Jump to content

Christiaan Huygens

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leagan ó 14:40, 19 Deireadh Fómhair 2020 le Ériugena (plé | dréachtaí)
(diff) ← An leasú roimhe seo | Leagan reatha (diff) | An chéad leasú eile → (diff)
Infotaula de personaChristiaan Huygens

(1686) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith14 Aibreán 1629
an Háig (Poblacht na Seacht nDúiche Aontaithe)
Bás8 Iúil 1695
66 bliana d'aois
an Háig (Poblacht na Seacht nDúiche Aontaithe)
Áit adhlacthaGrote of Sint-Jacobskerk (en) Aistrigh 52° 04′ 39″ N, 4° 18′ 25″ E / 52.077439°N,4.306961°E / 52.077439; 4.306961 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Leasaithe na hÍsiltíre
Scoil a d'fhreastail sé/síOrange College of Breda (en) Aistrigh (1647–1649)
Ollscoil Leiden (1645–1647)
Ollscoil Angers (–1655) Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaFrans van Schooten agus Jan Jansz de Jonge Stampioen
Gníomhaíocht
Réimse oibreMatamaitic, meicnic, fisic agus réalteolaíocht
Suíomh oibre Páras Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmréalteolaí, teoiricí ceoil, fisiceoir teoiriciúil, feithideolaí, cumadóir, fisiceoir, ceoleolaí, matamaiticeoir, déantóir uirlisí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirAcadamh na nEolaíochtaí (1666–1681) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinnDenis Papin agus Gottfried Leibniz
Faoi thionchar
TeangachaAn Laidin agus an Ollainnis
Saothar
Saothar suntasach
Mac léinn dochtúireachtaGottfried Leibniz
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
AthairConstantijn Huygens  agus Suzanna van Baerle
SiblínLodewijk Huygens, Constantijn Huygens Jr., Philips Huygens agus Susanna Huygens
Duine muintearthaChristiaan Huygens (seanathair) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas


Musicbrainz: 3be11018-ea67-42c6-ae27-30273d74dec9 Find a Grave: 36747106 Project Gutenberg: 5648 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Christiaan Huygens (14 Aibreán 1629 - 8 Iúil 1695) mar réalteolaí agus fisiceoir Ollannach. Chuir sé teoiric thonnach an tsolais is prionsabal Huygens faoi bhráid an phobail, agus d'fhionn polarú solais. Ba é Huygens an chéad duine a thairg gur tonnta atá sa solas, rud nár ghlac Newton leis in aon chor.[1]

Bhí baint ag Huygens le forbairt an calcalas nua aimsithe. Bhí a obair tábhachtach ó thaobh a argóintí i bhfabhar tonn teoiric an tsolais. Léargas a d'fhoilsigh Huygens i 1678 is ea Prionsabal Huygens, gur féidir cruth fronta toinne a réamhinsint agus í faoi fhorás.

D'fhoirmligh Huygens Dara Dlí Niútan i bhfoirm cearnach, níos déanaí rinne Isaac Newton ceartúcháin agus ath-fhoirmligh sé an dlí.

Cosantóir luath ar theoiric thonnach an tsolais ab ea Christian Huygens, ach chloígh Newton leis an tsean-teoiric, an teoiric choirpíneach, go raibh solas déanta as páirteagail nó coirpíní. Bhí Huygens is Newton tar éis polarú solais le criostal cailcíte a bhrath, ach níorbh fhéidir leo an feiniméan a mhíniú.

Prionsabal Huygens

Réalteolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhraith sé fáinne is 4ú satailít Sataim sa bhliain 1655 (gealach Satarn, Titan). Fad is a bhí sé ag staidéar fáinní Saturn, sa bhliain 1656. d'fhionn sé go raibh siad déanta de carraigeacha.

Sa bhliain chéanna, rinne sé staidéar ar, agus sceitse de, Réaltnéal Oiríon. Bhí a phictiúir foilsithe sa Systema Saturnium sa bhliain 1659.

Huyghens - Traité de la lumière

Ag baint úsáid as a teileascóp, bhí sé in ann na réaltaí sa réaltnéal a aimsiú. (Glaodh an Réigiún Huygens ar an píosa is gile sa taobh istigh den réaltnéal). D'fhionn sé freisin cúpla réaltnéal eile (réaltaí dúbailte) .

Thóg sé an chéad chlog luascadáin i 1657. Rinne Huygens obair ar chloig níos cruinne, go háirithe ó thaobh loingseoireacht. Sa bhliain 1658 d'fhoilsigh sé leabhair faoi seo darbh ainm Horologium. Eisean a cheap an Chlog luascadánach, a bhí an tábhachtach ó thaobh coimeád an t-am, agus staidéar ar an t-am.

"Systema Saturnium" le Christiaan Huygens

Rugadh Huygens sa Háig. Rinne sé staidéar ar an dlí in Ollscoil Leiden agus an Cóláiste Óráiste i mBreda, roimh staidéar ar an eolaíocht.

Bhí sé chairdiúil le Blaise Pascal, agus eisean a thug spreagadh do Huygens a leabhair faoi teoiric dóchúlacht a fhoilsiú sa bhliain 1657.

Toghadh Huygens mar baill den Cumann Ríoga sa bhliain 1663. Sa bhliain 1666 bhog sé go Páras agus d'oibrigh sé sa Acadamh Eolaíochta na Fraince faoi pátrúnacht Laoiseach XIV na Fraince. Rinne sé níos mó staidéar ar an réalteolaíocht ag baint úsáid sa réadlann i bPáras.

Sa bhliain 1684 d'fhoilsigh sé "Astroscopia Compendiaria", a rinne chuir síos ar a teileascóip nua gan feadáin .

Bhog Huygens ar ais go dtí an Háig sa bhliain 1681 tar éis a bheith an-tinn. Fuair sé bás ansin ar 8 Iúil 1695.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).