, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-08.
- ↑ "The Queen hopes Scots will think very carefully before voting in the independence referendum" (en-GB). belfasttelegraph. Dáta rochtana: 2022-09-18.
- ↑ "What the Scottish papers say" (en-GB). BBC News (2014-09-15). Dáta rochtana: 2022-09-18.
- ↑ "David Cameron: I'm extremely sorry for saying Queen 'purred' over Scottish Independence vote". www.telegraph.co.uk. Dáta rochtana: 2022-09-18.
- ↑ "Revealed: Queen backs Brexit as alleged EU bust-up with ex-Deputy PM emerges" (en-gb). The Sun (2016-03-08). Dáta rochtana: 2022-09-18.
- ↑ "Downing Street 'sent into overdrive' by Sun exclusive on Queen backing Brexit, book reveals" (en-gb). The Sun (2016-10-05). Dáta rochtana: 2022-09-18.
- ↑ Katarina Botta (4 Iúil 2018). "[http://essay.utwente.nl/75774/1/Botta_BA_BMS.pdf How British Newspapers Frame The EU Referendum 2016 A framing analysis of the Brexit debate]". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Laura Mowat (2016-06-22). "Queen asks dinner guests: Give me three 'GOOD reasons' to stay in" (en). Express.co.uk. Dáta rochtana: 2022-09-18.
- ↑ Gordon Rayner (2016-06-21). "EU referendum: Queen asks guests to give her three reasons why Britain should remain in Europe" (en-GB). The Telegraph. Dáta rochtana: 2022-09-18.
- ↑ "Queen quizzes VIP dinner guests for their views on Europe ahead of Brexit vote" (en-gb). The Sun (2016-06-21). Dáta rochtana: 2022-09-18.
- ↑ Valentine Low (2016-06-22). "Queen: Give me three reasons to stay in Europe" (en). The Times. Dáta rochtana: 2022-09-18.
- ↑ "The Sun dares to use the Queen again in Brexit front page" (en). the Guardian (2016-06-22). Dáta rochtana: 2022-09-18.