Básuithe le linn Cogadh Cathartha na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Cuimhneachánː mharaigh scuad lámhaigh ceathrar ar an 17 Samhain 1922

Rinneadh mórchuid na mbásuithe le linn Cogadh Cathartha na hÉireann faoi na cumhachtaí éigeandála a bhí glactha ag an tríú Dáil ag deireadh Mheán Fómhair 1922, lenar ligeadh do chúirteanna míleata.[1]

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuimhneachán, Corcaigh

Maraíodh an Coileánach ar 22 Lúnasa 1922. Ar an 15 Deireadh Fómhair 1922, rith Rialtas an tSaorstáit Bille um Chumhachtaí Éigeandála sa Dáil. Bhíothas in ann pionóis an bháis a eisiúint as airm a bheith i seilbh nó as cabhrú agus neartú ionsaithe ar an Arm Náisiúnta.

Go gairid ina dhiaidh, ghabh fórsaí an tSaorstáit ceathrar Óglach Poblachtánach i gCill Mhantáin ag iompar arm agus cuireadh chun báis iad go hachomair (mharaigh scuad lámhaigh iad ar an 17 Samhain 1922). B'iad James Fisher, Peter Cassidy, Richard Twohig agus James Gaffney is túisce de na 81[2][3] poblachtánach a chuir Railtas an tSaorstáit chun báis idir Samhain 1922 agus Bealtaine 1923.[4]

Cuimhneachán, Cathair Saidhbhín

Seachtain ina dhiaidh sin, ar 24 Samhain 1922, básaíodh Robert Erskine Childers, "ó fuarthas piostal aige", a dúirt na Státairí (íorónta go leor, b'é an Coileánach a thug an piostal sin dó an chéad uair).

Spreag na básuithe gníomharthadíoltais ón IRA frith-Chonartha Is léir go ndeachaigh na Poblachtánaigh ar mire nuair a chuala siad iomrá air seo. D'fhógair Liam Ó Loingsigh nár cheart aon duine de na Teachtaí Dála a fhágáil beo, ó bhí siad i ndiaidh "bille an mhíle murdar" a shíniú is a fhormhuiniú. Mar sin, mharaigh na frith-Chonraitheoirí roinnt Teachtaí Dála. Maraíodh an Teachta Dála Seán Hales ar an 7 Nollaig,[5] agus dódh teach Liam T Mhic Chosgair.

Thairis sin, lámhach siad athair an Uiginnigh, rud a threisigh ar an bhfuath a bhí aige siúd ar na Poblachtánaigh, ní nárbh ionadh.

"príosúnach cogaidh", 22 Iúil 1922

Mar sin, ar an 7 Nollaig 1922, cuireadh ceathrar Poblachtánach ceannasach, duine ó gach cúige, chun báis in éiric an chéad Teachta Dála a bhí maraithe ag na frith-Chonraitheoirí. Ar an 8 Nollaig, lámhachadh Ó Maoilíosa, Ruairí Ó Conchúir, Seosamh Mac Calbhaigh agus Risteard Bairéid, mar bheart díoltais ar scaoileadh an Theachta Dála Seán Mac Héil ar an 6 Nollaig.

Ós rud é nach raibh an bille ar leabhar na reacht go fóill nuair a cimíodh an ceathrar seo, bású mídhlíthiúil a bhí ann.

Sa deireadh thiar, cuireadh seachtar Poblachtánach déag is trí scór chun báis ar an dóigh seo. De ghnáth, b'iad na cúirteanna airm a ghearr na pionóis bháis seo, agus ba leor a bheith i seilbh arm tine le duine a chur chun báis.

