Tomás Ó Flatharta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTomás Ó Flatharta
Beathaisnéis
BreithContae Chiarraí Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmbainisteoir sacair Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata

Iar-imreoir peile is ea Tomás Ó Flatharta. Ciarraíoch atá ann. D'imir sé le foireann Chiarraí sular ghlac sé post ina bhainisteoir ar Chontae na hIarmhí idir na blianta 2005 agus 2009. B'é laoch eile na Ríochta Páidí Ó Sé a thug post dó ar fhoireann bhainisteoireachta an chontae don chéad uair sa bhliain 2003, agus tháinig sé isteach ina áit nuair a d'éirigh Ó Sé as dhá bhliain ina dhiaidh sin. Bhí tús maith ag Ó Flatharta ina ghairmréim bhainisteoireachta nuair a shroich an Iarmhí cluiche ceathrú ceannais na hÉireann sa bhliain 2006. Sa bhliain 2008, bhuaigh an contae Roinn 2 sa tSraith Náisiúnta, agus ba bheag nach bhfuair siad an ceann is fearr ar Bhaile Átha Cliath agus Tír Eoghain sa Chraobh.

Ba dhrochbhliain é 2009 don chontae, áfach. Ní raibh bua ar bith acu sa tsraith agus chlis siad in aghaidh Chontae na Mí sa chraobh. D'éirigh Ó Flatharta as a phost mar thoradh.