Páidí Ó Sé

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Páidí Ó Sé
Kerrycocologo.png
Eolas pearsanta
Spórt Peil Ghaelach
Ainm Béarla Ceann ar bith
Dáta breithe 16 Bealtaine, 1955
Dáta báis 15 Nollaig, 2012
Áit bhreithe Ceann Trá, Contae Chiarraí
Airde 5'10"
Leasainm -
Eolas club
Club An Ghaeltacht
Ionad Cúlaí
Club(anna)
Club Bliain Cluichí (pointí)
An Ghaeltacht 1969 - 1988
Idirchontae
Contae Ciarraí
Ionad Cúlaí
Torthaí
Contae Bliain Cluichí (pointí)
Ciarraí 1975 - 1987 53 (0-8)
Duaiseanna
Craobh Cúige Mumhan 11
Craobh Peil Sinsearach na hÉireann 8
Sárimreoirí 5

Ba pheileadóir agus bainisteoir peile Éireannach é Páidí Ó Sé a rugadh i lár na Gaeltachta i gCeann Trá, Contae Chiarraí ar an 16 Bealtaine, 1955 agus a shíothlaigh ar an 15 Nollaig, 2012. Bhí an-rath air mar imreoir sna foirne cáiliúla ó Chiarraí idir na seachtóidí agus na hochtóidí, agus é ina chaptaen ón mbliain 1985 ar aghaidh. Bhuaigh sé cúig ghradam Sárimreora i ndiaidh a chéile idir na blianta 1981 agus 1985.

D'imir Ó Sé lena chlub peile áitiúil an Ghaeltacht, agus le foireann Chiarraí Thiar. Tá triúr nia aige a d'imir do fhoireann Chiarraí - Dara, Tomás agus Marcas - mic a dhearthár Mícheál, nach maireann. Fuair Páidí bás le taom croí ar an 15 Nollaig, 2012.

Tábhairneoir agus iar-Gharda a bhí ann. Phós sé Máire, múinteoir scoile ón Daingean ó dhúchas, agus saolaíodh triúr clainne acu - Neasa, Siún agus Pádraig Óg.

A Chéad Óige[athraigh | edit source]

Saolaíodh Páidí Ó Sé i gCeann Trá i gcroílár Ghaeltacht Chiarraí sa bhliain 1955. Eisean an dara as triúr buachaill, Mícheál an deartháir ab shine agus Tom an deartháir ab óige. Fuair sé a chuid oideachais bhunscoile leis an mbunscoil áitiúil, Scoil Náisiúnta Chill Mhic a’ Domhnaigh. Cuireadh meánoideachas air leis na mBráithre Críostaí sa Daingean, Coláiste Bhréanainn i gCill Áirne agus Coláiste Mhíchíl i Lios Tuathail. Sa mheánscoil a céadchothaíodh a ghrá don chaid, agus bhuaigh sé ceithre chorn sinsir dá choláiste i ndiaidh a chéile idir na blianta 1971 agus 1974.

Chuaigh sé isteach sna Ghardaí agus chaith sé ceithre bliana leis an bhfórsa i Luimneach.

Gairmréim Imeartha[athraigh | edit source]

Club[athraigh | edit source]

Fear Gaeltachta go smior a bhí i bPáidí. D'imir sé a chéad chluiche le foireann sinsir na Gaeltachta thiar sa bhliain 1969, agus gan ach ceithre bliana déag sroichte aige. Bhuaigh sé a chéad bhonn sa roinn Ciarraí Thiar leis an gclub sa bhliain 1970.

Bhí cumas imeartha Pháidí tugtha faoi deara ag bainistíocht na foirne Ciarraí Thiar chomh maith, agus thosaigh sé amach ar ghairm thar a bheith rathúil leis an bhfoireann seo. Shroich Ciarraí Thiar barr a réime sa bhliain 1984 nuair a cháiligh siad do chluiche ceannais an chontae, agus Páidí ina imreoir-bhainisteoir orthu. Bhuaileadar le Ciarraí Theas sa chluiche cinniúnach siúd, agus bhain siad an corn leis an bhfarasbarr is lú, 1-7 go 1-6.

D'éirigh le foireann Pháidí seilbh a choimeád ar an gcorn sa bhliain dár gcionn, le bua in éadan Feale Rangers.

