The Wind that Shakes the Barley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
The Wind that Shakes the Barley
The Wind That Shakes the Barley poster.jpg
Stiúrthóir Ken Loach
Léiritheoir Rebecca O'Brien
Scríbhneoir Paul Laverty
Aisteoirí Cillian Murphy
Padraic Delaney
Orla Fitzgerald
Liam Cunningham
Ceol le George Fenton
Cineamatagrafaíocht Barry Ackroyd
Dáileadh ag Pathé
Eisiúint 2006
Fad reatha 127 nóiméad
Teanga Béarla, Gaeilge, Laidin
IMDB

Is scannán de chuid an stiúrthóra Shasanaigh Ken Loach é The Wind that Shakes the Barley ("An Ghaoth i nGort na hEornan"). Is tagairt d'amhrán a chastar ag tús an scannáin é teideal an tsaothair seo. B'é Robert Dwyer Joyce a scríobh an t-amhrán sa 19ú haois. Insítear scéal bheirt dheartháir i gCorcaigh le linn Chogadh na Saoirse in Éirinn, duine amháin acu, Damien, ina ábhar dochtúra ar tí Corcaigh a fhágáil le dul go Londain agus an duine eile, Teddy, ina bhall den IRA áitiúil. Léiríonn an scannán an scoilt a tharla idir na deartháireacha nuair a bhris Cogadh Cathartha na hÉireann amach idir na Poblachtánaigh agus lucht leanúna an tSaorstáit. Rinneadh an scannán i mbailte éagsúla i gContae Chorcaí i 2005. Thabhaigh an scannán an Palme d'Or do Loach ag Féile Scannánaíochta Cannes na bliana 2006.

Imeachtaí an Scannáin[athraigh | edit source]

I dtús an scannáin, feicimid muintir an tsráidbhaile in áit éigin faoin tuath i gContae Chorcaí ag bualadh liathróide - cluiche iománaíochta atá idir lámhaibh acu. I ndiaidh an chluiche, tá fir na háite ag caitheamh toitíní agus ag cardáil a gcuid cúrsaí le chéile, agus tagann sé chun solais go bhfuil fear óg acu, Damien Ó Donnabháin, díreach ag imeacht go Londain le leigheaseolaíocht a staidéar in ospidéal mór ansin. Go tobann, tagann na Dúchrónaigh leis an gcorpchuardach a dhéanamh ar na fir agus a gcuid ainmneacha a scríobh síos. Níl duine acu, fear óg darb ainm Mícheál Ó Súilleabháin, sásta a ainm a thabhairt ach as Gaeilge, rud nach bhfuil ceannaire na nDúchrónach sásta leis. Maraíonn na Gaill Mícheál as fuil fhuar, agus i ndiaidh an ainghnímh, tá a chuid cairde ag áitiú ar Damien fanacht sa bhaile agus cabhrú leis na hÓglaigh cath a chur ar na Gaill. Tá deartháir Damien, Teddy, i gceannas ar bhriogáid na háite. Ní chreideann Damien, áfach, go bhfuil sé indéanta na Sasanaigh a ruaigeadh as an tír le lámh láidir.

Go gairid ina dhiaidh sin, tá Damien ag fanacht leis an traein i gCorcaigh, agus anois, tagann na Gaill go stáisiún na traenach. Tá siad ag iarraidh dul ar an traein, ach ansin, deir foireann na traenach leo go bhfuil sé coiscthe ag an gceardchumann saighdiúirí Gallda a ligean ar bhord. Tugann na Sasanaigh drochíde don triúr acu, idir stiúrthóir, thiománaí, agus stócálaí, ach sa deireadh, bailíonn siad leo de shiúl cos.

I ndiaidh na himeachtaí seo a fheiceáil dó, tagann athrú comhairle ar Damien, agus é dírithe anois dul sna hÓglaigh. Tugann sé na móideanna agus abhae leis ag troid na nGall. Le díoltas a agairt ar na Sasanaigh as Mícheál Ó Súilleabháin a mharú, ionsaíonn Damien agus a chuid Óglach beairic áitiúil na saighdiúirí dubha le raidhfilí a fháil. Baineann siad úsáid as na raidhfilí le scuad de Dhúchrónaigh a mharú. Ina dhiaidh sin, áfach, áitíonn an tiarna talún John Hamilton ar Chríostóir Ó Rathaille, searbhónta dá chuid atá sna hÓglaigh, sceitheadh ar na hÓglaigh eile. Sin é an rud a dhéanann Críostóir, agus go gairid ina dhiaidh sin, tá an bhriogáid go léir faoi ghlas ag na Gaill. Sa phríosún dóibh, castar Dan, tiománaí na traenach, ar Damien arís, agus iompaíonn sé amach gur Sóisialaí agus fear mór ceardchumannaíochta é.

Tugann na Dúchrónaigh Teddy leo as an gcillín le hé a chéasadh. Agus na Gaill ag baint na n-iongan dá lámha, tosaíonn a chuid cairde ar Amhrán na bhFiann le misneach a chur ar Teddy. Sa deireadh, cabhraíonn duine de na Dúchrónaigh, arb Éireannach é, leis na príosúnaigh éalú, ach caithfidh siad triúr fear a fhágáil ina ndiaidh.

Faigheann na hÓglaigh amach go bhfuil Críostóir ina bhrathadóir, agus é ag comhoibriú leis an tiarna talún. Níl ach aon phionós amháin ag dul don bhrathadóir - pionós an bháis. Tá Teddy fágtha an-lag i ndiaidh na híde a thug na Gaill dó sa phríosún, agus caithfidh Damien an fhreagracht a ghlacadh as bású na mbrathadóirí. Cuirtear an tiarna talún chun báis chomh maith le Críostóir, ach tá Damien agus Críostóir cairdiúil ó laethanta an chéad óige, agus i ndiaidh na breitheanna báis a chur i bhfeidhm dó, tá eagla air dul i bhfianaise mháthair Chríostóra. Deir sé lena chailín Sinéad Ní Shúilleabháin, atá ina ball de Chumann na mBan, go bhfuil an mothú imithe as a chorp go hiomlán i ndiaidh dó a sheanchara a bhású.

Ina dhiaidh sin, cuireann Damien, Teddy agus na hÓglaigh eile luíochán roimh na Dúchrónaigh. Téann na Dúchrónaigh sa ghaiste ceart go leor, ach díreach faoin am céanna, ionsaíonn na Sasanaigh feirm mhuintir Shinéad leis na hÉireannaigh a imeaglú. Cuireann siad an fheirm trí thine agus baineann siad folt a gruaige de Shinéad le deimheas caorach. Ní féidir le Damien a dhath a dhéanamh leis an gcailín a chosaint, ó nach bhfuil lón cogaidh fágtha aige i ndiaidh an luíocháin.

Go gairid ina dhiaidh seo, áfach, tagann teachtaire go dtí an sráidbhaile leis an scéala a insint go bhfuil sos cogaidh i bhfeidhm idir na hÓglaigh agus na Gaill, agus comhchainteanna síochána le tosú. Nuair atá muintir na háite ag ceiliúradh na hócáide, seangaíonn Sinéad agus Damien leo le tamall a chaitheamh i gcuideachta a chéile sa leaba.

Ansin, tagann an nuacht go bhfuil an Conradh Angla-Éireannach sínithe, agus tá na hÓglaigh scoilte faoi. Tá Teddy sásta glacadh leis an gConradh mar atá sé, agus é ag áitiú gur sheansáil David Lloyd George, Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, a thodhchaí pholaitiúil go léir leis an gConradh seo féin. Tá Damien barúlach nár chóir leor a ghabháil ach le neamhspleáchas iomlán i bPoblacht, in áit stádas an tiarnais i Saorstát. Maidir le Dan, arís, tá dearcadh Sóisialach aige, agus is é a thuairim nach n-athróidh an Conradh ach blas cainte an lucht rialtais agus dathanna na brataí náisiúnta, - is é sin, nach dtiocfaidh feabhas ar bith ar shaol na ndaoine bochta. De réir mar atá an Saorstát ag dul chun cumhachta, tá coimhthíos ag teacht ar Damien agus ar na Poblachtánaigh áitiúla eile roimh an stát nua. Tagann Teddy go dtí an áit agus é ag caitheamh shainéide nua Arm an tSaorstáit, agus is é an fháilte a fhaigheann sé ná go dtugann duine de lucht leanúna Damien "fear gaimbín" air. Níos déanaí, feicimid Damien san eaglais, agus an sagart ag caitheamh anuas ar na frith-Shaorstátairí ina sheanmóir. Cuireann Damien isteach ar an sagart, agus é ag lochtú an Chonartha os comhair an phobail. Sa deireadh, tréigeann sé an teach pobail, agus leath na muintire sna sálaí aige. Téann sé sa chuid de na hÓglaigh a dhiúltaíonn don Chonradh, agus iad ag druileáil in araicis an chogaidh chathartha.