An chuid ba mhó de na daoine a básaíodh, bhí siad á gcoinneáil i mbraighdeanas i gCill Mhaighneáin nó i Muinseó i mBaile Átha Cliath. Ach cuireadh an chorrdhuine chun báis in áiteanna eile sa tír, i dTrá Lí mar shampla. Sheachain Earnán Ó Máille scuad an lámhaigh, ó bhí sé gonta go dona nuair a cimíodh é, agus shíl na Státairí nach raibh cuid a dhaortha ná cuid a lámhaigh fágtha san fhear bocht. Níor básaíodh Liam Ó Déasaigh, ach an oiread, nó bhí sé sásta forógra a shíniú ina raibh sé ag éileamh ar na frith-Chonraitheoirí na hairm a dhumpáil agus iad féin a ghéilleadh d'fhórsaí an tSaorstáit.

Ciarraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Amach ó na básuithe oifigiúla, dúnmharaíodh cuid mhaith daoine go mídhlíthiúil, go háirithe i gCiarraí. Shiúil an bás ar na frith-Chonraitheoirí go háirithe i Mí na Márta sa bhliain 1923. B'é an t-eachtra ba bhrúidiúla a tharla ansin ná an dóigh ar cuireadh ceangal na gcúig gcaol ar naonúr Poblachtánach timpeall ar mhianach talún. Maidhmeadh an pléascán agus cuireadh críoch ar an obair le meaisínghunna. Iontas na n-iontas, fágadh fear amháin acu beo ina dhiaidh sin féin, agus siúd is go bhfuair sé íde uafásach, d'éirigh leis a éalú a dhéanamh ón áit sular tháinig na hadhlacóirí. Díoltas ab ea an t-ainghníomh seo as an mbobghaiste a mharaigh cúigear Saorstátairí roimhe sin.

Níorbh é seo an t-aon eachtra amháin dá chineál féin é, nó pléascadh cúigear cimí Poblachtánacha in aice le Cill Áirne agus ceathrar eile i gCathair Shaidhbhín. B'é maorghinearál Paddy Daly[6] i mBaile Átha Cliath, a bhí freagrach as na huafáis seo, ach is é an insint a chuir sé féin ar an scéal ná gur maraíodh na cimí nuair a bhí siad ag baint an dochair de phléascáin talún de chuid na bPoblachtánach. Thacaigh an Ginearál Ó Maolchatha leis an ráiteas seo, agus bhí sé oifigiúil go ceann i bhfad, go dtí gur tháinig an fhírinne chun solais.

Ag druidim chun deireadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig an tsíocháin i Mí na Bealtaine sa bhliain 1923, ach níor chuir sé deireadh leis an dúnmharfóireacht seo. Mar shampla, d'fhuadaigh na Saorstátairí Nollaig Lemass, deartháir Sheáin, i Mí Iúil 1923, agus dhumpáil siad a chorpán marbh i sléibhte Chill Mhantáin, i gcóngar do Ghleann Cria, áit ar thángthas air i Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain chéanna.

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cruálach is uile mar a bhí an feachtas dúnmharfóireachta seo, ní féidir a rá nach gcuideodh sé leis na Saorstátairí an lámh in uachtar a fháil ar iarsmaí na bhfrith-Chonraitheoirí. Ní raibh na Poblachtánaigh ábalta cath éifeachtúil a chur ar na Státairí, ós rud é nach raibh an daonra sibhialta fonnmhar dídean a thabhairt dóibh anois, mar a bhí le linn Chogadh na Saoirse.  

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. theirishrevolution.ie (2020). "An Conradh agus Cogadh Cathartha na hÉireannː cuid a dó". Dáta rochtana: 2020.
  2. Stair na hÉireann (2016-11-17). "1922 – The Irish Free State begins the executions of seventy-seven anti-Treaty republican prisoners." (en-GB). Stair na hÉireann | History of Ireland. Dáta rochtana: 2020-11-17.
  3. "The Irish Civil War – A brief overview – The Irish Story" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-11-17.
  4. centenaries.ucd.ie (2016). "DEICH mBLIANA na gCUIMHNEACHÁN". Dáta rochtana: 2020.
  5. "Sean Hales" (in en) (2020-10-05). Wikipedia. 
  6. "Paddy Daly" (in en) (2020-09-20). Wikipedia.