Cuireadh na Nollag

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is Cuireadh na Nollag ann ná creideamh traidisiúnta Éireannach a bhaineann leis an mbás, i gCorca Dhuibhne go háirithe. Deirtear faoi dhuine a fhaigheann bás idir dhá Nollaig gur cuireadh na Nollag atá faighte acu. Chreidtí go raibh naofacht ag roinnt leis an mbás a tharla idir an dá Nollaig agus go dtógfaí an té a fuair cuireadh na Nollag cruinn díreach isteach i ríocht Dé.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Louis de Paor (eag.) (2014). "Miorúilt an Pharóiste". Cló Iar-Chonnacht.