Críostóir Colambas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Críostóir Colóim)
Infotaula de personaCríostóir Colambas

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(it) Cristoforo Colombo
(lij) Christoffa Corombo
Beathaisnéis
Breith(la) Christophorus Columbus
25 Lúnasa 1451 ↔ 31 Deireadh Fómhair 1451
Genova (Poblacht Ghenova)
Bás20 Bealtaine 1506
54/55 bliana d'aois
Valladolid (Coróin na Caistíle)
Siocair bháisCliseadh croí
Áit adhlacthaArdeaglais Sevilla Cuir in eagar ar Wikidata
Leasrí na hIndiacha
17 Aibreán 1492 – 20 Bealtaine 1506 (bás in oifig)
Gobharnóir na nIndiacha
1492 – 23 Lúnasa 1500 (dismissal (en) Aistrigh)Francisco de Bobadilla → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Réimse oibreLoingseoireacht lastais, marine transportation (en) Aistrigh agus seamanship (en) Aistrigh
Gairmtaiscéalaí, taistealaí, mairnéalach, mairnéalach, cumadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Faoi thionchar
TeangachaAn Spáinnis agus an Iodáilis
Gairm mhíleata
GéillsineCoróin na Caistíle
Céim mhíleataaimiréal
almirante de la mar Océana (en) Aistrigh (1492–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ord crábhaidhThird Order of Saint Francis (en) Aistrigh
Teaghlach
TeaghlachCristobal culon xD (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileFilipa Moniz Perestrelo (1479–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíBeatriz Enríquez de Arana Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteFerdinand Columbus
 ( Beatriz Enríquez de Arana)
Diego Columbus
 ( Filipa Moniz Perestrelo) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDomenico Colombo  agus Susanna Fontanarossa
SiblínBartolomé Colón agus Diego Colombos
Croineolaíocht
9 Bealtaine 1502-7 Samhain 1504Fourth voyage of Christopher Columbus (en) Aistrigh
30 Bealtaine 1498-Deireadh Fómhair 1500Third voyage of Christopher Columbus (en) Aistrigh
22 Samhain 1493Spanish Colonization of Hispaniola (en) Aistrigh
24 Meán Fómhair 1493-11 Meitheamh 1496second voyage of Christopher Colombus (en) Aistrigh
12 Deireadh Fómhair 1492Céadchuairt Chríostóir Colambas go Meiriceá
3 Lúnasa 1492-15 Márta 1493Céadchuairt Chríostóir Colambas go Meiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú


Find a Grave: 5764 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba loingseoir agus taiscéalaí Iodálach é Críostóir Colambas (nó Cristoforo Colombo as Iodáilis) i seirbhís na Spáinne (Genova [?] 25 Lúnasa31 Deireadh Fómhair 1451 - Valladolid, An Spáinn, 20 Bealtaine 1506).

Tá clú bainte amach ag Colambas mar gheall ar a chéad thuras trasna an Aigéin Atlantaigh sna longa la Niña, la Pinta agus la Santa Maria i 1492, ar thóir bealach nua go dtí an t-Oirthear.

Sa bhliain 1492, 1493, 1498, agus 1502, tháinig Columbus go Meiriceá.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roimh am Cholambais, bhíodh trádáil ar siúl thar tír idir an Eoraip agus an Áise.[1] Go leor de na hearraí a tháinig ón Áise, is trí Chathair Chonstaintín a tháinig siad. Cathair Chríostaí ba ea í go dtí na 1400idí. Ach ansin ghabh na Moslamaigh Cathair Chonstaintín. Ní raibh sé sábháilte níos mó ag Críostaithe, mar sin, a bheith ag taisteal an bealach sin.

Roimh i bhfad bhí impireacht mhór ag an Phortaingéil san Afraic, san India agus in Oirdheisceart na hÁise. Ba ghairid go raibh an Spáinn in iomaíocht leo.[2]

Thug ceannairí na Spáinne tacaíocht airgid do thaiscéalaithe a rachadh ag cuardach tíortha nua agus saibhris mhóra. Ba é Críostóir Colambas an taiscéalaí ba cháiliúla ar thug an Spáinn cuidiú dó. Dá réir sin, theastaigh ó Cholambas bealach farraige a aimsiú go dtí an Áise, chun go bhféadfaí earraí a thabhairt go héasca ón Áise chuig an Eoraip arís. Chreid sé dá seolfadh sé siar ón Eoraip go rachadh sé timpeall an domhain chomh fada leis an Áise.

