August Strindberg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAugust Strindberg

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(sv) Johan August Strindberg
Beathaisnéis
Breith22 Eanáir 1849
Storkyrkoförsamlingen, An tSualainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Bealtaine 1912
63 bliana d'aois
Paróiste Adolf Fredriks, An tSualainn Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse ghoile)
Áit adhlacthaNorra begravningsplatsen, Kvarter 13A, gravnummer 101 (1912–) 59°21′17″N 18°01′31″E / 59.35482°N 18.02523°E / 59.35482; 18.02523 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Uppsala Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheSundhetskollegiets hus
Stócólm
Uppsala
Beirlín
Stócólm
Stócólm
Taarbæk parish (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisan tSualainnis
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht, scríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta, prós agus drámaíocht
Suíomh oibre Stócólm Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmdrámadóir, dírbheathaisnéisí, scríbhneoir scripte, scríbhneoir, scríbhneoir aistí, úrscéalaí, grianghrafadóir, péintéir, file, scríbhneoir próis Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1872 –  1909
GluaiseachtNádúrachas agus siombalachas
Faoi thionchar
TeangachaAn tSualainnis agus an Fhraincis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileSiri von Essen (1877–1893)
Frida Uhl (1893–1897)
Harriet Bosse (1901–1904) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteKarin Smirnov
 ( Siri von Essen)
Kerstin Strindberg
 ( Frida Uhl)
Anne-Marie Hagelin
 ( Harriet Bosse)
Greta Strindberg
 ( Siri von Essen) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCarl Oscar Strindberg  agus Eleonora Ulrika Strindberg
SiblínNora Strindberg, Elisabeth Strindberg agus Carl Axel Strindberg
Síniú

IMDB: nm0834529 IBDB: 4361
Spotify: 5xy1knm3iwNaZeqVBJCif7 Musicbrainz: 7bc6d6f1-5ab8-44f5-932b-01973476b51f Discogs: 848551 IMSLP: Category:Strindberg,_August Find a Grave: 6071 Cuir in eagar ar Wikidata

Áirítear Johan August Strindberg ar scríbhneoirí móra na Sualainne. Rugadh ar an 22 Eanáir 1849 i Stócólm é, agus shíothlaigh sé san áit chéanna ar an 14 Bealtaine 1912. Scríobhadh sé drámaí, gearrscéalta, úrscéalta agus prós dírbheathaisnéiseach, agus bhain sé amach clú agus cáil taobh amuigh den tSualainn féin lena chuid drámaí.

I rith dhá scór bliain bhí Strindberg ina lárphointe a raibh saol liteartha na Sualainne ag casadh ina thimpeall. Bhíodh sé ina chnámh spairne go minic, agus a lán caismirtí pearsanta ag imeacht idir é agus scríbhneoirí eile a linne. Cé go staonadh sé ón scríbhneoireacht ó am go ham, bhí sé iontach bisiúil, agus d'fhág sé a bhlas féin ar an tSualainnis.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

A Chéad Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Johan August Strindberg ar an oileán úd Riddarholmen (Oileán na Ridirí) i Stócólm i dteach ar a dtugtar Sundhetskollegiets hus, nó teach Údarás na Sláinte, ós rud é go raibh státúdarás sláinte na Sualainne i seilbh an fhoirgnimh tráth den tsaol. Bhí Strindberg ar an tríú duine den ochtar clainne a rugadh dá athair leis an gcéad bhean chéile. Sa bhliain 1851 d'aistrigh an teaghlach go Klara (i lár cathrach Stócólm inniu) agus sa bhliain 1856, fuair siad árasán nua ag 14 Norrtullsgatan (Sráid Norrtull, nó Sráid an Gheata Thuaidh) i Vasastaden i Stócólm. Bhí athair August, Carl Oscar Strindberg, ina bhoc mór i ngnó na loingseoireachta agus é ag saothrú a choda ar thrácht na ngaltán i loch Mälaren agus trí Chanáil Göta (a ritheann tríd na lochanna úd Vänern, Vättern, Boren agus Roxen a fhad le Muir Bhailt). Maidir lena mháthair Eleonora Ulrika née Norling, cailín aimsire a bhí inti agus í ag obair dá athair go dtí gur phós siad, rud a spreag August Strindberg chun an tsraith d'úrscéalta dírbheathaisnéiseacha a bhreacadh síos ar ar bhaist sé an teideal Tjänstekvinnans son ("Mac an Chailín Aimsire").