Bhí Páidí ag imirt le club na Gaeltachta fós sa bhliain 1988, ag gnóthú bonn Chiarraí Thiar an bhliain seo.

Foirne Idirchontae Chiarraí[athraigh | edit source]

Bhris Páidí isteach i bhfoireann na sinsear den chéad uair sa bhliain 1974. D'imir sé a chéad chluiche ag an leibhéal seo sa chluiche sraithe seo in aghaidh na Gaillimhe. Lean Ciarraí ar aghaidh gan mórán stró, go dtí gur shroicheadar cluiche ceannais na sraithe i gcoinne Ros Comáin. Críochnaíodh na foirne cothrom ar an lá agus bhain Ciarraí an corn amach sa deireadh tar éis athimirt. An-tús a bhí ann don fhear óg naoi mbliana d'aois, agus a chéad bhonn sraithe sa phóca aige. D'éirigh le Páidí greim a choimeád ar a áit san fhoireann don chraobh chomh maith agus d'imir sé a chéad chluiche chraoibhe i gcoinne Phort Láirge.

Sa bhliain 1975, thosaigh Ciarraí amach ar ré órga úr nua faoi bhainistíocht an iar-pheileadóra Mick O'Dwyer. Bheadh Páidí ina chnámh droma don fhoireann iomráiteach siúd, foireann a molfar go deo mar an ceann is fearr riamh.

Bhuaigh Páidí a chéad bhonn Mumhan sa bhliain chéanna, agus na curaidh Corcaigh á chur as coróin acu, rud a bhíonn ina ábhar áthais do mhuintir na Ríochta i gcónaí. Níorbh fhada go raibh áit daingnithe acu i gcluiche ceannais na hÉireann. Thug foireann óg Chiarraí aghaidh ar churaidh reatha na hÉireann Bhaile Átha Cliath, foireann a bhí ar bharr a mhaitheasa agus a aithníodh fud fad na tíre mar rogha na coitianta. Níor tugadh mórán seans don dream óg siúd ón Ríocht, an fhoireann ab óige riamh i stair Chiarraí. Déarfadh Páidí níos déanaí go bhfuaireadar spochadh ceart ó lucht na Dubs roimh tús an chluiche, agus iad ag ceistiú "Cá bhfuil na sinsir?".

Ní raibh éinne ag súil le dúshlán cheart ó Chiarraí, lucht na príomhchathrach ach go hairithe. Bhí na Dubs i bhfad chun cinn ó thaobh taithí agus laethanta móra i bPáirc an Chrócaigh de, rud a sheasfadh leo sna seachtó nóiméad a bhí le teacht. Sin ráite, bhí imreoirí óga Chiarraí an-aclaí, an-eagraithe agus bhíodar in ann teacht chun páirce gan fhaitíos dá laghad. Ar Bhaile Átha Cliath amháin a bhí an brú. Cuireadh luíochán rompu, agus bhain dhá chúl ó John Egan agus Ger O'Driscoll an-stangadh astu. Bhí an lá leis an Ríocht. Bronnadh a chéad bhonn uile-Éireann ar Phaidí agus é ach fiche bliain d'aois. An chéad mhór-éacht i ré órga nua an chontae a bhí ann, agus bhí Páidí ann i lár an aonaigh. Bhí na síolta curtha ag O'Dwyer agus a fhoireann óg, síolta a thiocfadh faoi bhláth arís agus arís eile sna blianta a bhí le teacht.

Sa bhliain 1985, rinneadh captaen de Pháidí agus bhailigh sé a 10ú bonn Mumhan le bua cuimsitheach i gcoinne Chorcaí le farasbarr de dhá chúl glan idir na foirne. Bhí bonn uile-Éireann eile ar na bacáin agus thug Ciarraí aghaidh ar Bhaile Átha Cliath don dara bliain as a chéile sa chluiche ceannais. Ní raibh ach aon nóiméad déag imithe sa chluiche nuair a ghnóthaigh Jack Ó Sé cúl cinniúnach don Ríocht, agus bhíodar go mór chun tosaigh agus iad ag filleadh ar na seomraí feistis ag leath am. Rinne na Dubs coimhlint cheart den ócáid sa dara leath, ámh, buíochas le dhá chúl ó Joe McNally. Ach ní ghéillfeadh foireann Chiarraí agus bhí an lá ag an Ríocht uair amháin eile, le scór deiridh 2-12 go 2-8. Lena 7ú bonn sa phóca aige, bhí Páidí cothrom leis an gcuriarracht mar a sheas sé siar sna laethanta seo. Don chéad uair riamh, b'eisean a dhreap suas na staighre cáiliúla siúd ar Ardán Uí Ógáin chun Corn Mhic Uidhir a ardú ar son a chontae.

