Seán Ó hEochaidh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seán Ó hEochaidh

Teachta Dála (Baile Átha Cliath Láir Thuaidh)
In oifig
Samhain 1992Feabhra 2011

Dáta breithe 8 Samhain 1961
  Baile Átha Cliath
Páirtí Fianna Fáil
Gairm Polaiteoir

Polaiteoir Éireannach é Seán Ó hEochaidh (Béarla: Seán Haughey). Rugadh é ar 8 Samhain 1961 i mBaile Átha Cliath. Mac le Cathal Ó hEochaidh agus lena bhean chéile Maureen (iníon le Seán F. Lemass) is ea é.

Óige[athraigh | edit source]

Fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Naomh Pól, Ráth Eanaigh, agus i gColáiste na Tríonóide. Fuair sé céim sa pholaitíocht agus san eacnamaíocht agus chuaigh sé le polaitíocht ansin agus é go hóg.

Gairm pholaitiúil[athraigh | edit source]

Bhí sé ina bhall de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ó 1985 go 2003, agus ina Ard-Mhéara ar an gcathair ar feadh bliana sa tréimhse 1989/90. Chaith sé na blianta 1987 go dtí 1992 ina Sheanadóir, agus toghadh chun na Dála é i 1992. Is polaiteoir cúramach coimeádach é a bhí faoi scáth a athar ó thús. Choinnigh sé a shuíochán ón gcéad uair a toghadh é go dtí olltoghchán 2011, nuair a chaill sé é. Ceapadh é ina Aire Stáit (Aire Sóisearach) i 2006 sa Roinn Oideachais.

Saol pearsanta[athraigh | edit source]

Tá sé pósta le hOrla O'Brien agus tá ceathrar clainne acu.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]