1881

Phós Carl Oscar an cailín seo sa bhliain 1847, dhá bhliain sular rugadh August. Bhí tionchar láidir ag cráifeacht na máthar ar phearsantacht an mhic, agus bhí sé ciúin tostach domhainsmaointeach nuair a bhí sé óg. Maidir leis an athair, bhí sé dian agus choinnigh sé an mac faoi smacht le lámh láidir. San am chéanna, bhí suim aige i gcúrsaí cultúir agus léinn, rud a d'fhág a thionchar ar August chomh maith. Bhí August beag tugtha don léitheoireacht, don cheimic agus don bhitheolaíocht, agus thosaigh sé ar an scoil in Klara sa bhliain 1856. Ba iad na chéad iarrachtaí scríbhneoireachta na litreacha a scríobh sé faoi bhás a chara Flodcrantz ar an 30 Nollaig 1861 (bhí Flodcrantz ag trasnú an loch úd Brunnsviken, nuair a bhris an oighear faoina chosa, agus bádh é) agus faoi bhás a mháthar (cailleadh an mháthair istoíche idir an 19 agus an 20 Márta 1862, agus scríobh August an litir chuig a dheartháir ar an 22 Márta).

I ndiaidh bhás na máthar, rinne athair August athphósadh. Phós sé Emilia Charlotta Peterson, máistreás tí na bpáistí nach raibh ach dhá bhliain fichead san am, agus thug August Strindberg fuath na ndaol di in imeacht na mblianta.

An Mac Léinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

1884

Bhain August óg amach a ardteistiméireacht ó Stockholms Lyceum sa bhliain 1867, agus chuaigh sé ag staidéar in Ollscoil Uppsala ina dhiaidh sin. D'éirigh sé as an ollscoil i gceann leathbhliana, ó nach raibh a dhóthain airgid aige. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé le múinteoireacht mar shlí bheatha, ach san am chéanna, bhí sé ag iarraidh míochaine a fhoghlaim san ollscoil, le bheith ina dhochtúir. Chuir sé spéis in amharclannaíocht freisin, agus chaith sé seal ina aisteoir breise in Amharclann Ríoga na Drámaíochta i Stócólm (Kungliga Dramatiska Teatern, nó Dramaten). Sa bhliain 1870, chinn sé ar aghaidh a thabhairt ar Uppsala arís, agus ba ansin a chuaigh sé le scríbhneoireacht.

Ní haon ribín réidh a bhí ann, mar dhuine, agus ó bhí sé de chlaonadh ann cur in aghaidh na n-ollúna, níor bhain sé amach a chéim ollscoile riamh. Maidir leis an scríbhneoireacht, áfach, tugadh faoi deara go forleathan go raibh gealladh faoi, agus bhronn Rí na Sualainne, Séarlas XV féin scoláireacht air sa bhliain 1871. Sa bhailiúchán gearrscéalta úd Från Fjärdingen och Svartbäcken ("Ón bhFeoirling agus ón Sruthán Dubh" - logainmneacha in Uppsala iad Fjärdingen/An Fheoirling agus Svartbäcken/An Sruthán Dubh), a tháinig i gcló an chéad uair sa bhliain 1877, a thug sé cur síos ar na laethanta sin in Uppsala.

D'éirigh sé as an staidéar arís sa bhliain 1873, cheal airgid, agus d'fhill sé ar Stócólm, rud nár thaitin lena athair ar aon nós. Chuaigh sé le hiriseoireacht, agus sa bhliain 1874, fuair sé post sa Leabharlann Ríoga (Kungliga biblioteket), áit ar fhan sé ag obair go dtí an bhliain 1882.