Bhí sé ar an líon beag daoine a thug a óráid sa Ghaeilge amháin, rud nach dtarlaíonn go ró-mhinic.

A mhuintir Chiarraí agus a chairde go léir!
Tá áthas ó chroí orm gur ar ormsa atá an phribhléid seo i mbliana, Sam a thabhairt thar n-ais go dtí na Ríochta, agus thar n-ais go dtí an Ghaeltacht.
Tá áthas eile orm gur ar ormsa a thit sé i mbliana, mar táim an-shásta an corn a thabhairt thar n-ais go dtí an Ghaeltacht, do dtí Corca Dhuibhne go dtí mo mhuintir fhéin.
Tá fear speisialta inniu a bhfuil muid an-bhaoch dó ní gá ach a ainm a luadh – Mick Dwyer. Ní dóigh liomsa go bhfuil duine in aon spóirt i mbun bainistíochta atá chomh maith le Mick Dwyer.
Mar focal scoir, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Tommy Doyle a bhí ag imirt le Ciarraí Thiar. Agus tá súil agam gur ar an ardán sa bhliain seo chugainn a bheidh Tommy Doyle.
Go raibh míle maith agaibh go léir!

Bhí sé thar a bheith soiléir go raibh ré órga na Ríochta thart nuair a ghlac Corcaigh seilbh ar chorn Mumhan uair amháin eile sa bhliain 1987. Agus Ciarraí caite i leataobh arís an bhliain dar gcionn, chinn O'Dwyer ar Pháidí a fhágáil as painéal Chiarraí. Níor labhraíodh oiread is focal amháin idir an bheirt ar feadh trí bliana dá bharr.

Gairmréim Bhainisteoireachta[athraigh | edit source]

Ciarraí[athraigh | edit source]

Bhí Páidí sásta fanacht amuigh ón spotsolas ar feadh tamaill fhada, go dtí gur chuir sé a ainm chun cinn mar bhainisteoir ar shinsir Chiarraí sa bhliain 1995. Bhí peileadóirí Chiarraí in ísle brí agus Corcaigh ag fáil an lámh in uachtar sa chúige le tamall cheana. Ní raibh corn uile-Éireann buaite ag Ciarraí ó laethanta imeartha Pháidí fhéin, agus ní raibh cuma ar bith ar chúrsaí go bhfeabhsóidís le tamall fada eile. Dúshlán ollmhór a bhí roimhe.

An Iarmhí[athraigh | edit source]

Ní raibh ach seachtain thart nuair a nochtadh gan choinne gurb eisean a thiocfadh i bhfeighil ar fhoireann Chontae na hIarmhí, in éineacht lena shean-chomrádaí Gaeltachta Tomás Ó Flatharta . Chuir bainistíocht Pháidí borradh úr nua faoin fhoireann, agus chothaigh sé féinmhuinín agus uaillmhian nua a bhí go mór in easnamh go dtí seo. Sin ráite, fuair an Iarmhí léasadh ceart ag lámha Chiarraí ar an 10 Márta 2004, sa cheathrú babhta den sraith náisiúnta. Dhearbhaigh Páidí ní ba déanaí sa chláir faisnéise úd Marooned gurb é "an lá ba mheasa i mo shaol riamh, cé is moite de bhásanna agus a leithéid". Bhí fíor-chreathadh bainte as, ach d'fheabhsaigh cúrsaí beagán de réir a chéile as seo amach, go dtí gur bhain an Iarmhí a chéad chorn Laighean riamh le bua 0-12 go 0-10 i gcoinne Laoise. Éacht stairiúil a bhí ann, ceann a ndaingneofaí go deo é mar laoch sa chontae seo.

An Clár[athraigh | edit source]

An Fear Gnó[athraigh | edit source]

Níorbh fhada go raibh a dhóthain de shaol an Gharda aige. D'éirigh sé as sa bhliain 1981, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán úr nua mar thábhairneoir. D'fhill sé ar Ghaeltacht Chiarraí agus ghlac sé teach ósta i nDún Chaoin darb ainm Kruger Kavanagh's ar chíos. An teach tábhairne is faide siar in Éirinn, a deirtear.

