Básuithe le linn Chogadh Cathartha na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cuimhneachánː mharaigh scuad lámhaigh ceathrar ar an 17 Samhain 1922

Rinneadh mórchuid na mbásuithe le linn Chogadh Cathartha na hÉireann faoi na cumhachtaí éigeandála a bhí glactha ag an tríú Dáil ag deireadh Mheán Fómhair 1922, lenar ligeadh do chúirteanna míleata.[1]

Robert Erskine Childers curtha i reilig Ghlas Naíon

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuimhneachán, Corcaigh

Maraíodh an Coileánach ar 22 Lúnasa 1922. Ar an 15 Deireadh Fómhair 1922, rith Rialtas an tSaorstáit Bille um Chumhachtaí Éigeandála sa Dáil. Bhíothas in ann pionóis an bháis a eisiúint as airm a bheith i seilbh nó as cabhrú agus neartú ionsaithe ar an Arm Náisiúnta.[2]

Liam Mellows

Go gairid ina dhiaidh, ghabh fórsaí an tSaorstáit ceathrar Óglach Poblachtánach i gCill Mhantáin ag iompar arm agus cuireadh chun báis iad go hachomair (mharaigh scuad lámhaigh iad ar an 17 Samhain 1922). B'iad James Fisher, Peter Cassidy, Richard Twohig agus James Gaffney is túisce de na 81[3][4] poblachtánach a chuir Rialtas an tSaorstáit chun báis idir Samhain 1922 agus Bealtaine 1923.[5]

Cuimhneachán, Cathair Saidhbhín

Seachtain ina dhiaidh sin, ar 24 Samhain 1922, básaíodh Robert Erskine Childers, "ó fuarthas piostal aige", a dúirt na Státairí (íorónta go leor, b'é an Coileánach a thug an piostal sin dó an chéad uair).

Spreag na básuithe gníomhartha díoltais ón IRA frith-Chonartha Is léir go ndeachaigh na Poblachtánaigh ar mire nuair a chuala siad iomrá air seo. D'fhógair Liam Ó Loingsigh nár cheart aon duine de na Teachtaí Dála a fhágáil beo, ó bhí siad i ndiaidh "bille an mhíle murdar" a shíniú is a fhormhuiniú. Mar sin, mharaigh na frith-Chonraitheoirí roinnt Teachtaí Dála. Maraíodh an Teachta Dála Seán Hales ar an 7 Nollaig,[6] agus dódh teach Liam T Mhic Chosgair.

Thairis sin, lámhach siad athair an Uiginnigh, rud a threisigh ar an bhfuath a bhí aige siúd ar na Poblachtánaigh, ní nárbh ionadh.

Maraíodh an chéad TD, Seán Hales, ar 6 Nollaig. Bhain an rialtas díoltas amach go dírech. Ar 8 Nollaig 1922, cuireadh ceathrar Poblachtánach, duine ó gach cúige, chun báis Lámhachadh Liam Ó Maoilíosa, Ruairí Ó Conchúir, Seosamh Mac Calbhaigh agus Risteard Bairéid, mar bheart díoltais. Básuithe neamhdhlíthiúla amach is amach a bhí ann. Bhain na heachtraí seo an anáil de mhuintir na hÉireann.

"príosúnach cogaidh", 22 Iúil 1922

Bhain an tIRA díoltas amach sna laethanta dár gcionn. I measc eachtraí eile, ar 10 Nollaig 1922, dódh teach Seán McGarry, TD, go talamh (37 Philipsburgh Avenue i mBÁC) agus loisceadh ina beatha a mhac, Emmet, 7 bliain d'aois.[7]

Sa deireadh thiar, cuireadh seachtar Poblachtánach déag is trí scór chun báis idir 1922-1923 (meastar 81 uaireanta). Bhí 400 eile daortha chun báis nuair a tháinig deireadh leis na básuithe. De ghnáth, b'iad na cúirteanna airm a ghearr na pionóis bháis seo, agus ba leor a bheith i seilbh arm tine le duine a chur chun báis.