An Chéad Phósadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoin am seo a casadh Siri von Essen ar Strindberg. Ba as an bhFionlainn do Siri, agus bhí sí pósta cheana, ach mar sin féin, thit Strindberg i ngrá léi, agus mheall sé óna fear céile í - ó bhí mná luí ag an bhfear céile chomh maith, ní raibh an pósadh i bhfad ag dul ar neamhní. Phós Siri agus Strindberg sa bhliain 1877. Bhí Siri ag iompar clainne nuair a phós siad, ach níor mhair an leanbh i bhfad. Saolaíodh triúr eile dóibh: Karin (1880), Greta (1881), agus Hans (1884).

Theastaigh ó Siri dul le haisteoireacht, agus chuidigh an pósadh ar Strindberg léi an aisling seo a chur i ngníomh.

Briseadh Mór an Scríbhneora[cuir in eagar | athraigh foinse]

1885, féinphortráid

Chrom Strindberg ar an dráma Mäster Olof a scríobh sa bhliain 1872. Ar dtús, scríobh Strindberg an dráma le páirt a ghlacadh i gcomórtas drámaíochta Acadamh na Sualainne, ach níor thaitin an dráma leis an ngiúiré. Thairg Strindberg an dráma don Amharclann Ríoga freisin, ach níor glacadh leis mar a bhí sé, agus tugadh le fios don scríbhneoir go gcaithfeadh sé an dráma a athrú sula gcuirfí ar stáitse é. Rinne sé na hathruithe, ach ina dhiaidh sin féin, bhí lucht ceannais na hamharclainne den tuairim go raibh an dráma ag cur thar maoil le diamhaslú agus nach raibh idéalachas ar bith ag baint leis. Bhí cúig bliana caite ag an scríbhneoir óg ag scríobh agus ag athscríobh an dráma, agus chuaigh an obair go léir ar neamhní, mar a shíl sé ag an am. Ansin, áfach, scríobh sé úrscéal inar thug sé cur síos ar shaol na mBoihéamach óg i Stócólm - Röda rummet ("An Seomra Dearg"). Ba é an t-úrscéal seo a thabhaigh an chéad chlú dó, agus ba leis an úrscéal seo a thosaigh an nádúrachas i stair litríochta na Sualainne.

1886

Sna chéad bhlianta eile, thosaigh Strindberg ag scríobh a mhórshaothair faoi shaol na Sualannach sna laethanta a bhí, Svenska folket i helg och söcken ("Muintir na Sualainne Domhnach is dálach"), chomh maith leis an úrscéal Det nya riket ("An Ríocht Nua"). San úrscéal seo, caitheann sé súil aorach ar shaol na tíre, go háirithe ar fhorais phoimpéiseacha na sochaí. Maidir le Svenska folket i helg och söcken, bhí na staraithe míshásta leis go raibh scríbhneoir ficsin ag iarraidh stair na Sualainne a scríobh de réir a chuid tuairimí polaitiúla.

Tharraing Strindberg a lán seantithe anuas air féin leis na leabhair seo, agus sa deireadh, fuair sé riachtanach an tír a thréigean go ceann tamaill. Ar dtús shocraigh sé síos in Grez-sur-Loing i dtuaisceart na Fraince áit a raibh a lán ealaíontóirí eile ó Chríoch Lochlann ina gcónaí, ach thuirsigh sé den áit go luath agus thug sé aghaidh ar Pháras agus ina dhiaidh sin, ar an Eilvéis. Thionlaic a bhean chéile agus a chlann é, ach ní mó ná sásta a bhí Siri an tír dhúchais a fhágáil ina diaidh, go háirithe ó theastaigh uaithi bheith ina haisteoir.

