Edward Snowden
Ríomheolaí agus sceithire Meiriceánach is ea Edward Joseph Snowden, a rugadh ar 21 Meitheamh 1983 in Elizabeth City, Carolina Thuaidh. D'oibrigh sé don Central Intelligence Agency (CIA) agus mar chonraitheoir don National Security Agency (NSA)[1][2] Sa bhliain 2013, nocht sé sonraí a bhain le roinnt clár faireachais uilíche de chuid Stát Aontaithe Mheiriceá agus na Ríochta Aontaithe gan údarás.[3] Bhí na cláir á chur i bhfeidhm le comhoibriú comhlachtaí teileachumarsáidí agus rialtais Eorpacha, chomh maith le Comhaontas na gCúig Shúil (SAM, an Astráil, an Nua-Shéalainn, Ceanada agus an Ríocht Aontaithe).
A mhuintir, óige agus oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Edward Joseph Snowden ar 21 Meitheamh 1983 in Elizabeth City, Carolina Thuaidh.[4] Ba sheachaimiréal i nGarda Cósta na Stát Aontaithe agus, níos déanaí, ardoifigeach san FBI a sheanathair ar thaobh a mháthar, Edward J. Barrett, a bhí i láthair sa Pheinteagán ar 11 Meán Fómhair 2001 nuair a d'ionsaigh sceimhlitheoirí de chuid al-Qaeda an foirgneamh úd. Ba oifigeach sa Gharda Cósta a athair freisin. D'oibrigh a mháthair agus an deirfiúr is sine leis sna cúirteanna feidearálacha. Fuair tuismitheoirí Snowden colscaradh sa bhliain 2001, agus phós a athair arís.
Agus é ar an mbunscoil, chuaigh teaghlach Snowden a chónaigh in Fort Meade, Maryland. Chaill sé 9 mí den ardscoil de bharr na monanúiclé-óise agus ní dheachaigh sé ar ais. Fuair sé GED ina áit sin agus ansin d'fhreastail sé ar chúrsaí ag Anne Arundel Community College i Maryland. Fuair Snowden scór os cionn 145 faoi dhó ar theisteanna IQ.[5] Deirtear freisin go raibh sé ag obair ar chéim mháistir ó Ollscoil Learphoill ar líne, cé nach raibh céim bhaitsiléara aige.[6]
Ó bhí sé ina ógfhear, chuir sé suim in Oirthear na hÁise: ealaín oscartha, an tSeapáinis, an tSínis. Chuir sé síos air féin mar Bhúdaí nuair a thosaigh sé ar chúrsa traenála in Arm na Stát Aontaithe agus d'oibrigh sé ar feadh tamaill do chomhlacht anime.
Luathghairm a bheatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 7 Bealtaine 2004, chuaigh Snowden isteach i gcúltaca Airm na Stát Aontaithe mar ábhar saighdiúra sna Fórsaí Speisialta, ach theip air an clár traenála a chríochnú mar gheall ar thimpiste inar bhris sé a dhá chois. Ina dhiaidh sin, fostaíodh é ar feadh faoi bhun bliana i 2005 mar "speisialtóir sábháilteachta" i gcampas de chuid Ollscoil Maryland (Center for Advanced Study of Language). Cé gur áisínteacht neamhaicmithe a bhí ann agus gur post mar gharda sábháilteachta a bhí aige, deir Snowden go raibh imréiteach slándála ardleibhéil riachtanach agus gur éirigh leis i dteist le brathadóir éithigh chomh maith le hiniúchadh dian ar a chúlra.
A sheal san CIA
[cuir in eagar | athraigh foinse]I ndiaidh dul go haonach jabanna a raibh an fheidhm ar ghníomhaireachtaí faisnéise sa bhliain 2006, ghlac Snowden post ón nGníomhaireacht Faisnéise Lárnach (GFL nó CIA) .[7] Chuir an Ghníomhaireacht é ag obair sa roinn chumarsáide domhanda sa cheannáras in Langley, Virginia.