Téann Teddy i dteagmháil lena dheartháir, agus é ag iarraidh a mhíniú dó go bhfuil na feirmeoirí saibhre agus an lucht gnó scanraithe ag an reitric Shóisialach sna paimfléid Phoblachtánacha a bhíonn á scaipeadh ag Damien agus a chuid cairde. Is é an freagra a thugann Damien ná go bhfuil na bochtáin i ndrocháit agus nach féidir stop a chur leis an imirce gan dul i dtuilleamaí an tSóisialachais. Áitíonn Teddy ar Damien go gcuirfear an Conradh Angla-Éireannach ar ceal a thúisce is a thiocfaidh sracadh sa tír. Deir Damien go bhfuil Teddy tar éis móid dílseachta a mhionnú do rí Shasana agus "naprún an bhuistéara" (an Union Jack) a chur air féin.

Go gairid ina dhiaidh sin, briseann an cogadh cathartha amach. Cromann Damien agus a chuid Óglach ar threallchogaíocht, agus iad ag ionsaí is ag marú saighdiúirí de chuid Arm an tSaorstáit. Go gairid ina dhiaidh sin, beireann na Saorstátairí ar Damien, agus pionós an bhás ag bagairt air. Tá sé go díreach ag fanacht leis an mbás sa chillín céanna ina raibh sé nuair a ghabh na Gaill é an chéad uair, ach ansin, tagann Teddy ar cuairt chuige. Deir Teddy leis nach bhfuil de dhíth air ach síocháin a chur ar bun in Éirinn arís, ionas go mbeidh seisean agus Damien in ann pósadh agus clann a thógáil faoi shuaimhneas. Anois, má nochtann Damien dó an áit a bhfuil airm an IRA i bhfolach, ní chuirfear chun báis é, agus gheobhaidh sé pardún iomlán. Níl Damien sásta sceitheadh ar a chuid comrádaithe - nár chuir sé féin Críostóir Ó Rathaille chun báis toisc go raibh sé ina bhrathadóir? Imíonn Teddy leis, agus scríobhann Damien an litir dheireanach chuig Sinéad, agus é ag rá go bhfuil a fhios aige céard atá i ndán dó agus go bhfuil sé breá sásta a anam a chailleadh ar son na cúise.

Le bodhránacht an lae, tugtar Damien go dtí áit a bhásaithe. Tugann Teddy an t-ordú, agus maraíonn an scuad a dheartháir. Briseann a ghol ar Teddy, agus é ag baint na gceangal de Damien. Ina dhiaidh sin, tugann Teddy litir dheireanach a dhearthára chuig Sinéad. Is fuar an fháilte a fhaigheann sé ansin. Ordaíonn Sinéad dó bailiú leis chomh luath in Éirinn agus is féidir. Agus é imithe, titeann Sinéad as a seasamh le teann bróin, agus í ag scairteadh ar Damien ina ainm.

Léiriú an Scannáin[athraigh | edit source]

Tá imeachtaí an scannáin suite in Éirinn, agus Éireannaigh ab ea iad an chuid ba mhó de na haisteoirí. Mar sin féin, comhléiriú idirnáisiúnta a bhí ann, agus comhlachtaí ó Éirinn, ón Ríocht Aontaithe, ón nGearmáin, ón Spáinn, ón bhFrainc agus ón Iodáil páirteach ann. Maidir leis an stiúrthóir Ken Loach, is Sasanach é, agus gairmréim fhada curtha isteach aige ag déanamh scannáin pholaitiúla a bhfuil blas na heite clé orthu.

Bua an Palm d'Or[athraigh | edit source]

Bhuaigh an scannán an gradam 'Palm d'Or' sa bhliain 2006[1]. Is comórtas é a dhéanann ceiliúradh ar scannáin na linne, agus tá sé ar siúl le 60 bliain anuas. Dúirt lucht an ghiúiré go raibh an scannán lán de mhothúcháin[2]. Fuair The Wind that Shakes the Barley an ceann ní b'fhearr ar scannáin ar nós "Babel", "Fast Food Nation" agus "BABEL"[3].

Conspóid[athraigh | edit source]

Bhí alt ag an "Daily Mail" (Sasana) leis an teideal "Why does Ken Loach loath his country so much?"[4]. Tháinig Ken Loach amach, agus dúirt sé "If we tell the truth about the past, maybe we'll tell the truth about the present". Ach bhí tuilleadh gearán le cloisteáil faoin scannán, "Tuilleadh nimhe ón súmaire Loach" ("More poison from Loach the leech" as Béarla)[5].

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí:[athraigh | edit source]

  1. http://www.festival-cannes.com/en/archives/ficheFilm/id/4336504.html
  2. http://www.festival-cannes.com/en/article/43478.html
  3. Liosta iarrthóirí an comórtas(as Béarla)
  4. Alt "Why does Ken Loach loath his country so much"
  5. Alt ón Telegraph faoin scannán