1896

Ar an gcoigríoch dó lean Strindberg leis ag scríobh próis agus drámaíocht. San am seo a d'fhoilsigh sé an díolaim ghearrscéalta úd Giftas ("Cúrsaí cleamhnais"), an chéad chuid de Tjänstekvinnans son, chomh maith le saothar dírbheathaisnéiseach eile, mar atá, En dåres försvarstal ("Pléadáil na Geilte", a scríobh sé as Fraincis ar dtús, faoin teideal Plaidoyer d'un fou), drámaí cosúil le Fadren ("An tAthair") agus Fröken Julie ("An Bhean Óg Uasal Julie"), agus úrscéalta soch-chriticiúla ar nós Utopier i verkligheten ("Útóipí sa Réaltacht"). Tharraing Giftas scannal agus caingean faoi dhiamhaslú anuas ar an scríbhneoir. Ba í neamhbhailbhe an scríbhneora i leith cúrsaí craicinn agus collaíochta a bhain an gheit ba mhó as na daoine, ach ba í an tagairt éadromchroíoch a rinne sé d'arán agus d'fhíon na hEocairiste a thuill an phróis dlí dó. D'éigiontaigh an chúirt Strindberg, ach más amhlaidh féin, chaith an phróis a scáth ar an scríbhneoir ar feadh i bhfad, agus tháinig athrú ar a phearsantacht. Roimhe sin, bhí caidreamh maith aige lena bhean chéile Siri, ach i ndiaidh na próise, chuaigh an pósadh chun donais, agus sa bhliain 1891, fuair an lánúin colscaradh. Bhí Strindberg ag déanamh go raibh Siri ag dul le leispiachas faoi cheilt agus go raibh caidreamh collaí aici le mná éagsúla, agus d'éirigh sé cineál paranóideach i leith Siri.

D'fhan Strindberg ar an gcoigríoch go dtí an bhliain 1889, ach thagadh sé go dtí an tSualainn leis an samhradh a chaitheamh sna hoileáin taobh amuigh de Stócólm. Tá tionchar an dúlra agus an radharcra seo le haithint ina lán leabhar dár scríobh sé, cosúil le Hemsöborna ("Muintir Hemsö", 1887) a chum sé nuair a bhí sé sa Bhaváir agus é den bharúil go raibh sláinte a intinne ag teip air, Skärkarlsliv ("Saol an Oileánaigh", 1888), agus I havsbandet ("Chois Farraige", 1890). Bhí sé ag péinteáil pictiúir impriseanaíocha freisin a bhí bunaithe ar mhóitífeanna ó dhúlra na n-oileán. I ndiaidh dó Hemsöborna a scríobh, ní raibh cead aige filleadh go Kymmendö, áit a raibh na samhraí caite aige roimhe sin, ó bhí pearsana an úrscéil bunaithe ar fhíordhaoine de mhuintir na háite, agus ó thug Strindberg cur síos ar chaidreamh chollaí na ndaoine seo.

Géarchéim "Inferno"[cuir in eagar | athraigh foinse]

1899

I ndiaidh an cholscartha, chuaigh Strindberg go Beirlín agus shocraigh sé síos ansin go ceann tamaill. Bhí cairde aige ansin cosúil le hEdvard Munch, an dealbhóir Ioruach, nó Adolf Paul, an file Sualannach a chuaigh leis an nGearmáinis mar theanga scríbhneoireachta sa deireadh. Rinne Laura Marholm, bean chéile Ghearmánach an fhile Shualannaigh Ola Hansson, iarracht le saothar Strindberg a chur in aithne do mhuintir na Gearmáine, ach faoin am seo bhí Strindberg chomh craiceáilte is gur shíl sé go raibh Marholm ag féachaint le hé a chur i dteach na ngealt. Phós sé bean óg Ostarach, iriseoir mná darbh ainm Friederike "Frida" Uhl, agus rugadh iníon dóibh, Kerstin, ach ina dhiaidh sin, chuaigh Strindberg as a mheabhair ar fad - buaileadh le síocóis pharanóideach é. Níos déanaí, thug Strindberg cur síos ar an ngéarchéim seo ina shaol - "géarchéim Inferno" nó Infernokrisen - sa leabhar dírbheathaisnéiseach úd Inferno.