Bhíodh sé de sprioc aige ón chéad lá riamh a thábhairne féin a oscailt, agus bhain sé an bheart seo amach sa bhliain 1985 nuair a osclaíodh teach Pháidí Uí Shé ar Ard a Bhóthair ina bhaile dúchais Ceann Trá. Ar na daoine mór le rá a bhí ann le haghaidh na hócáide ná Cathal Ó hEochaidh, Taoiseach an lae.

D'éirigh go geal leis an ngnó nua, agus thagadh na mílte chun sult a bhaint as - daoine cáiliúla san áireamh amhail Bill Clinton, Tom Cruise, Martin Sheen, Dolly Parton, Parthalán Ó hEachthairn agus Brian Ó Comhain.

Rinne Páidí a seacht ndícheall i gcónaí chun an tír agus Ciarraí a chur chun cinn, agus é ag mealladh turasóirí, lucht gnó agus lucht spóirt i dtreo na dúiche seo.

Bhí sé ina stiúrthóir ar Fáilte Éireann tráth.

A Dhearcadh Polaitiúil[athraigh | edit source]

Ní raibh baint díreach ag Páidí Ó Sé leis an bpolaitíocht le linn a shaoil, ach bhí an-mheas aige d'Fhianna Fáil, rud nár cheilt sé riamh. Thug sé tacaíocht poiblí don pháirtí, agus bhí sé cairdiúil le roinnt de bhoic mhóra an pháirtí.

Cuireadh na Nollag[athraigh | edit source]

Thángthas ar chorp Uí Shé abhaile i gCeann Trá go luath ar maidin an 15ú Nollaig 2012, cuireadh na Nollag faighte aige, mar a deirtear sa dúiche siúd ag tagairt do bhásanna um Nollaig. Tháinig a bhás tobann aniar aduaidh ar chách, agus é in ard-mheanma an oíche roimhe.

Bhí maithe agus móruaisle na hÉireann i láthair ag an sochraid, idir lucht spóirt, polaiteoirí, siamsóirí agus daoine mór le rá eile. Craoladh Aifreann na sochraide go beo ar an dteilifís agus ar an idirlíon ar RTÉ News Now.

Bhí Mícheál Ó Muircheartaigh ina fhear an tí ag an sochraid. "Tá ár rí imithe uainn", a dúirt sé.

Ag labhairt dó ag an sochraid, dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael Liam Ó Néill - “Ní ag baill Chumann Lúthchleas Gael amháin a bhí aithne agus eolas ar Pháidí Ó Sé de bharr a raibh déanta aige don eagraíocht agus do shaol na hÉireann leis na blianta agus níor cheil sé riamh ach an oiread a ghrá don Ghaeilge, don chultúr agus dá cheantar dúchais.” [1]

Oidhreacht[athraigh | edit source]

Tá rian Pháidí Uí Shé fágtha go tréan ar phobal na hÉireann. Tá a theach tábhairne i nGaeltacht Chiarraí ag dul ó neart go neart fós, agus is léir nach bhfuil a cháil agus a iomrá ag maolú cé go bhfuil fear an tí imithe ar shlí na fírinne.

Tá comórtas caide dá chuid á reáchtáil fós ina cheantar dúchais ar bhun bliantúil, craobh a mheallann foirne ón tír seo agus ar fud an domhain.

Bronnadh Gradam an Uachtaráin ar chlann Uí Shé ar an 15 Márta 2013, mar ómós don méid atá bainte amach ag Páidí agus a dhaoine muinteartha sa Chumann Lúthchleas Gael.

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]



Ciarraí - Curaidh Peile na hÉireann 1986 - 30ú corn
1 S. Ó Niallagáin | 2 P. Ó Sé | 3 S. Breatnach | 4 M. Ó Spealáin | 5 T. Ó Dúghaill (capt.) | 6 T. Ó Spealáin | 7 G. Ó Loingsigh | 8 S. Ó Sé | 9 A. Ó Donnabháin | 10 L. Ó Meachair | 11 D. Ó Moráin | 12 P. Ó Spealáin | 13 M. Mac Síthigh | 14 E. Liostún | 15 G. de Paor | Fir ionaid T. Ó Dúda | Bainisteoir: M. Ó Duibhir