Muin (ogham)
Cuma
Muin | |
---|---|
Cineál | litir oghaim |
Ball de | ogham |
Is í an t-aonú litir déag den aibítir oghaim an Mhuin.[1][2] Is í an chéad litir, agus dá bharr an ainmlitir, den Aicme Mhuine, sraith chúig litir atá de réir tréithe scríoba fiarthrasna na stoclíne. Is é [m] a luach foghraíochta.
Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gaolta is ea ainm na litreach le mwn na Breatnaise agus monile na Laidine.
Briatharoghaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad a leanas na nathanna meafaracha (kennings) d'ainm na litreach le fáil sna Briatharoghaim:
- tressam fedmae (is treise saothair) i mBriatharogham Morainn mac Maín
- árusc n-airlig (rosc eirligh/áir) i mBriatharogham Mac in Óic
- conar gotha (conair ghutha) i mBriatharogham Con Culainn
Déanann na nathanna seo nascanna idir ainm na litreach agus trí fhocal éagsúla: muin (droim);[3] muin (cleas, seift);[4] agus muin (grá, meas).[5]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]