Cantabria
Cantabria | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Aintiún | Himno a La Montaña | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Spáinn | ||||
Príomhchathair | Santander | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 584,507 (2021) | ||||
• Dlús | 109.85 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 5,321 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Mhuir Chantabrach | ||||
Pointe is airde | Peña Vieja (en) (2,613 m) | ||||
Pointe is ísle | leibhéal na farraige (0 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Province of Santander (en) | ||||
Cruthú | 1982 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Uachtarán Cantabria | María José Sáenz de Buruaga (2023–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | ES-CB | ||||
Cód NUTS | ES13 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | cantabria.es | ||||
Is comhphobal féinrialaitheach é Cantabria atá suite in oirthuaisceart na Spáinne. Santander an phríomhchathair. Tá Cantabria ag críochantacht le Tír na mBascach (cúige na Bioscáine), agus ó dheas tá Castilla y León, agus san oirthear tá Asturias. Tá cósta aige ó thuaidh chomh maith.
Tá Cantabria lonnaithe laistigh den Spáinn Glas, ainm a dtugtar don réigiún idir muir Cantabria agus sléibhte Cantabria i dtuaisceart na Spáinne. De bharr an bháistí agus na haeráide aigéanaí bíonn an fásra an-ghlas. Tá tionchar mór ag an Aigéan Atlantach, tagann an ghaoth ón Atlantach agus bíonn sé sáinithe leis na sléibhte; meán deascadh na háite ná 1,200 mm.
Tá tábhacht ar leith ag Cantabria de bharr an mhéid láithreán seandálaíochta atá le fáil ann. Tagann cuid dóibh as an ré pailéiliteach. Tá naoi bpluais ann le stádas Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO. Tá líníocht phluaise le feiceáil mar shampla i bpluais Altamira, atá dátaithe 16,000 go 9,000 RC.
Cruthaíodh Cúige Cantabria ar an 28 Iúil 1778. Glacadh le Reacht Cantabria ar an 30 Nollaig 1981, agus mar sin stádas fhéinrialathach.
Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá saineolaí fós ag iarraidh ainm an réigiúin, "Cantabria", a mhíniú ach níl se cinnte fós. Glactar leis go dtagann an fhréamh cant- ón bhfocal Ceiltise ar cloch nó carraig, agus is cosúil gur úsáideadh -abr mar iarmhír sna réigiúin cheilteacha. Mar sin b'fhéidir gurb é an ciall a bhí le "cántabro" ná "muintir na gcarraigeacha" ag tagairt don talamh carraigeach agus sléibhtiuil atá sa réigiún.
Tíreolas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is réigiún sléibhtiúil é Cantabria chomh maith leis an gcósta ó thuaidh agus tá acmhainní nádúrtha tábhachtacha le fáil ann:
- An Cósta. Tá cósta Cantabria 10 km ar fhad nach ardaíonn thar 500m. Tá gleannta ann chomh maith leis na haille atá briste ag aibhneacha a chruthaíonn ria agus tránna. Tá Bá Santander an eang is mó ar an gcósta ó dheas ardaíonn an talamh le bualadh leis na sléibhte.
- Na Sléibhte. Is balla fada é seo comhthreomhar leis an bhfarraige. Tá na sléibhte déanta don chuid is mó de aolchloch agus tógann siad suas chuid mhaith de achar Cantabria. Cruthaíonn siad gleannta doimhne. Tá na aibhneacha gearr ach le srutha tapaidh agus cumhacht creimeadh láidir agus mar sin tá fana na sléibhte géar.
Ó dheas tá na sléibhte níos mó fós. Tá sléibh raon mhór aolchloiche, Picos de Europa, san iardheisceart: chuid mhaith dóibh níos airde ná 2,500 m, cruthaithe ag na oighearshrutha a bhí ann fadó.
Contaetha agus Bardais Cantabria
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá 10 gcontaetha agus 102 Bardais i gCantabria.
Bardais de réir Daonra (2017)[1] | |||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
Uimhir | Bardas | Daonra | Santander Torrelavega Castro-Urdiales | ||||
1. | Santander | 171,951 | |||||
2. | Torrelavega | 52,034 | |||||
3. | Castro-Urdiales | 31,817 | |||||
4. | Camargo | 30,556 | |||||
5. | Piélagos | 24,918 | |||||
6. | El Astillero | 18,120 | |||||
7. | Santa Cruz de Bezana | 12,818 | |||||
8. | Laredo | 11,347 | |||||
9. | Santoña | 11,004 | |||||
10. | Los Corrales de Buelna | 10,912 |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Fuente: INE (01-01-2017).
Is síol faoi thíreolaíocht na Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |