Gearóid de Paor

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gearóid de Paor
Kerrycocologo.png
Eolas pearsanta
Spórt Peil Ghaelach
Ainm Béarla Gerard Power
Dáta breithe 27 Meitheamh, 1952
Dáta báis
Áit bhreithe Áth na Coite, Contae Luimnigh
Airde
Leasainm Ger
Eolas club
Club Aibhistín de Staic
Ionad Leath thosaí
Club(anna)
Club Bliain Cluichí (pointí)
Aibhistín de Staic 1970idí - 1980idí
Idirchontae
Contae Ciarraí
Ionad Leath thosaí
Torthaí
Contae Bliain Cluichí (pointí)
Ciarraí 1975 - 1986
Duaiseanna
Craobh Cúige Mumhan 11
Craobh Peil Sinsearach na hÉireann 7
Sárimreoirí 6

Iar-dhuine spóirt Éireannach é Gearóid "Ger" de Paor (Béarla: Gerard "Ger" Power) a bhí ina pheileadóir Ghaelach leis an gclub Aibhistín de Staic i gContae Chiarraí agus foireann sinsir Ciarraí.

Luathshaol[athraigh | edit source]

In Áth na Coite, Contae Luimnigh a tháinig Ger de Paor ar an saol ar an 27 Meitheamh, 1952. Bhíodh a athair Jackie ag obair ann le C.I.É., ach bhí air bogadh go dtí Trá Lí i gContae Chiarraí seachtain amháin tar éis breith a mhac. Fear mór spóirt eile a bhí ina athair chomh maith, iománaí rathúil le Luimneach sna 1930idí agus na 1940idí, le Craobh na hÉireann buaite aige sna blianta 1934, 1936 agus 1940. Ní ba dhéanaí ina shaol, d'imir Jackie le Contae Chiarraí freisin, agus deirtear go raibh tionchar mór é ar a mhac. Nuair a thosaigh Ger a ghairmréim idir-chontae fhéin, ba leis an fhoireann iomána Chiarraí faoi-16. Tar éis tamaill beag, ámh, rith sé leis gurb í an pheil a bhí níos tábhachtaí do mhuintir Chiarraí.

Gairmréim[athraigh | edit source]

Club[athraigh | edit source]

D'imir an Paorach a chuid peile leis an gclub iomráiteach Aibhistín de Staic i dTrá Lí. Thaispeán sé an sárchumas a bhí aige ag aois óg, ag buachaint craobh an chontae leo ag leibhéal faoi-16. Ó shin amach, bhuaigh de Paor seacht mbonn leis an bhfoireann sinsireach, idir na seachtóidí agus na hochtóidí. Ina theannta sin, bhuaigh sé craobh uile-Éireann amháin sa bhliain 1977.

Contae[athraigh | edit source]

Chaith de Paor dhá bhliain le foireann mionúir Chiarraí, agus b'eisean a bhí ina chaptaen orthu nuair a chaill siad cluiche ceannais na hÉireann in aghaidh na Gaillimhe sa bhliain 1970. Ina shinsir dó, bhí áit aige sa scuaid Chiarraí a chaill in athimirt in aghaidh Uíbh Fhaillí sa bhliain 1972, mar fhear ionaid. I rith an tréimhse chéanna, d'imir sé ag leibhéal faoi-21 ar feadh trí bliana chomh maith, ag buachaint bonn uile-Éireann sa bhliain 1973. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, sa bhliain 1975, bhí séasúr an-rathúil ag de Paor leis an bhfoireann sinsearach. Bhain sé a chéad craobh na Mumhan agus Craobh na hÉireann amach na bliana seo, faoi bhainisteoireacht an fhir nua Mícheál Ó Duibhir. Ba thús é le ré glórmhar nua d'fhoireann Chiarraí, agus bhí ról tábhachtach ag de Paor sa cháil nua.

Sa bhliain 1976, bhailigh de Paor a dhara Chraobh na Mumhan. Theip ar Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann, áfach, nuair a bhain Baile Átha Cliath díoltas amach don chailleadh na bliana roimhe sin. Bliain bhocht a bhí inti arís don Ríocht sa bhliain 1977, nuair a tháinig siad slán as Cúige Mumhan ach chuir na Dubs stad leo arís, i gcluiche leathcheannais den scoth an babhta seo. Nuair a tháinig 1978, bhí an Ríocht réidh le cáil a bhaint amach. Bhí bua éasca acu i gCrobh na Mumhan, agus sheol siad gan stró isteach sa chluiche deiridh chun aghaidh a thabhairt ar lucht na príomhchathrach arís. Cuimhnítear an cluiche féin inniu mar gheall ar an gcúl dalba a d'aimsigh Mícheál Mac Síthigh nuair a labáil sé an liathróid thar ceann Paddy Cullen i gcúl Bhaile Átha Cliath. Bhí an ceann is fearr ag Ciarraí sa deireadh, le scór deiridh cuimsitheach 5-11 go dtí 0-9, agus bhí a dhara bhonn uile-Éireann buaite ag de Paor. Bhuail na foirne chéanna le chéile arís sa bhliain 1979 sa chluiche mór, ach bhí de Paor in easnamh de bharr ghortú (teannán na hioscaide). In ainneoin an díoma sealadach seo, bhí de Paor ag imirt i mbarr a mhaitheasa sna chluichí seo, le ollscóir 2-6 gnóthaithe aige i gcoinne Corcaigh i gcluiche ceannais na Mumhan.

Le buanna in éadan Ros Comáin agus Uíbh Fhaillí sna blianta 1980 agus 1981, mhéadaigh bailiúchán bhoinn de Paor go dtí cúig. Bhí sé ina chaptaen ar an fhoireann sa bhliain 1980, ach bhí air éirí as an gcluiche de bharr ghortú. Bhuaigh Ciarraí Craobh na Mumhan arís sa bhliain 1982, an t-ochtú gcinn don Phaorach. Le Ciarraí slán isteach sa chluiche ceannais arís, bhí seans acu a bheith ina gcéad foireann a bhuaigh cúig chraobh i ndiaidh a gcéile. Bhí Uíbh Fhaillí ós a gcomhair arís, agus bhí an Ríocht go compórdach chun cinn le dhá chúilín idir na foirne le dhá nóiméad fágtha. Ní raibh an cluiche thart ar chor ar bith, áfach. Sheol Uíbh Fhaillí Séamus Darby, an fear ionaid, chun páirce beagnach i ngan fhios d´éinne, agus scóráil sé cúl iontais chun an corn a ghoid dóibh. Ní raibh Ciarraí ábalta scór eile a aimsiú chun an cluiche a chothromú, agus bhí an lá ag lucht ó lár na tíre.

Bhí an Ríocht in ísle brí fós sa bhliain 1983, nuair a chuir Corcaigh deireadh leis a naoiú gCraobh Mumhan i ndiaidh a gcéile. Bhí foireann an Phaoraigh cloíte an babhta seo, ach phreab siad ar ais sna blianta 1984 agus 1985, le dhá bhua thar Bhaile Átha Cliath chun craobh uile-Éireann a bhuachaint. Sa bhliain 1986, bhailigh de Paor a thriú bhonn uile-Éireann i ndiaidh a gcéile le bua réasúnta compórdach in aghaidh Tír Eoghain. B'é shin a sheachtú bonn uile-Éireann. Sa iomlán, bhuaigh Ger de Paor aon bhonn déag i gCraobh na Muman. D'imir sé i naoi gcluiche ceannis na hÉireann, le bua i seacht gcinn astu. Bhí cáil aige i gCorn an Iarnróid chomh maith le foireann na Mumhan, ag buachaint coirn sna blianta 1975, 1976, 1977, 1978, 1981 agus 1982. Honóracha eile a bhronnadh air ná ceithre bhonn sa tSraith Peile Náisiúnta (1974, 1977, 1982 agus 1984) agus sé duais Sárimreoirí na Bliana.

Saol pearsanta[athraigh | edit source]

Agus é éirithe as an imirt, chaith de Paor a am saor ag imirt gailf agus ag cabhrú le foireann iomána Chiarraí. Tá sé pósta le Patsy, le mac amháin Gary agus iníon amháin Jane. Cailleadh Jane de Paor, áfach, ar an 15 Deireadh Fómhair 2007, agus í cúig bliana is scór d'aois. Leoicéime a bhí cúis leis. D'eagraigh Ger de Paor tiomsaitheoir airgid i gClub Gailf Trá Lí ar an 5 Iúil 2008, chun airgead a bhailiú do trí oispidéal i gcuimhe uirthi.



Ciarraí - Curaidh Peile na hÉireann 1986 - 30ú corn
1 S. Ó Niallagáin | 2 P. Ó Sé | 3 S. Breatnach | 4 M. Ó Spealáin | 5 T. Ó Dúghaill (capt.) | 6 T. Ó Spealáin | 7 G. Ó Loingsigh | 8 S. Ó Sé | 9 A. Ó Donnabháin | 10 L. Ó Meachair | 11 D. Ó Moráin | 12 P. Ó Spealáin | 13 M. Mac Síthigh | 14 E. Liostún | 15 G. de Paor | Fir ionaid T. Ó Dúda | Bainisteoir: M. Ó Duibhir