Deirtear gurbh é Colambas an chéad Eorpach a tháinig go Meiriceá, cé go ndeirtear freisin gur tháinig Naomh Breandán nó na Lochlannaigh ann roimhe. Níorbh é Colambas an chéad duine le críocha Mheiriceá a aimsiú, cinnte. Bhí Meiriceánaigh Dhúchasacha ina gcónaí ann i bhfad sular bhain seisean an áit amach.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Colambas sa bhliain 1451 i Genoa san Iodáil. Nílimid cinnte faoina áit bhreithe nó an dáta. Ach d’fhás Colambas aníos cois na farraige. Chuir sé suim mhór sna longa a d’fheiceadh sé amuigh ar an bhfarraige. Nuair a bhí sé ina fhear óg, fuair sé an deis taisteal go tíortha éagsúla san Eoraip ar longa trádála. Tháinig Colambas go Gaillimh, fiú amháin, sa bhliain 1477.[1]

Taiscéalaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí bealach ag na Portaingéalaigh go dtí na hOileáin Spíosra. Bhí na Spáinnigh anois ag iarraidh bealach nua a fháil chun na nOileán. Shíl Christopher Columbus go mbeadh sé ábalta dul siar thar an Aigéan Atlantach go dtí na hIndí Thiar.

Ar dtús chuaigh Colambas go dtí Rí na Portaingéile ach ní bhfuair sé tacaíocht uaidh. Ansin chuaigh sé go dtí Rí Ferdinand agus Banríon Isabella na Spáinne. Thug siad airgead agus longa dó.

Chun leas a bhaint as na gnáthghaotha Atlantacha d’athraigh Colambas seolta an Nina i gceantar na nOileán Canárach ó sheolta Laidineacha (triantánacha) go rige cearnógach (thuas)[2]

1492[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Colambas i dtír ar 12 Meán Fómhair 1492 sna Bahámaí (Prang Educational Co., 1893)

Sa bhliain 1492, thug rí agus banríon na Spáinne airgead do Cholambas chun an turas siar a dhéanamh.

D’fhág Colambas Palos de la Frontera, baile beag san Andalúis agus chroch sé suas a chuid seolta ar an 3 Lúnasa 1492 le trí bhád, an Santa Maria, an Niña agus an Pinta.

Chreid cuid de na mairnéalaigh go raibh an domhan cothrom agus bhí eagla orthu go dtitfeadh siad thar a bhruach ǃ[2] Ach tar éis dhá mhí, tháinig siad i dtír ar 12 Meán Fómhair ar oileán Guanahaní sna Bahámaí (thug Colambas 'San Salvador' ar an oileán).

Shíl Colambas go raibh sé san Áise agus ghlaoigh sé Indiaigh ar na daoine ann. Níor thuig Colambas go raibh ilchríoch idir an Eoraip agus an Áise. Ní raibh a fhios aige go raibh Meiriceá aimsithe aige agus lean sé ar aghaidh ag lorg tíortha san Áise. Ní raibh a fhios ag aon Eorpach faoi Mheiriceá ag an am.

Ar 5 Nollaig 1492, tháinig Colambas i dtír ar oileán Easpáinneoil (atá roinnte anois idir Háítí agus an Phoblacht Dhoiminiceach). 'La Isla Española' a thug sé ar an oileán (Hispaniola inniu i mBéarla).

Cuntas ar thuras Chriostóir Colambas - Cartlainn (Capitulations of Santa Fe (Granada) )

Bhunaigh sé baile beag ann, "La Navidad", an chéad lonnaíocht de chuid na hEorpa i Meirceá.

Ar 24 Nollaig, cailleadh an Santa Maria.[3]

Rinne Colambas a dhícheall teacht ar ór, ach ní bhfuair sé ach beagán. D’fhill Colambas agus a mhairnéalaigh abhaile ar an Nina agus an Pinta. Fuair sé fáilte mhór sa Spáinn i mí na Márta 1493.

Cuntas ar thuras Chriostóir Colambas sa bhliain 1492[cuir in eagar | athraigh foinse]

"Bhíomar ag seoladh siar ó dheas agus ní raibh aon deireadh leis an bhfarraige. Bhí roinnt comharthaí ann áfach a thaispeáin go rabhamar in aice leis an gcósta. Chonaic roinnt den gcriú éin fharraige san aer agus planda cósta san uisce. Chonaic an criú a bhí ar an Pinta bata agus polla beag san uisce. Nuair a thóg siad amach ón uisce é bhí an chuma ar an bpolla go raibh obair láimhe déanta air. Chonaic criú an Niña comharthaí talún freisin –géag crainn le caora air. Tháinig faoiseamh ar gach duine agus níorbh fhada é anois go dtí go raibh an ghrian ag dul ina luí.

Macasamhlacha lánscálaː an Niña, an Pinta agus an Santa M, Palos de la Frontera, An Spáinn

Tar éis dul faoi don ngrian chas an tAimiréal an long ar ais i dtreo an Iarthair agus lean siad ar aghaidh ag luas timpeall 12 míle san uair. Thart ar a 2 am bhí 90 míle seolta acu. Mar gur long ní ba thapúla í an Pinta, sheol sí ar aghaidh ós comhair na long eile agus b’í a chonaic an talamh ar dtús. B’é an mairnéalach Rodrigo de Triana a chonaic an talamh ar dtús. Nuair a d’fhéach an captaen amach óna sheastán cheap sé go bhfaca sé solas. Ghlaoigh sé ar dhuine de na mairnéalaigh agus d’iarr sé air féachaint freisin. Ní raibh an bheirt acu cinnte áfach. Ina dhiaidh seo cheap an tAimiréal go bhfaca sé an solas uair nó dhó ach arís, ní raibh sé cinnte de. Bhí 10,000 bonn óir agus airgid geallta don gcéad duine a chonaic an cósta ach anois gheall an tAimiréal beart síoda le cur leis seo. Timpeall dhá uair a chloig níos déanaí chonaic an chéad duine an talamh thart air sé mhíle ón long."[4]

"La Isabela"

1493-1502[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 15 Márta 1493, tháinig Colambas ar ais chuig Palos de la Frontera san Andalúis.

