Ainbhioth mac Aodha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Ainbíth mac Áedo)
Infotaula de personaAinbhioth mac Aodha
Beathaisnéis
Bás882
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteFiachna mac Ainbhith Cuir in eagar ar Wikidata

Rí Ulad de Dhál Fhiatach ba ea Ainbhioth mac Aodha (Sean-Ghaeilge Ainbíth mac Áedo) (bás 882). Eochaidh mac Fiachna (bás 810), iar-rí Ulad, ba ea a sheanathair.[1][2] Bhí sé i réim ón mbliain 873 go dtí 882.[3]

Mharaigh Aodh athair Ainbhith (bás 839) a dheartháir féin, Muireadhach (bás 839), rí Ulad. Maraíodh Aodh an bhliain chéanna, ámh, ag a nia, Madadán mac Muireadhaigh (bás 857), a d'éirigh ansin ina rí Ulad. Tháinig ansin Leathlobhar mac Loingsigh (bás 873) de Dhál iomaíochta Araí i gcomharbacht ar Mhatadán. B'fhéidir é gur rídhamhna é Ainbhioth, óir go bhfeictear é i gceannas arm na nUlad sa bhliain 864. Sa bhliain úd, cloíodh go holc na hUlaid ag an Ardrí Aodh Fionnliath (bás 879) Uí Néill an Tuaiscirt agus a chomhghuaillí, Flann mac Conaing as Breá (bás 868).[4]

D'éirigh Ainbhioth ina rí sa bhliain 873 tar éis bhás Leathlobhair. Insítear sna hannála go ndeachaigh sé i mbun chuaigh in éadan a chomharsana. Sa bhliain 878, mharaigh na hUlaid Cumascach mac Muireadhaigh, rí Uí Criomthainn (dream na nOiriall in oirthear Fhear Manach agus tuaisceart Mhuineacháin).[5] Sa bhliain 882, tharla coimheascar idir na hUalid agus Conaille Muirtheimne (suite i gceachtar n Dhún Dealgan, Contae Lú). Maraíodh Ainbhioth i dteannta lena chomhghuaillí, Conallán mac Maoil Dúin, rí Uí Eachach Chobha.[6]

Rinneadh rí Ulad fosta dá mhac, Fiachna (bás 886).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Leabhar Laighneach, Rig Ulad, G800011A
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, Tábla 6
  2. Charles-Edwards, Aguisín XXI
  3. Tugtar réimeas 10 mbliana dó sa Leabhar Laighneach
  4. Annála Uladh, AU 864.3
  5. AU 878.4
  6. AU 882.4