1901

Sna blianta 1893-1896, bhí cónaí ar Strindberg san Ostair cuid mhór den am - mar shampla, chaith sé seal in Dornach, áit a raibh teach ag tuismitheoirí mháthair a mhná céile, in aice le hAmstetten, chomh maith le bailte beaga eile sa cheantar chéanna - agus ba ansin a fuair sé an taispeánadh ó Ifreann ba chéadchomhartha don tsíocóis. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé go hYstad i ndeisceart na Sualainne, agus thug sé cuairt ar a chara, a dochtúir Anders Eliasson. Thug sé a aghaidh ar Pháras ansin, agus nuair a bhí cónaí air in Óstán Orfila sa chathair sin, tháinig an tsíocóis anuas air i ndáiríre. Shíl sé go raibh drong brionnóirí ag bagairt air, agus d'éalaigh sé i mbéal na séibe go Dieppe, áit a raibh cairde leis ina gcónaí. Shamhlaigh sé go raibh torann aisteach le cloisteáil ina thimpeall, agus chreid sé go raibh Stanisław Przybyszewski, scríbhneoir Polannach a raibh aithne aige air i mBeirlín, ag iarraidh dochar éigin a dhéanamh dó le gléasra teicneolaíoch.

1908

Chaith Strindberg tréimhse i dteach a chara Anders Eliasson in Ystad arís faoi dheireadh an tsamhraidh 1896. Ina dhiaidh sin, shocraigh sé síos i Lund, cathair ollscoile i ndeisceart na Sualainne. Ansin a bhreac sé síos an leabhar úd Inferno. Sa bhliain 1898, buaileadh deirfiúr an scríbhneora, Elisabeth Strindberg, le dúlagar intinne agus le paranóia - dealraíonn sé go raibh claonadh áirithe i leith ghalair na hintinne i ndúchas na muintire acu - agus fuair sí bás sa bhliain 1904 i ngealtlann Uppsala. Chuaigh galar na deirféar go mór i gcion ar Strindberg, agus scríobh sé faoi ina dhráma Påsk ("An Cháisc").

Faoi lár na 1890idí thosaigh Strindberg ag plé le hailceimic, agus é ag iarraidh ór a tháirgeadh ar dhóigheanna draíochta. Is léir nár éirigh leis na hiarrachtaí, ach bhí an-tionchar acu ar a chuid scríbhneoireachta agus ar na téamaí sna leabhair a scríobh sé ó na laethanta sin anuas. Go bunúsach, thréig sé an réalachas agus an nádúrachas, agus chuir sé suim sa mhisteachas agus sa diamhrachas.

Ag Filleadh ar Stócólm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí clú agus cáil ar Strindberg anois, rud nár bhain den chruachás ina raibh sé ó thaobh an airgid de. Is amhlaidh nach raibh féith an choigiltis ann riamh. Thairis sin, bhí sé ag tarraingt seantithe éagsúla anuas air leis na leabhair a scríobh sé go lá a bháis.

1908 - Drottninggatan 85, Stockholm

Sa bhliain 1898 shocraigh sé síos in Östermalm, Stócólm. Cúig bliana ina dhiaidh sin, d'fhoilsigh sé an t-úrscéal Svarta fanor ("Bratacha Dubha"), a thug cur síos faoi shaol na n-intleachtóirí is na scríbhneoirí i Stócólm. Roman à clef a bhí ann, is é sin, leabhar a thrácht ar shaol fíordhaoine faoi ainmneacha bréige.

Sa bhliain 1901 phós Strindberg aisteoir óg mná ón Iorua, Harriet Bosse. Saolaíodh iníon dóibh, Anne-Marie, nach bhfuair bás ach sa bhliain 2007. Agus é pósta ar Harriet, fuair Strindberg teach mór ar cíos i bhFurusund ar cheann de na hoileáin timpeall ar Stócólm, agus chuaigh an timpeallacht ansin i gcion air ionas gur spreagadh chun pinn é. Tá radharcra agus muintir Furusund le haithint ar an díolaim gearrscéalta Fagervik och Skamsund ach go háirithe - "Fagervik agus Skamsund", nó "An Bhá Álainn agus Caolas na Náire". Tagraíonn na logainmneacha ceaptha Fagervik agus Skamsund do Furusund agus Köpmanholm, baile i gcóngar do Furusund ar oileán eile.