Rinne Colambas trí aistear eile trasna an Atlantaigh, sna blianta 1493, 1498, agus 1502, le tacaíocht airgid Fernando agus Isabel..

I dtús 1493, fágadh 39 fear ar oileán Easpáinneoil sa bhaile nua, La Navidad. Nuair a tháinig Colambas ar ais níos déanaí sa bhliain sin,[5] bhí an baile scriosta; sléacht a bhí ann agus tháinig Eorpach ar bith slán as.[6] Ach bhunaigh Colambas baile nua, La Isabela, an chéad lonnaíocht seasta de chuid na hEorpa i Meirceá.

Níos déanaí, d’aimsigh Colambas a lán oileán eile, cosúil le Oileán na Tríonóide, Iamáice agus Guadalúip ach, ar ndóigh níor bhain sé an Áise amach riamh.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé i ndiaidh teacht ar chríocha Mheiriceá ach níl a fhios againn ar thuig sé é sin faoin am a fuair sé bás sa bhliain 1506. Chreid sé ar aon nós gur theip ar a shaol mar nár aimsigh sé bealach nua go dtí na hOileáin Spíosra. D'éag an taiscéalaí i Valladolid ar an 20 Bealtaine 1506). Bhí airtríteas aige, agus b'fhéidir go raibh an galar Reiter air.

Cuireadh Colambas, is cosúil, i mainistir Naomh Proinsias i Valladolid sa bhliain 1505 (tá Aodh Rua Ó Domhnaill curtha ann freisin). Nó creideann na seandálaithe gur cuireadh Críostóir Colambas ann, cé go bhfuil scéal ann gur aistríodh a chorp go dtí Sevilla agus ina dhiaidh sin go dtí an Phoblacht Dhoiminiceach.[7]

Leagadh dealbh i Minnesota State Capitol, 10 Meitheamh, 2020

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leagadh dealbh i Columbus State Community College, 2020

Níl a fhios againn céard a cheap Colambas nuair a fuair sé bás; an raibh a fhios aige gur tháinig sé ar ilchríoch nua? B'fhéidir nach raibh.

Cé gur theip ar Colambas saibhreas a thabhairt ar ais scaipeadh ráflaí go raibh rud bocht óir le fáil i Meiriceá. Bhí cuid de thaiscéalaithe na Spáinne a bhí ag iarraidh seo a fháil amach dóibh féin. Thug siad drochbhail amach is amach ar bhunadh na háite.[2]

I mí Dheireadh Fómhair gach bliain déantar ‘Columbus Day’ a cheiliúradh i Stáit Aontaithe Mheiriceá i gcuimhne ar Chríostóir Colambas. Déantar an lá sin a cheiliúradh i roinnt tíortha eile i Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Theas freisin, agus sa Spáinn.[8][9] Ach inniu, tá go leor daoine míshásta go ndéantar comóradh ar thaiscéalaithe mar Chriostóir Colambas le dealbha, srl.[10] In 2020, dhírigh daoine a bhí ag agóidíocht (mar gheall ar éagóir agus idirdhealú in aghaidh daoine de chine daite sna Stáit Aontaithe agus in áiteanna eile) ar go leor dealbh de Chriostóir Colambas.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Foras na Gaeilge. "Colambas". Dáta rochtana: 2021.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 cogg.ie (2007). "Nótaí staire don Teastas Sóisearach". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-18. Dáta rochtana: 2021-10-12.
  3. "Hispaniola | Genocide Studies Program". gsp.yale.edu. Dáta rochtana: 2021-12-05.
  4. cogg.ie. "12 Taiscéalaíocht agus Fionnachtana". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-06-29. Dáta rochtana: 2021.
  5. nationalhumanitiescenter.org. "Town of La Isabela, 1493". Dáta rochtana: 2021.
  6. Spanish Ph. D., Spanish M. A., Spanish B. A.. "What Was the First European Town in the Americas?" (en). ThoughtCo. Dáta rochtana: 2021-12-05.
  7. gaeilge.org.au (2020). "An Lúibín". Dáta rochtana: 2021.
  8. "Columbus Day" (as en) (2021-10-12). Wikipedia. 
  9. "National Day of Spain" (as en) (2021-10-12). Wikipedia. 
  10. Mar shampla, i mí Lúnasa 2017, chaith agóideoirí péint dhearg ar an dealbh seo de Cholambas in Buffalo, Nua-Eabhrac