Jump to content

Flann mac Conaing

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFlann mac Conaing
Beathaisnéis
Bás868
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteGormlaith ingen Flann mac Conaing Cuir in eagar ar Wikidata
AthairConaing mac Flainn  agus iníon anaithnid (?)
SiblínCináed mac Conaing

Rí Bhreá de chlann Uí Chonaing as Cnóbha, de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Flan mac Conaing (bás 868). Bhí sé i réim ón mbliain 851 go dtí 868.

An mac is óige le Conaing mac Flainn ba ea Flann. Tháinig sé i gcomharbacht ar a dheartháir, Cináed, maraithe de bháite ag Ardrí na hÉireann, Maol Seachnaill mac Maoil Rúnaí, agus Tiarnach mac Fógartaigh, a chéile comhraic as Loch Gabhair[1]

Chun a dheartháir a chúiteamh, rinne Flann comhaontas sa bhliain 860 le hAodh Fionnliath mac Neill as Aileach, rídhamhna na Teamhrach. Sa bhliain 862, rinne sé creach ar Ríocht na Mí i dteannta le hAodh agus riga Gall.[2]

Bhailigh Flann, ar a glaodh anois rí Brega uile, fir Bhreá, na Laigean agus na ngall as Cill Ó nDaighre, arm 5,000 fear, in éadan a iar-chomhghuaillí Aodh Fionnliath, nach raibh ach 1,000 fear aige, ina measc Chonchúr mac Taidhg Mhóir, rí na gConnacht.

Troideadh an cath:

... co díocra dúthrachtach etorra, & ro mheabhaidh[3] fo dheoidh tria neart iomghona,[4] & iomaireacc[5] for Fhiora Bregh, for Laighnibh, & for Gallaibh, & ro cuireadh a n-ár, & torchradar sochaidhe mhór do Gallaibh isin c-cath sin.
... chomh díograiseach dúthrachtach eatarthu agus buadh an cath faoi dheoidh trí neart gonta agus troda ar fhir Bhreá, fir Laighean agus fir Ghalll; agus cuireadh a n-ár, agus thorcair sochaí mhór do Ghaill sa chath sin.

Maraíodh Flann; Diarmaid mac Eidirscéil, rí Loch Gabhair; agus Carlus mac Amhlaoibh Chonong, rí na nGall. Maraíodh ar an taobh eile Fachtna mac Maol Dúin, rídhamhna an Tuaiscirt.[6][7]

  1. Annála Uladh, AU 851.2
  2. AU 862.2
  3. maidid, buaigh, bris, ar eDIL
  4. imm-goin, cogadh a chur, goin, ar eDIL
  5. immairecc, immairg, coimhlint, cath, ar eDIL
  6. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 866.9 (recte 868)
  7. Francis John Byrne, Irish Kings and High Kings. Four Courts Press, Baile Átha Cliath 2001, ll. 265-266. ISBN 1851821961