I mí Bealtaine na bliana 2006, scríobh Snowden in Ars Technica nach raibh fadhb aige obair a fháil os cionn eisean a bheith ina "asarlaí ríomhaireachta". Tar éis clú a bhaint amach dó féin agus é ag obair mar fhostaí sóisearach ar fhoireann ríomhaireachta ardleibhéil, chuir an GFL Snowden chuig scoil rúnda na Gníomhaireachta do shaineolaithe teicneolaíochta. Chaith sé sé mhí ansin ag déanamh staidéir go lánaimseartha agus ag cur faoi in óstán.
I mí Márta, 2007, chuir an GFL Snowden ar stáisiún faoi chlúdach taidhleora sa Ghinéiv, san Eilvéis, mar a raibh sé freagrach as sábháilteacht mogalra ríomhairí.[8]
Faisnéis uilíoch a nochtadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an mhéid cruinn faisnéise atá nochtaithe ag Snowden anaithnid, ach mheas oifigigh na hAstráile go bhfuil 15,000 nó níos mó comhad faisnéise de chuid na hAstráile i gceist, agus measann oifigigh na Breataine go bhfuil ar a laghad 58,000 comhad faisnéise na Breataine i gceist. I dtús báire, mheas Stiúrthóir an USN (An tÚdaras um Shlándáil Náisiúnta) gur chóipeáil Snowden ó 50,000 go 200,000 doiciméad USN. Bhí meastacháin níos déanaí ar fáil ag oifigigh SAM ar an ord 1.7 milliún, méid a tháinig ar dtús ó nochtadh eolais na Roinne Cosanta. I mí Iúil 2014, thuairiscigh an Washington Post ar thaisce a bhí ar fáil roimhe sin ag Snowden.
I mí an Mhárta 2014, Arm Ginearálta Martin Dempsey, Cathaoirleach an Taoisigh Chomhchoiste na Foirne, dúirt an Coiste Seirbhísí Armtha Teach, "An chuid is mó de na doiciméid a Snowden ... exfiltrated as ár leibhéil is airde slándála ... raibh aon rud a dhéanamh le nochtadh maoirseacht rialtas na gníomhaíochtaí intíre. Bhain formhór na ndaoine go dtí ár gcumais mhíleata, oibríochtaí, tactics, teicnící agus nósanna imeachta. "[80] Nuair a iarradh ar scor NSA stiúrthóir Keith Alexander in agallamh Bealtaine 2014 ar líon na n a chainníochtú doiciméid Snowden ghoid, fhreagair Alexander, "ní dóigh liom go bhfuil duine ar bith a fhios ag ndáiríre cad ghlac sé i ndáiríre leis, mar gheall ar an mbealach a rinne sé é, nach bhfuil againn ar bhealach cruinn chomhaireamh. Céard a dhéanaimid go mbeadh ar bhealach cruinn comhaireamh bhfuil an méid i dteagmháil léi sé, cad is féidir sé a íoslódáil, agus go raibh níos mó ná milliún doiciméid."
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Farhad Manjoo, « Prism, Snowden, et les guignols de la NSA », www.Slate.fr - 10 juin 2013.
- ↑ Céline Lussato, « Surveillance par la NSA : qui est Edward Snowden ? », L'Obs.com avec AFP, 10 juin 2013.
- ↑ « Surveillance d'Internet : un ancien employé de la CIA à l'origine des fuites », Le Monde.fr avec AFP et Reuters - 9 juin 2013.
- ↑ "Edward Snowden was not successful in joining the US Army's elite special forces unit". The Guardian. “The army did confirm Snowden's date of birth: 21 June 1983.”
- ↑ "Edward Snowden: The untold story of the most wanted man in the world". Wired.
- ↑ "U.S. Fears Edward Snowden May Defect to China: Sources".
- ↑ "Edward Snowden Scandal: CIA Sent Him Home But NSA Hired Him Later".
- ↑ "Who Is Edward Snowden, The Self-Styled NSA Leaker?".
Scannáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Oliver Stone, Snowden (Endgame Entertainment, 2015)
- Laura Poitras, Citizenfour (Participant Media agus HBO Films, 114 nóiméad, 2014)
Leabharliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh Edward Snowden. Curtha i gcartlann 2022-01-21 ar an Wayback Machine
- "NSA leaks: a timeline". November 1, 2013 (Al Jazeera America)
- "The NSA Files". The Guardian. (Innéacs alt faoi Snowden)
- "NSA Secrets". The Washington Post. (Innéacs alt)