An chuid ba mhó de na daoine a básaíodh, bhí siad á gcoinneáil i mbraighdeanas i gCill Mhaighneáin nó i Muinseó i mBaile Átha Cliath. Ach cuireadh an chorrdhuine chun báis in áiteanna eile sa tír, i dTrá Lí mar shampla. Sheachain Earnán Ó Máille scuad an lámhaigh, ó bhí sé gonta go dona nuair a cimíodh é, agus shíl na Státairí nach raibh cuid a dhaortha ná cuid a lámhaigh fágtha san fhear bocht. Níor básaíodh Liam Ó Déasaigh, ach an oiread, nó bhí sé sásta forógra a shíniú ina raibh sé ag éileamh ar na frith-Chonraitheoirí na hairm a dhumpáil agus iad féin a ghéilleadh d'fhórsaí an tSaorstáit.

Ciarraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Amach ó na básuithe oifigiúla, dúnmharaíodh cuid mhaith daoine go mí-dhlíthiúil, go háirithe i gCiarraí. Shiúil an bás ar na frith-Chonraitheoirí go háirithe i Mí na Márta sa bhliain 1923. B'é an t-eachtra ba bhrúidiúla a tharla ansin ná an dóigh ar cuireadh ceangal na gcúig gcaol ar naonúr Poblachtánach timpeall ar mhianach talún. Maidhmeadh an pléascán agus cuireadh críoch ar an obair le meaisínghunna. Iontas na n-iontas, fágadh fear amháin acu beo ina dhiaidh sin féin, agus siúd is go bhfuair sé íde uafásach, d'éirigh leis a éalú a dhéanamh ón áit sular tháinig na hadhlacóirí. Díoltas ab ea an t-ainghníomh seo as an mbobghaiste a mharaigh cúigear Saorstátairí roimhe sin.

Níorbh é seo an t-aon eachtra amháin dá chineál féin é, nó pléascadh cúigear cimí Poblachtánacha in aice le Cill Airne agus ceathrar eile i gCathair Shaidhbhín. B'é maorghinearál Paddy Daly[8] i mBaile Átha Cliath, a bhí freagrach as na huafáis seo, ach is é an insint a chuir sé féin ar an scéal ná gur maraíodh na cimí nuair a bhí siad ag baint an dochair de phléascáin talún de chuid na bPoblachtánach. Thacaigh an Ginearál Ó Maolchatha leis an ráiteas seo, agus bhí sé oifigiúil go ceann i bhfad, go dtí gur tháinig an fhírinne chun solais.

Sabaitéireacht: bhí drochbhail ar chúrsaí airgeadais sa Stát. Traein imithe de na ráillí, 15 Lúnasa 1922, Cill Liúráin, Contae Loch Garman[9][10][11]

Loch Garman agus i nDún na nGall[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 13 Márta, cuireadh triúr trodaithe Poblachtacha chun báis go dlisteanach i Loch Garman san oirdheisceart. Mar dhíoltas, gabhadh agus maraíodh triúr saighdiúirí de chuid an Airm Náisiúnta.[12]

"Ar maidin an 2 Samhain 1922, bhog buíon Óglach i dtreo Bhaile na Finne thart le Mín na bPoll i gceantar Dhún Lúiche, ach ar fhaisnéis spíodóirí áitiúla, ghabh saighdiúrí an tSaorstáit iad níos déanaí an oíche sin in áit darb ainm an Dúnán.

Tugadh na príosúnaigh phoblachtacha chuig ceannáras Arm an tSaorstáit i nDroim Bó in aice le Srath an Urláir. Cuireadh cúirt mhíleata orthu agus ciontaíodh iad as airm a bheith ina seilbh acu gan chead. Ainneoin gur daoradh chun báis iad, fágadh iad i bpríosún go dtí gur tharla eachtra chinniúnach tamall ina dhiaidh sin.