Tháinig deireadh leis an bpósadh sa bhliain 1904. I rith an phósta scríobh Strindberg drámaí stairiúla a raibh blas Shakespeare orthu: Gustav Vasa, Erik XIV, agus Gustav III. Ainmneacha ar ríthe na Sualainne iad teidil na ndrámaí seo. Scríobh sé sraith drámaí eile freisin, mar atá, Oväder ("Drochshíon"), Brända tomten ("An Phlásóg Dhóite"), Spöksonaten ("Sonáid na dTaibhsí") agus Pelikanen ("An Peileacán"). Sa bhliain 1903 scríobh sé Ensam ("Uaigneach"), leabhar dírbheathaisnéise, inar phléigh sé a chuid leannán smaointe, cosúil leis an bhfuath a bhí aige do na madraí agus do dhaoine a raibh madraí mar pheataí acu. Sa bhliain 1907 bhunaigh Strindberg amharclann dá chuid féin, Intima teatern, An Amharclann Phearsanta, lena chuid drámaí a léiriú.

Deireadh a Shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ón mbliain 1908 go lá a bháis, bhí cónaí ar Strindberg i bhfoirgneamh i stíl jugend ar a dtugtar Blå tornet nó An Túr Gorm, áit a bhfuil Músaem Strindberg inniu. Mhothaigh sé tuirse aisteach ag sleamhnú air, agus shíl sé go raibh sé á bhualadh breoite le hailse. Ní ba déanaí tháinig chun solais go raibh an ceart aige. Agus é ag druidim le deireadh a shaoil, chuir sé suim i gcúrsaí na sochaí arís, agus é ag cromadh ar ais ar a chuid seanradacachais. Thaitin na scríbhinní deireanacha go mór mór le gluaiseacht an lucht oibre agus leis na Sóisialaigh. Ón taobh eile de, is féidir a aithint ar an dá leabhar deireanacha, En blå bok ("Leabhar Gorm") agus Stora landsvägen ("An Bóthar Ard") go raibh sé ag dul ar lorg faoisimh sa reiligiún, agus an bás ag bagairt air.

Shíothlaigh Strindberg ar an 14 Bealtaine 1912, ag leathuair tar éis a ceathair a chlog tráthnóna. hAdhlacadh é i Reilig Thuaisceart Stócólm, nó Norra begravningsplatsen, i Solna, taobh thuaidh de lárchathair Stócólm.

1912

A Shaothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh Strindberg timpeall ar thrí scór dráma, deich n-úrscéal, deich ndíolaim gearrscéalta agus ocht míle litir ar a laghad, rud a chiallaíonn go raibh sé ar dhuine de na scríbhneoirí is bisiúla i stair liteartha na Sualainne. Bhí baint ag a shaothar leis na sruthanna smaointe go léir a raibh tábhacht leo sa tSualainn i ndeireadh na naoú haoise déag.

A Phrós[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Strindberg an béal beo in áit na reitriceoireachta a bhí coitianta i saothar na scríbhneoirí próis roimhe. Thug sé cur síos réadúil ar imeachtaí an ghnáthshaoil agus ar a bhfaca sé ina thimpeall. Is minic a chaitheann sé súil an fhir óig dhífhostaithe ar an tsochaí agus ar na daoine. Bhí sé go mór faoi thionchar Jean-Jacques Rousseau, Friedrich Nietzsche agus theoiricí na héabhlóide, agus é ag cur béim ar leith ar an dóigh a mbriseann an dúchas trí shúile an chait - is é sin, an dóigh a bhforbraíonn na daoine de réir a ndúchais agus a n-oidhreachta féin.

Stockholm: O CRUX AVE SPES UNICA.

Ba mhinic dó teacht salach air féin faoi thionchar na n-idéanna éagsúla. Mar shampla, séanann an t-úrscéal úd Tschandala ón mbliain 1889 a chuid smaointí faoin daonlathas agus faoi chothrom Féinne, nó léiríonn an t-úrscéal an eagla mhíréasúnta a bhí ar an scríbhneoir roimh an ísealaicme agus roimh na Giofóga. Ar an mbealach céanna, bhí Strindberg ina fheiminí radacach i gcuid dá chuid scríbhinní agus ina fhuathaitheoir cruthanta ban i gcuid eile.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]