Deir Seosamh Ó Ceallaigh gur ionsaíodh beairic Arm an tSaorstáit ar an Chraoslach oíche an 10 Márta 2023:

Scaoileadh an Captaen Cannon as Leitir Mhic an Bhaird san ionsaí sin. Fuair sé bás.

Chuaigh teachtaireacht go Baile Átha Cliath chuig ceannáras an tSaorstáit gur maraíodh saighdiúir eile dá gcuid agus tháinig teachtaireacht ar ais chuig an cheannasaí Joe Sweeney i nDroim Bó go gcaithfeadh sé ceathrar acu a chur chun báis.

Ní raibh a fhios ag na príosúnaigh go dtí an 4 a chlog ar maidin an 13 Márta go raibh siad le marú.

Ainneoin achainí ó Easpaig Ráth Bhoth agus Chiarraí, níor ghéill Aire Cosanta an tSaorstáit Risteard Ó Maolchatha.

Ar an 14 Márta ag Caisleán Dhroim Bó lámhachadh go hachomair ceathrar trodaithe de chuid an IRA Charlie Daly (26), Sean Larkin (26), Daniel Enright (23), agus Timothy O'Sullivan (23)."[13]

Ag druidim chun deireadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig an tsíocháin i Mí na Bealtaine sa bhliain 1923, ach níor chuir sé deireadh leis an dúnmharfóireacht. Mar shampla, d'fhuadaigh na Saorstátairí Nollaig Lemass, deartháir Sheáin, i Mí Iúil 1923, agus dhumpáil siad a chorpán marbh i sléibhte Chill Mhantáin, i gcóngar do Ghleann Cria, áit ar thángthas air i mí Dheireadh Fómhair sa bhliain chéanna.

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cruálach is uile mar a bhí an feachtas dúnmharfóireachta seo, ní féidir a rá nach gcuideodh sé leis na Saorstátairí an lámh in uachtar a fháil ar iarsmaí na bhfrith-Chonraitheoirí. Ní raibh na Poblachtánaigh ábalta cath éifeachtúil a chur ar na Státairí, ós rud é nach raibh an daonra sibhialta fonnmhar dídean a thabhairt dóibh anois, mar a bhí le linn Chogadh na Saoirse.  

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. theirishrevolution.ie (2020). "An Conradh agus Cogadh Cathartha na hÉireannː cuid a dó". Dáta rochtana: 2020.[nasc briste go buan]
  2. Shane McElhatton de chuid RTÉ (2022-11-12). "'Take them out and shoot them' - Irish State executions" (as en). 
  3. Stair na hÉireann (2016-11-17). "1922 – The Irish Free State begins the executions of seventy-seven anti-Treaty republican prisoners." (en-GB). Stair na hÉireann | History of Ireland. Dáta rochtana: 2020-11-17.
  4. "The Irish Civil War – A brief overview – The Irish Story" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-11-17.
  5. centenaries.ucd.ie (2016). "DEICH mBLIANA na gCUIMHNEACHÁN". Dáta rochtana: 2020.
  6. "Sean Hales" (as en) (2020-10-05). Wikipedia. 
  7. "McGarry, Seán | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2022-11-14.
  8. "Paddy Daly" (as en) (2020-09-20). Wikipedia. 
  9. "Cill Liúráin/Killurin" (en). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-11-14.
  10. colmwexford (2018-01-31). "Train derailment, Killurin, August 15th, 1922" (en). The Archaeology of Conflict: Wexford in the Civil War, 1922-1923. Dáta rochtana: 2022-11-14.
  11. "The Killurin ambush 1922 and the Civil War in Wexford – The Irish Story" (en-GB). Dáta rochtana: 2022-11-14.
  12. {{cite web |last=Dorney |first=John |date=14 March 2011 |teideal=March 1923 – The Terror Month |url= http://www.theirishstory.com/2011/03/14/march-1923-the-terror - month/#.WXzNLjfXuHQ | access - date =19 Feabhra 2019 |website= theirishstory.com}
  13. 100 bliain ó cuireadh ceathrar Óglach chun báis i nDún na nGall